Skip to content
Glaoigh orainn/Call us: +353 (0) 1 478 3814

I mBéal an Phobail

That Place we Call Home

Leabhar Béarla le John Creedon mar gheall ar logainmneacha na hÉireann.

Míreanna Mearaí Adhmaid – Ainmhithe Feirme

Is breá le feirmeoirí óga na Míreanna mearaí adhmaid. Is féidir feirm bheag a dheanamh leis an seacht n-ainmhí nó iad a chur le chéile mar aonad iomlán. Is bréagán iontach, láidir iad seo do lámha beaga agus do dhaoine ag foghlaim an teanga. Tá cuma alainn air leis!

Míreanna Mearaí Adhmaid – Amuigh Faoin Spéir

Seit blocanna beaga adhmaid ar féidir iad a chur le chéile nó a bhaint dá chéile.

Thirty-Two Words for Field – Lost words of the Irish landscape

Saothar le Manchán Magan (i mBéarla) faoi théarmaí Gaeilge.

Listen to the Land Speak – A journey into the Wisdom of what lies Beneath Us

Leabhar le húdar ‘Thirty-Two Words for Field’ agus ‘Tree Dogs, Banshee Fingers and other words for Nature’.

Míreanna Mearaí Cairtchláir A3 – Na Lochlainnaigh

Mireanna mearaí cairtchláír A3 a leiríonn cúrsaí taistil na lochlainnaigh

Míreanna Mearaí Adhmaid – Cruimhíní

Míreanna mearaí adhmaid, cruimheanna beaga bídeacha! Aois 3+ Ó bholb go féileacán, bóín Dé agus beach – seo cuid de na cruimhíní a fheictear sa ghairdín.

Míreanna Mearaí Adhmaid – An Siopa – Uimhreacha

Míreanna mearaí adhmaid – sa siopa! Aois 3+

Míreanna Mearaí Adhmaid – Sa Bhaile

Seit blocanna adhmaid a thagann le chéile chun suíomh baile a chruthú, agus stór focal Gaeilge ar na blocanna. Déanta ag Alphabet Jigsaws.

Prionta A4 – Bród (NineArrow)

Prionta A4 le NineArrow.

**Réamhordú – Bealtaine 2024** Bran – Bréagán agus Leabhar i mBosca

Bréagán beag bog agus leabhar le chéile. Toisí an bhréagáin: 6x4x3 orlach. #SpraoiLeBran

Míreanna Mearaí Adhmaid – Contaetha na hÉireann (Éire) Ildaite

Míreanna mearaí déanta as adhmaid. Contaetha na tíre ar bhlocanna beaga adhmaid, ar féidir iad a bhaint dá chéile nó a chur ar ais san áit cheart. Oiriúnach do pháistí in aois 5+.

An File Mícheál Ó Gaoithín – The Blasket Painter – Selected and Introduced by Maria Simonds-Gooding

Leabhar faoi sceitseanna agus obair phéinteála a rinne Mícheál ‘An File’ Ó Gaoithín.

Míreanna Mearaí Adhmaid – Dathanna (Bogha Báistí/Tuar Ceatha)

Míreanna Mearaí Adhmaid: Dathanna (Bogha Báistí/Tuar Ceatha). Na dathanna atá san áireamh sa seit seo: dubh, bán, bándearg, donn, liath, corcra, gorm, glas, buí, oráiste agus dearg.

Prionta A4 – Samhlaíocht | Carn leabhar (Nine Arrow)

Prionta A4 le NineArrow. Níl fráma leis. Tá cairtchlár tiubh taobh thiar de.

Prionta A4 – Aibítir | Cló Gaelach (Nine Arrow)

Prionta A4: an aibítir sa chló Gaelach, deartha ag Nine Arrow. Níl fráma leis.

Prionta A4 – Sliogáin Mhara na hÉireann (Nine Arrow)

Prionta A4 le Nine Arrow de shliogáin mhara choitianta na hÉireann.

Eireaball Spideoige [forchlúdach, 1970] (ar athláimh)

Seán Ó Ríordáin. Sáirséal agus Dill, 1970. Clúdach crua le forchlúdach plaisteach. Riocht an-mhaith. Cuid deannach ar an bhforchlúdach. Bloc téacs an-ghlan.

Mí in Éirinn (ar athláimh)

Curtha in eagar ag an Seabhac. Comhlucht Oideachais na hÉireann, Tta. Clúdach bog, riocht cuibheasach maith. Dath an chlúdaigh ídithe agus smál air. Píosa scríbhneoireachta ar an chlúdach chomh maith agus na himill caite. Bloc téacs an-ghlan. Sa seanchló.

The Perversion of Science and Technology in Ireland (ar athláimh)

Derry Kelleher. Justice Books No.4. Leabhrán bog, riocht an-mhaith. Dath an droma ídithe.

