Skip to content
Glaoigh orainn/Call us: +353 (0) 1 478 3814
star Ciseán 0

Fin de Siècle na Gaeilge (ar athláimh)

0.5 KG:

Praghas

10.00

As stoc

SKU: MBNF-6-FIND Catagóir: Clibeanna: , ,

Cur síos

Is saothar ceannródaíoch é Fin de Siècle na Gaeilge a dhéanann mionléamh íogair, idirdhisciplíneach ar stair intleachtúil dhioscúrsa na Gaeilge sa tréimhse sin idir deireadh an naoú haois déag agus tús an fichú haois ar a dtugtar an fin de siècle. Mínítear anseo an chaoi a ndeachaigh an fin de siècle Eorpach i bhfeidhm go smior ar Athbheochan na Gaeilge agus an chaoi ar mhúnlaigh tuiscintí conspóideacha Charles Darwin idir idé-eolaíocht, chultúr, theanga agus litríocht í. Tugtar mórthéamaí na linne – meathlú, díothú ciníocha, meascadh agus truailliú fola agus cros-síolrú – chun solais i dtéarmaí na Gaeilge trí anailís a dhéanamh ar chonspóidí móra na hAthbheochana: an cló, na canúintí, an litriú, an ghramadach agus an t-úrscéal.

Brian Ó Conchubhair. An Clóchomhar, Cló Iar-Chonnacht 2009. Clúdach crua, forchlúdach leis, riocht an-mhaith.

Eolas breise

Meáchan 0.5 kg