Stair na Síochána in Éirinn
.5 KG:
Coiscéim
Risteard Mac Annraoi
Praghas
€20.00
Cur síos
Níl aon dabht ach gur mhinic cogaíocht, ár agus sléacht le fáil i stair na hÉireann, agus is iomaí scéal ar a léithéid. Ach bhíodar ann i gcónaí a mhol slí eile don tír, slí na síochána. Má bhí uaireanta ann nár tugadh cluas dóibh, agus más annamh a dheineadh mar a mhol siad, sheas siad fód na síochána ainneoinn na n-ainneoin, ag dearbhú gurbh fhearr réiteach neamhfhoréigneach ar fhadhbanna an tsaoil ná dul i ndeabhaidh lainne.
Eolas breise
Meáchan | .5 kg |
---|