- Féach sa chiseán Ní féidir an méid sin a chur sa chiseán faoi láthair — níl ach 1 sa stoc againn agus tá 1 sa chiseán agatsa cheana.
Leabhar an Athar Eoin (ar athláimh)
0.5 KG:
€60.00
Tá stoc againn
Cur síos
Úna Ní Fhaircheallaigh, Agnes O’Farrelly, Uan Uladh. Cóip léitheoireachta; smál, dorchú, stróiceanna in an-chuid áiteanna. Smál ar an gclúdach tosaigh agus ar cúl, droim lag, brúite agus stróicthe in áiteanna. Imeall an chlúdaigh stróicthe ar bun agus ar barr. Ruachan agus smál ar na leathanaigh cheangail ag tús agus ag deireadh agus ar imeall na leathanach ar fad. Párpháipéar ag cosaint na pictiúir laistigh, atá glan. An leathanach teidil éalaithe agus leathanach amháin eile ón bhfuáil ach fós ann laistigh. Na leathanaigh glan, an bloc téacs inléite. Nótaí lámhscríofa (i bpeann luaidhe) ar chuid desna leathanaigh. Duilleachán d’Irisleabhar na Gaedhilge, mí an chéad Oireachtais (Bealtaine 1897) laistigh.
Eolas breise
Meáchan | 0.5 kg |
---|