Skip to content
Glaoigh orainn/Call us: +353 (0) 1 478 3814
star Ciseán 0

Cú Uladh: Scéal Chú Chulainn

0.5 KG:

Gael Linn

Réamonn Ó Ciaráin

Praghas

20.00

As stoc

Catagóirí: ,

Cur síos

Ó mhórchorpas na Rúraíochta a thagann scéalta an leabhair ealaíonta seo. Insíonn Cú Uladh scéal Chúchulainn, ó choimpeart go bás. San athinsint dhílis seo i gcanúint Uladh, tá cuid de réamhscéalta na Tána agus Táin Bó Cuailgne í féin. Tá an téacs an-chumhachtach agus soléite. Sa 7ú céad a scríobh manaigh an béaloideas ársa seo ar phár den chéad uair. Bhí féith na cumadóireachta iontu siúd a bhreac síos na scéalta agus eolas maith acu ar an cheantar inar tharla na heachtraí eipiciúla seo. Dála na manach léannta sin, tá saineolas ar an cheantar seo, seanUlaidh go príomha, ag údar Laoch na Laochra, Réamonn Ó Ciaráin, agus ag an ealaíontóir, Dara Vallely, ós den cheantar sin iad ar aon. Is siombail chumhachtach é Cúchulainn den chrógacht, den dílseacht, d’ealaíontacht na troda, den áilleacht agus d’éirim intinne. Tá spiorad Chúchulainn i ndiaidh laochra, réabhlóidithe, lucht éigse, lucht spóirt agus ceannairí a spreagadh le breis agus míle bliain in Éirinn.

Eolas breise

Meáchan 0.5 kg