Skip to content
Glaoigh orainn/Call us: +353 (0) 1 478 3814

I mBéal an Phobail

Míreanna Mearaí Cairtchláir A3 – Na Lochlainnaigh

Mireanna mearaí cairtchláír A3 a leiríonn cúrsaí taistil na lochlainnaigh

Prionta A4 – Samhlaíocht | Carn leabhar (Nine Arrow)

Prionta A4 le NineArrow. Níl fráma leis. Tá cairtchlár tiubh taobh thiar de.

Míreanna Mearaí Adhmaid – Cruimhíní

Míreanna mearaí adhmaid, cruimheanna beaga bídeacha! Aois 3+ Ó bholb go féileacán, bóín Dé agus beach – seo cuid de na cruimhíní a fheictear sa ghairdín.

**Réamhordú – Bealtaine 2024** Bran – Bréagán agus Leabhar i mBosca

Bréagán beag bog agus leabhar le chéile. Toisí an bhréagáin: 6x4x3 orlach. #SpraoiLeBran

That Place we Call Home

Leabhar Béarla le John Creedon mar gheall ar logainmneacha na hÉireann.

Míreanna Mearaí Adhmaid – Sa Bhaile

Seit blocanna adhmaid a thagann le chéile chun suíomh baile a chruthú, agus stór focal Gaeilge ar na blocanna. Déanta ag Alphabet Jigsaws.

Listen to the Land Speak – A journey into the Wisdom of what lies Beneath Us

Leabhar le húdar ‘Thirty-Two Words for Field’ agus ‘Tree Dogs, Banshee Fingers and other words for Nature’.

Prionta A4 – Bród (NineArrow)

Prionta A4 le NineArrow.

Prionta A4 – Sliogáin Mhara na hÉireann (Nine Arrow)

Prionta A4 le Nine Arrow de shliogáin mhara choitianta na hÉireann.

Míreanna Mearaí Adhmaid – Contaetha na hÉireann (Éire) Ildaite

Míreanna mearaí déanta as adhmaid. Contaetha na tíre ar bhlocanna beaga adhmaid, ar féidir iad a bhaint dá chéile nó a chur ar ais san áit cheart. Oiriúnach do pháistí in aois 5+.

Thirty-Two Words for Field – Lost words of the Irish landscape

Saothar le Manchán Magan (i mBéarla) faoi théarmaí Gaeilge.

Prionta A4 – Aibítir | Cló Gaelach (Nine Arrow)

Prionta A4: an aibítir sa chló Gaelach, deartha ag Nine Arrow. Níl fráma leis.

An File Mícheál Ó Gaoithín – The Blasket Painter – Selected and Introduced by Maria Simonds-Gooding

Leabhar faoi sceitseanna agus obair phéinteála a rinne Mícheál ‘An File’ Ó Gaoithín.

Míreanna Mearaí Adhmaid – Dathanna (Bogha Báistí/Tuar Ceatha)

Míreanna Mearaí Adhmaid: Dathanna (Bogha Báistí/Tuar Ceatha). Na dathanna atá san áireamh sa seit seo: dubh, bán, bándearg, donn, liath, corcra, gorm, glas, buí, oráiste agus dearg.

Míreanna Mearaí Adhmaid – An Siopa – Uimhreacha

Míreanna mearaí adhmaid – sa siopa! Aois 3+

Míreanna Mearaí Adhmaid – Ainmhithe Feirme

Is breá le feirmeoirí óga na Míreanna mearaí adhmaid. Is féidir feirm bheag a dheanamh leis an seacht n-ainmhí nó iad a chur le chéile mar aonad iomlán. Is bréagán iontach, láidir iad seo do lámha beaga agus do dhaoine ag foghlaim an teanga. Tá cuma alainn air leis!

Míreanna Mearaí Adhmaid – Amuigh Faoin Spéir

Seit blocanna beaga adhmaid ar féidir iad a chur le chéile nó a bhaint dá chéile.

Dormitio Virginis (ar athláimh)

Paolo Marletta a scríobh. Arna aistriú ag Máire Nic Mhaoláin. Coiscéim, 1985. Clúdach bog, riocht an-mhaith

Cois Máighe na gCaor (ar athláimh)

Mainchín Seoighe. Foilseacháin Náisiúnta Teoranta, An Chéad Chló, 1965. Clúdach crua le forchlúdach, i riocht cuibheasach maith. Forchlúdach caite ar na himill, smál air. Ruachan agus smál ar na leathanaigh ceangail. Dorchú ar na leathanaigh. Síniú an iar-úinéara laistigh.

Rógaire Easpaig (ar athláimh)

Odhrán Ó Duáin, O.F.M. Foilseacháin Náisiúnta Teoranta, An Chéad Chló 1975. Clúdach crua le forchlúdach, i riocht maith. Forchlúdach beagáinín caite agus smál air. Síniú an iar-úinéara laistigh.

