Skip to content
Glaoigh orainn/Call us: +353 (0) 1 478 3814
star Ciseán 0

Niall Mhícheáil – Seanchaí as Rann na Feirste

.5 KG:

Pádraig Ó Baoighill, Mícheál Ó Domhnaill

6660012230204

Praghas

15.00

Cur síos

Seo scéal Néill Mhícheáil, scéal a d’fhéadfaí a inse faoi mhórán de phobal na Gaeltachta ag tús an chéid seo caite. Bhí orthu a dhul ar imirce go hAlbain agus náibhíocht a dhéanamh fá na Lodainn agus fá na Críochan, an áit a mbíodh mórán de mhuintir Thír Chonaill.
Chaith sé corradh agus caoga bliain in Albain agus ar a theacht ar ais go Rann na Feirste in 1970, shocair sé féin agus iníon a dheirféar Gracie Ghráinne Mhícheáil a dhul chuig Oireachtas na Gaeilge. Ba seo saol na suáilce anois nó bhí cuimhne ag Niall ar sheanchas a mhuintire i dTóin an Bhaile i Rann na Feirste agus chuaigh sé fein agus Gracie a sheanchas agus a dhéanamh agallaimh bheirte achan áit ó Bhaile Átha Cliath go Conamara agus go Ciarraí. Bhí sé ag 14 Oireachtas ar fad agus uair dá raibh sé ar an Cheathrú Rua, rinne comhúdar an leabhair seo taifead dá shaol ar fud na coigríche in Albain óna bhéalaithris féin.
Fear gaoil do Niall é Mícheál Ó Domhnaill a chuidigh leis an leabhar seo a chur i dtoll a chéile.

Eolas breise

Meáchan .5 kg