Skip to content
Glaoigh orainn/Call us: +353 (0) 1 478 3814
star Ciseán 0

Crainn agus Toir – cur síos cuimsitheach ar chrainn agus ar thoir in Éirinn

4 KG:

Dingle Publishing

Máirín Uí Chonchubhair

9781527281301

Praghas

85.00

Catagóirí: ,

Description

Déantar cur síos cuimsitheach sa saothar seo ar chrainn agus ar thoir na hÉireann: a dtábhacht miotaseolaíochta agus topagrafaíochta, litríochta, míochaine agus béaloidis; a dtábhacht mar shiombail an dúchais agus a ról i bhforbairt na mainistreacha agus na n-eastát tar éis teacht na Normannach i leith. Lámhleabhar bunúsach é seo a chabhróidh go mór linn tairbhe agus taitneamh a bhaint as an acmhainn nádúrtha seo chun oideachais agus chun áineasa agus cuirfidh sé abhaile orainn ag an am gcéanna ár ndualgas i leith a caomhnaithe.

Is leabhar eisceachtúil iontach é a léiríonn go cuimsitheach na crainn is na toir atá ag fás in Éireann, idir na cinn atá nádúrtha dúchasach agus iad atá tugtha isteach. Ní hamháin san, ach léiríonn sé stair an fhásra seo, na cúinsí fáis ar a bhraitheann sé agus stair a scaipthe.

Cuireann Máirín an fásra seo i gcomhthéacs stair fhásra na hÉireann ag dul siar sna haeóin gheolaíochta ag miniú an baint atá ann idir gheolaíocht, ithir agus na plandaí, an fáth go bhfuil siad ann agus a d’fhorbraigh mar a dhein. Tá an scéal iomlán soiléirithe le griangrafanna agus léaráidí anótáilte go hoiriúnach.

Additional information

Meáchan 4 kg