Cnámha sgéal na nUghdar (ar athláimh)

Leabhrán, clúdach bog. An Press Náisiúnta. Liam Ó Riain. Riocht an-mhaith.

Cloch Choirnéil agus Dánta Eile (ar athláimh)

Máirtín Ó Direáin. An Clóchomhar Tta., 1966. Clúdach bog, riocht maith. Dath an chlúdaigh ídithe, smál air, droim caite. Ainm an iar-úinéara scríofa taobh istigh. Dorchú ar na leathanaigh.

Scéal na Scannán (ar athláimh)

Proinsias Ó Conluain. Oifig an tSoláthair, 1953. Clúdach crua, gan forchlúdach. Riocht maith. Dath an droma ídithe/dath ídithe ar barr. Smál/marcanna ar an chlúdach. Spotaí ar an taobh.

Sean-Eoin (le forchlúdach) (ar athláimh)

Clúdach crua, forchlúdach leis. Máirín Ní Chriagáin a scríobh, Tomás Ó Faoláin a d’aistrigh. Oifig an tSoláthair 1938, eagrán nua 1974. Jack B. Yeats a rinne na pictiúir. Cóip iar-leabharlainne, rian de leathanach leabharlainne a baineadh amach chun tosaigh, stampaí leabharlainne air.

Foclóir Gaeilge-Béarla (ar athláimh)

An Litriú Caighdeánach. Máiréad Ní Ghráda a chuir le chéile. Longmans, Brún agus Ó Nualláin. Gan dáta. Clúdach bog, riocht maith.

Treasa Bheag don Aos Óg – Histoire de Ste Thérèse de l’enfant-Jésus (ar athláimh)

Clúdach crua, forchlúdach leis. Riocht an-mhaith. Léaráidí dubh agus bán.

Le Clap-Sholus [1967, crua] (ar athláimh)

Dath ídithe ar an droim agus ar an gclúdach. Smál ar na leathanaigh ceangail. Cluaisín beag cait ar leathanach amháin. Focal scríofa ar an gcéad leathanach. Oifig an tSoláthair. Máire, Séamus Ó Grianna. 1967. 293 lth. De réir comhaontú leis an té a thug na leabhair seo dúinn, tá an praghas díolta ar an leabhar…

The Developing World Geography One – Man Alone (ar athláimh)

S. Crawford. Longman, 1970. Clúdach bog, riocht maith. Cúpla smál ar an chlúdach. Na leathanaigh an-ghlan.

De Valera – I (ar athláimh)

Clúdach crua, an chéad chló 1968. Riocht maith. Tomás Ó Néill, Pádraig Ó Fiannachta.

Beannachtaí ón Oileán Tiar (ar athláimh)

Muiris Mac Conghail, The Wynkyn de Worde Society. 1984. Clúdach bog le forchlúdach. Dath an fhorchlúdaigh ídithe beaganín. Riocht an-mhaith. Bloc téacs an-ghlan.

The Best of Tone (ar athláimh)

Curtha in eagar ag Proinsias Mac Aonghusa agus Liam Ó Réagáin. The Mercier Press, 1972. Clúdach bog, riocht maith go leor. Dorchú ar an droim, smáil ar an chlúdach agus taobh. Bloc téacs an-ghlan.

James Larkin – Lion of the Fold (ar athláimh)

Curtha in eagar ag Donal Nevin. Gill & Macmillan, 1998. Clúdach bog, richt maith. Cúpla smál beag ar an chlúdach. Bloc téacs an-ghlan.

The Sovereign People – Pamphlet 4 (ar athláimh)

Paimfléad 4, Pobal Teoranta, 1970idí. Riocht maith.

Maeldún (ar athláimh)

Diarmaid Ó Súilleabháin. Sáirséal agus Dill, an chéad chló 1972. Clúdach crua, riocht an-mhaith. Cúpla smál an-bheag air. Bloc téacs an-ghlan.

Cúlú na Rianach (ar athláimh)

Seán Ó Mulláin. Cló U´Mheára, 1960. Clúdach bog, riocht maith. Smál ar an chlúdach. Dorchú ar na leathanaigh.

Fuine Gréine (ar athláimh)

Pádhraic Óg Ó Conaire. Sáirséal agus Dill. An Chéad Chló, 1967. Clúdach crua le forchlúdach plaisteach. Riocht an-mhaith. Leabhar crua féin an-ghlan, bloc téacs an-ghlan. Spotaí ar an taobh.

Dialann Oilithrigh (ar athláimh)

Nó Cuntas an Fhile air Féin. Donnchadh Ó Céileachair. Sáirséal agus Dill, an chéad cló 1953. Clúdach crua, gan forchlúdach. Riocht maith. Dath ídithe ar an droim agus clúdach. Cúinní caite agus marcanna ar an chlúdach. Dorchú agus spotaí ar an taobh. Ainm an iar-úinéir taobh istigh agus dorchú ar na leathanaigh.

Leabhair Scoile

Bunscoil

Meánscoil