An Scéim – An Gúm 1926-2016: Cnuasach Aistí
0.5 KG:
An Gúm
Máirtín Coilféir (Eagarthóir)
978185791953
€12.00
Cur síos
Gníomh dóchais agus misnigh a bhí i mbunú an Ghúim in 1926. Bhí droch-chaoi ar an tír agus créachtaí an Chogaidh Chathartha fós ag déanamh braoin, ach ba mheabhrú é ar a thábhachtaí a bhí an Ghaeilge sa stát nua bunú na scéime chun ábhar léitheoireachta Gaeilge a chur ar fáil don phobal ag an am.
Mar chomóradh ar nócha bliain a bhunaithe, reáchtáladh comhdháil lae ar an nGúm i mí Dheireadh Fómhair 2016 sa Choláiste Ollsoile, Baile Átha Cliath.
Tá téacs iomlánaithe na gcainteanna a tugadh an lá sin ar fáil anois sa chnuasach aistí seo. Cnuasach é ina rianaítear an cúlra, an comhthéacs staire chomh maith le cuid de na héachtaí liteartha agus ealaíne, na carachtair agus na conspóidí a bhain leis an nGúm i gcaitheamh na blianta. Aistí léannta eolacha inléite iad seo le buíon scoláirí a chuireann go mór lenár dtuiscint ar an am agus ar an ábhar atá faoi chaibidil acu.
Eolas breise
Meáchan | 0.5 kg |
---|