Cogadh na Reann [1934] (ar athláimh)

The War of the Worlds. H.G. Wells do cheap. Leon Ó Broin a d’aistrigh. Oifig Díolta Foillseacháin Rialtais. Clúdach crua, níl forchlúdach leis. Dath an chlúdaigh ídithe, smál air agus áit a cuireadh deoch sa mhullach air, is cosúil.

Listen and Learn – New Series No. 1 (ar athláimh)

Radio Éireann. Aindrias Ó Muimhneacháin. Clúdach bog. Dorchú ar an imeall, ainm an iar-úinéir ar an chlúdach. Cúpla nóta scríofa i bpeann luaidhe taobh istigh.

Oileán an Uathbháis (ar athláimh)

H.C. McNeile. ‘Sapper’ do sgríobh faoin teideal ‘Island of Terror’. Proinnsias Ó Brógáin do chuir i nGaedhilg. Clúdach crua. Spotaí ruachain go flúirseach ar an imeall agus ar na leathanaigh.

Jemmy Hope – An Chéad Sóisealaí Éireannach (ar athláimh)

Clúdach crua, forchlúdach leis. Foilseacháin Náisiúnta Teoranta. Proinsias Mac an Bheatha. An chéad chló 1985. Peadar O’Donnell a scríobh an brollach. Riocht maith.

The Greatest of These (ar athláimh)

Francis McManus. Mercier Press. Clúdach bog, riocht maith. Cúpla smál ar an chlúdach. Fíorbheagáinín caite ar bhun agus barr an droma. Spotaí ar an taobh, na leathanaigh féin an-ghlan.

Krauts (ar athláimh)

Máirtín Ó Muilleoir. Coiscéim, An Chéad Chló 1992. Clúdach bog, i riocht maith.

De Valera II (ar athláimh)

Tomás Ó Néill, Pádraig Ó Fiannachta. Cló Morainn, 1968. Clúdach crua le forchlúdach, riocht maith. Dorchú agus smál ar an bhforchlúdach, atá beagáinín caite. Dath ídithe ar an leabhar crua, cúpla spota ar an taobh.

Guth an Phobail (ar athláimh)

Teip an Daonlathais ar Oirthuaisceart Éireann. Nollaig Ó Gadhra. Foilseacháin Náisiúnta Teoranta. An Chéad Chló, 1984. Clúdach crua gan fhorchlúdach, riocht an-mhaith. Dath an chlúdaigh ídithe in áiteanna, cúpla smál beag air. Bloc téacs an-ghlan.

Ní Lia Tír (ar athláimh)

Caitlín Uí Mhurchú. Foilseacháin Náisiúnta Teoranta. An Chéad chló, 1969. Sínithe ag an údar. Clúdach crua le forchlúdach, riocht maith go leor. Forchleudach caite ar na himill agus ar an droim, roinnt smál air. Smál ar an taobh. Bloc téacs an-ghlan.

Seán Ó Ríordáin – Saothar an Fhile (ar athláimh)

Seán Ó Tuama. Oideas Mercier, 1975. Clúdach bog, riocht maith. Beagáinín deannaigh ar an chlúdach, roinnt smál beaga air chomh maith. Bloc téacs an-ghlan.

Pray for the Wanderer (ar athláimh)

Kate O’Brien. Penguin Books, 1951. Riocht an-mhaith. Smál ar an chlúdach agus dorchú ar an imeall.

Engineering Handbook (No. 1) (ar athláimh)

Óglaigh na h-Éireann. Irish Army Official Publications. Leabhrán bog, roicht cuibheasach. Smál ar an chlúdach agus ar cúinne ar bhun. Meirg ar na stáplaí agus cúinní caite.

Conarthaí ag Bunú na gComhphobal Eorpach 1987 (ar athláimh)

Clúdach crua. Spotaí péinte ar an gclúdach. Stampa an iar-úinéara leis. Riocht an-mhaith san iomlán, smál air in áiteanna.

Dánta Meán-teastais 1964-1965 (ar athláimh)

Leabhar bog, meirg ar na stáplaí, clúdaithe le páipéar donn. Cluaisíní cait ar chuid de na leathanaigh.

Ní Iontas go bhfuil an Spideog ag gearán (ar athláimh)

Dánta i nGaeilge, Poèmes en irlandais. Pádraig Breandán Ó Laighin. Coiscéim, 2011. Clúdach crua le forchlúdach, geall le leabhar nua seachas smál beag ar an bhfórchlúdach.

Louison – The life and loves of Marie Louise O’Morphi (ar athláimh)

Desmond Clarke. Blackstaff Press, 1979. Clúdach bog, riocht maith go leor. Deannach ar an bhforchlúdach. Cúpla smál beag taobh istigh, ach an-ghlan seachas sin.

Oghma 10 (ar athláimh)

Foilseacháin Oghma, 1998. Eagarthóirí: Seosamh Ó Murchú, Micheál Ó Cearúil, Antain Mag Shamhráin. Clúdach bog, riocht an-mhaith

Leabhair Scoile

Bunscoil

Meánscoil