Skip to content
Glaoigh orainn/Call us: +353 (0) 1 478 3814
star Ciseán 0

An Barr Bua

0.5 KG:

Praghas

15.00

Tá stoc againn

Catagóir:

Cur síos

Sa bhliain 1912 gealladh go mbeadh rialtas dá cuid féin ag Éirinn faoi dheireadh. Ba léir go raibh athrú i ndán don tír, agus shíl Pádraic Mac Piarais gur mhithid do lucht na Gaeilge dul isteach i gcúrsaí polaitíochta. Chuir sé tús le páipéir nua Gaeilge, An Barr Bua. Tháinig Gaeil thréitheacha eile leis san iarracht, agus chuir siad ábhar spreagúil machnaimh ar fáil gach seachtain. Bhunaigh siad Cumann na Saoirse chun cuidiú leis an obair.

Ba bheag acmhainní a bhí acu, áfach, seachas díograis, fonn agus féith an ghrinn. Cé nár mhair an páipéir ach trí mhí, d’fhág sé lorg mór. Is foinse riachtanach é le forbairt pholaitiúil an Phiarsaigh go háirithe a thuiscint. Thug an páipéar le chéile daoine a throidfeadh gualainn ar ghualainn i 1916. Chuir beirt díobh ainm le forógra na Poblachta, maraíodhcúigear acu de bharr páirt a ghlacadh san éirí amach.

Cuirtear An Barr Bua ar fáil anseo ina iomláine den chéad uair, maille le nótaí cuimsitheach agus réamhrá ag cur síos ar a chomhtheacs. Léargas breise as an ngnáth a thabharfaidh sé ar an bPiarsach, ar pholaitíocht na linne, agus ar iriseoireacht na Gaeilge

Eolas breise

Meáchan 0.5 kg