Skip to content
Glaoigh orainn/Call us: +353 (0) 1 478 3814
star Ciseán 0

Teagmháil

Uaireanta Oscailte

Féach an fógra ar siopaleabhar.com (príomhleathanach) maidir le huaireanta oscailte le linn na paindéime.

Seoladh poist:

An Siopa Leabhar
6 Sráid Fhearchair
Baile Átha Cliath 2
D02VH98
ÉIRE

Rphost agus fón

siopa@cnag.ie

+353 (0)1 478 3814

Na meáin shóisialta

Facebook | Twitter | Instagram


Ceist agat orainn?

Cuir rphost chugainn ag siopa@cnag.ie má tá eolas nó moltaí uait. Féach na ceisteanna coitianta thíos ar dtús – seans go bhfuil cuid den bhfreagra ansin.

Ceisteanna Coitianta

An nglacann sibh le híocaíochtaí cárta?

Glacann, sa Siopa féin agus thar an bhfón.

An nglacann sibh le National Book Tokens?

Glacann, sa Siopa féin, tríd an rphost agus thar an bhfón.

An nglacann sibh le dearbháin One4All?

Glacann! Is féidir linn glacadh leo sa Siopa féin, ach ní ar an suíomh idirlín seo. Cuir rphost chugainn le do roghanna a phlé, chuig siopa@cnag.ie. Cinntigh go bhfuil a fhios agat cé mhéad atá fágtha ar an dearbhán sula dtagann tú chuig an gcuntar; níl bealach againne chun é sin a sheiceáil.

Conas is féidir liom eolas a fháil faoi na himeachtaí a bhíonn ar siúl sa Siopa?

Cuirtear eolas ar na meáin shóisialta (Twitter / Instagram / Facebook) agus crochtar póstaeir sa Siopa nuair is féidir.

An mbíonn ranganna Gaeilge agaibh?

Ní bhíonn ranganna ag an Siopa, ach bíonn cúrsaí Gaeilge á reáchtáil ag Conradh na Gaeilge féin. Féach a shuíomh idirlín dá thuilleadh eolais.

An gceannóidh sibh mo leabhar?

Tá dornán gnáthdháileoirí ag an Siopa Leabhar agus b’fhearr go bhféadfaí leabhair a fháil sa tslí sin. Déantar cinneadh faoi shaothair fhéinfhoilsithe nó saothair a bhfuil dáileoir eile i gceist leo de réir mar is cuí, ag brath ar an leabhar. Má tá leabhar foilsithe agat agus más maith leat cóipeanna a dhíol leis an Siopa, tar i dteagmháil linn.

Más ag féinfhoilsiú atá tú, tabhair faoi deara le do thoil gur nós do shiopaí i gcoitinne lascaine a iarraidh ar leabhair nó ar earra ar bith a dhíoltar. Táimid lánsásta é sin a phlé leat má thagann tú i dteagmháil linn.

An féidir liom leabhar a sheoladh sa Siopa Leabhar?

Is minic a bhíonn seoltaí leabhar agus imeachtaí eile liteartha ar siúl againn sa Siopa. Más maith leat leabhar a sheoladh sa Siopa, tar i dteagmháil linn!

Is nós don Siopa a bheith i bhfeighil na ndíolachán don leabhar atá á sheoladh. Má thagann tú chugainn ag iarraidh an Siopa a chur in áirithe, tuigfear dúinn go nglacann tú leis an méid sin.

Glacann an Siopa Leabhar de réir mar a bhíonn an áit agus foireann ar fáil, i measc nithe eile a d’fhéadfadh tionchar a imirt ar an sceideal.

An féidir libh x, y, z a fhoilsiú?

Ní eisíonn An Siopa Leabhar aon fhoilseacháin ná ní bhíonn aon chumhacht ag an Siopa Leabhar ar a bhfoilsítear sa Ghaeilge. Má fheiceann tú bearna sa mhargadh, is fearr teagmháil a dhéanamh le pé foilsitheoir(í) a d’oirfeadh don togra.

An mbíonn leabhair athláimhe ag An Siopa Leabhar?

Ó thús 2020 tá An Siopa Leabhar ag plé le leabhair athláimhe / leabhair dara láimhe. Cuirimid sampla dóibh sin thuas i rannóg na leabhar athláimhe ar an suíomh seo.  

Tar i dteagmháil linn más maith leat saothair athláimhe a phlé linn. Iarrfaimid ort íomhá(nna) a chur ar fáil dúinn den ábhar athláimhe agus ní ghlacfar le saothair nach bhfuil i riocht indíolta, e.g. seans nach nglacfar le saothair gan chlúdach, nó má bhíonn leathanaigh ag titim as a chéile. Beidh le feiceáil agus le meas!

Tá spéis ar leith againn i leabhair i nGaeilge, agus glacaimid le leabhair sna teangacha eile Ceilteacha (agus i dteangacha eile fós má bhaineann siad leis an nGaeilge nó leis an tír).

Cá bhfuil An Siopa Leabhar?