Skip to content
Glaoigh orainn/Call us: +353 (0) 1 478 3814
star Ciseán 0

An Síol a Cuireadh sa tSneachta

0.37 KG:

Cumann Caide na Gaeltachta

Seán Mac an tSíthigh

Praghas

13.00

Tá stoc againn

Cur síos

Dúluachair na blina 1969 thug buíon imreoirí caide ó Chorca Dhuibhne fé aistear éachtach, 320 míle bóthair trí shneachta agus trí shioc i seana-chrac de bhus, chun cluiche dúshláin a imirt i nGaoth Dobhair, Co. Dhún na nGall. As an gcairdeas a d’fhás, agus as an gcleamhnas a deineadh idir dhá phobal Gaeltachta le linn an turais sin a shíolraigh Comórtas Peile na Gaeltachta, féile atá ar cheann des na himeachtaí cultúrtha is mó agus is tábhachtaí sa tír anois.

Sa leabhar seo gheobhair éachtaint ghlé ar laethanta luaithe an Chomórtais, cuntas ar na cúinsí agus na pearsana a thiomáin an ghluaiseacht peile agus pobail seo, mar aon le cuimhní cinn iar-imreoirí agus lucht leanta dílis. Tá léargas le fáil ar fhís, ar fhealsúnacht agus ar ghaisce na gceannródaithe a chuir tús le Comórtas Peile na Gaeltachta, agus tá blaiseadh nn den spraoi, den scléip agus den gcomhluadar a bhíonn i gcroílár na n-imeachtaí i gcónaí agus a chinntíonn gur saibhrede agus gur buaine pobal na Gaeltachta dá bharr.

Eolas breise

Meáchan 0.37 kg