Skip to content
Glaoigh orainn/Call us: +353 (0) 1 478 3814
star Ciseán 0

Úna Ní Fhaircheallaigh agus an Fhís Útóipeach Gaelach

.5 KG:

Arlen House

Ríona Nic Congáil

Praghas

20.00

Cur síos

Atheagrán 2023 faoi chlúdach bog.

Saothar é a dhéanann athbhreithniú ar an meon a spreag giniúint agus fás ghluaiseacht na hathbheochanna in Éirinn ó aimsir an fin de siècle ar aghaidh. Trí staidéar beathnaisnéiseach a dhéanamh ar Úna Ní Fhaircheallaigh, an bhean ba theanntásaí i saol na Gaeilge i rith na tréimhse sin, tugtar léargas úr ar thionchar na n-óg ar athbheochan na Gaeilge, agus déantar athléamh ar fheidhm agus ar thábhacht na mban sa ghluaiseacht úd, bíodh an litríocht, an spórt, cúrsaí léinn, cúrsaí polaitíochta, nó feachtais ar son na cothromaíochta inscnei gceist.

Léirítear tionchar smaointeachas an útóipeachais – a raibh borradh faoi sa naoú haois déag – ar lucht na hathbheochana agus déantar scagadh ar an gcineál útóipeachais, mar atá, an fhís útóipeach Ghaelach, a ghríosaigh leasaitheoirí sóisialta an Náisiúnachais chultúrtha chun cúl a thabhairt le stair ghránna an naoú haois déag agus chun malairt todhchaí a shamhlú agus a chur chun cinn in Éirinn san fhichiú haois.

Féach freisin: An Óige agus an Athbheochan

Eolas breise

Meáchan .5 kg