Skip to content
Glaoigh orainn/Call us: +353 (0) 1 478 3814
star Ciseán 0

Cuairt na Cruinne in Ochtó Lá (Around the World in Eighty Days)

0.5 KG:

Evertype

Jules Verne

9781904808152

Praghas

19.95

Cur síos

Chuir Tadhg Ó Donnchadha Gaeilge ar Le tour du monde en quatre vingt jours le Jules Verne go luath i bhfichidí na fichiú haoise, bíodh nár foilsíodh an t-aistriúchán Gaeilge i bhfoirm leabhar go dtí 1938 agus Cuaird an Domhain i gCeithre Fichid Lá mar theideal air. Is sa chló Gaelach agus i seanlitriú a bhí eagrán 1938. Bhuail Nicholas Williams an cló Rómhánach agus an litriú caighdeánach anuas ar leagan Thorna chun é a chur in oiriúint do léitheoirí an lae inniu.

Is nós le Torna ina aistriúchán figiúirí fada a scríobh amach i bhfocail; chuir Williams uimhreacha in áit a leithéidí, mar shampla £2,000 atá san eagrán seo in ionad ‘dhá mhíle punt’ i mbunleagan Thorna. Cé go bhfuil an teicneolaíocht atá mar bhonn le taisteal Philéas Fogg timpeall an domhain sa leabhar as dáta le fada an lá, ní rachaidh téama an úrscéil, an geall a leagadh agus an rás in aghaidh na haimsire, as dáta go deo, agus tá súil ag Williams go mbainfidh an gnáthléitheoir taitneamh as an eagrán nua seo.

Léaráidí le Alphonse-Marie de Neuville agus Léon Benett (1873). Aistrithe go Gaeilge ag Tadhg Ó Donnchadha (Torna), in eagar agus cóirithe ag Nicholas Williams.

Eolas breise

Meáchan 0.5 kg