Skip to content
Glaoigh orainn/Call us: +353 (0) 1 478 3814
star Ciseán 0

Idir Muir agus Sliabh – Traditional Irish Songs (Dlúthdhiosca ceoil)

.3 KG:

Cló Iar-Chonnacht

Diane Ní Chanainn

Praghas

15.00

Cur síos

Tógadh Diane Ní Chanainn i dteaghlach a raibh an ceol lárnach ann riamh. Bhí ceol ar an teallach agus ag a muintir ar fad ar a ndá thaobh. Chuir sí suim i ngach cineál ceoil idir cheol uirlíse agus amhránaíocht. D’fhoghlaim sí an fhideal ó Phroinsias Ó Maonaigh agus bíonn sí ag gabháil di i gcónaí. Is ceoltóir breá í a níon Kelly fosta agus tá suim aicise sa tseancheol Gaeilge chomh maith lena máthair. Thug Diane léi príomdhuais an Oireachtais i gcomórtas sinearach na mban don amhránaíocht ar an sean-nós sa bhliain 2015.

Le blianta anuas, tá sí ag déanamh staidéir ar na hamhráin as a ceantar féin agus tá suim mhór aici iontu. Tá amhráin áirithe ann a cheoltar go minic agus go mbíonn siad ar bharr an liosta i gcónaí ag ceoltóirí an cheantair. Tá amhráin eile ann, mar sin féin, agus is annamh a chluintear iad. Amhráin áitiúla iad go minic nó leaganacha áitiúla d’amhráin atá coitianta ar fud na tíre ach nach mbíon nleagan Thír Chonaill le cluinstin ach go hannamh.

As Mín Lárach máthair Diane, ceann de na croícheantair is láidre Gaeltachta sa tír faoi láthair, agus as na cnoic, Mín na Craoibhe, a hathair John, a bhfuil cáil air de bharr a rannpháitíocht sa ghrúpa na Clubmen. An leagan den ‘Draighneán Donn’ a thuill an duais di sa nOireachtas, baineann sé le Toraigh ach níl an ceol sin ar eolas ag mórán daoine cé gur álainn an fonn é.

Tá borradh mór faoi chúrsaí ceoil agus amhránaíochta sa Ghaeltacht le tamall agus cuidíonn a leithéid le suim an phobail a spreagadh ina dteanga agus ina gcultúr. Méadaíonn a ndílseacht don teanga nuair a fheiceann siad a nduine féin ar ardán.

Chomh maith le bheith ina healaíontóir, is bainisteoir í Diane i ngnoithe a muintire, Teach Tábhairne Ghaoth Dobhair ar an Fhál Charrach. Is geall le hionad pobail é an teach seo anois agus lárionad d’imeachtaí agus d’ócáidí Gaeilge sa cheantar. Bíonn oícheanta seanchais agus amhránaíochta ann go minic agus cuirtear na seancheirdeanna ar taispeáint idir amanna. Cuidíonn a leithéid le mothú a chur sa teanga agus le lucht labhartha na Gaeilge a tharraingt le chéile. Bíonn an ceol agus na hamhráin lárnach sna hócáidí seo i gcónaí. Sa tionscnamh ceoil tugtar tús áite d’amhránaíocht na Gaeilge agus d’amhrán áitiúla go háirid. Céim bheag atá inti ach céim thábhachtach leis na healaíona Gaeilge a spreagadh i gceantar atá buailte ag dífhostaíocht, ag míbhuntáiste agus ag an imirce le blianta fada. Go maire Diane a saothar agus gura buan ceolmhar i gcónaí í.
– le Lillis Ó Laoire

Liosta traiceanna:

1. Malaidh Chró Luí
2. Cnoc na Naomh
3. Úna Bheag na hÁite & Na Seomróga Feoite
4. Lough Erne’s Shore
5. A Mháithrín Dhílis
6. Bainín Mhín an Leá
7. Níl sé ‘na lá
8. Broom o’ the Cowdenknowes
9. An Draighneán Donn
10. Geaftaí Bhaile Buí
11. Mountains of Pomeroy
12. Toraigh Álainn

Eolas breise

Meáchan .3 kg