Fatwa
0.25 KG:
Coiscéim
Proinsias Mac a' Bhaird
6660012190607
€7.50
Fatwa le Proinsias Mac a’ Bhaird.
Tá stoc againn
Cur síos
Scríbhneoir Gaeilge ar thóir léitheoirí atá i gCormac Mac Ruairí.
Tagann sé ar sheift ghlic le suim an phobail a mhúscailt i litríocht na Gaeilge, agus, ar ndóigh, le níos mó leabhar dá chuid féin a dhíol.
Ní fada, áfach, go dtarraingíonn an leabhar is úire ona pheann aird antoiscigh Mhoslamacha. An dtiocfaidh éinne slán ón slad a thitfidh amach ar oileán dúchais an údair?
Tógann Mac a’ Bhaird muid ar thuras bríomhar eachtrúil ó Bhaile Átha Cliath go dtí an Libia agus ón Araib ársa go dtí Gaeltacht Dhún na nGall sa leabhar spleodrach seo; agus caitheann sé súil fhonóideach ar dhéithe beaga na linne seo, sa phrós snasta bríomhar sin is dual dó a chleachtadh.
Is as Árainn Mhór i dTír Chonaill do Phroinsias Mac a’ Bhaird, áit atá mar inspioraid do chuid mhaith dá shaothar. Bronnadh an chéad duais i gComórtas Liteartha an Oireachtais ar an dá úrscéal dheireanachau Run an Bhonnáin (LeabharCOMHAR, 2010) agus Tairngreacht (LeabharCOMHAR, 2018).
Bronnadh duais don Fhicsean Liteartha ar an saothar seo i gComórtas Liteartha an Oireachtais, 2019. Urraithe ag Foras na Gaeilge.
Eolas breise
Meáchan | 0.25 kg |
---|