Skip to content
Glaoigh orainn/Call us: +353 (0) 1 478 3814

I mBéal an Phobail

Prionta A4 – Aibítir | Cló Gaelach (Nine Arrow)

Prionta A4: an aibítir sa chló Gaelach, deartha ag Nine Arrow. Níl fráma leis.

Míreanna Mearaí Cairtchláir A3 – Na Lochlainnaigh

Mireanna mearaí cairtchláír A3 a leiríonn cúrsaí taistil na lochlainnaigh

Prionta A4 – Sliogáin Mhara na hÉireann (Nine Arrow)

Prionta A4 le Nine Arrow de shliogáin mhara choitianta na hÉireann.

Thirty-Two Words for Field – Lost words of the Irish landscape

Saothar le Manchán Magan (i mBéarla) faoi théarmaí Gaeilge.

Prionta A4 – Samhlaíocht | Carn leabhar (Nine Arrow)

Prionta A4 le NineArrow. Níl fráma leis. Tá cairtchlár tiubh taobh thiar de.

Míreanna Mearaí Adhmaid – Cruimhíní

Míreanna mearaí adhmaid, cruimheanna beaga bídeacha! Aois 3+ Ó bholb go féileacán, bóín Dé agus beach – seo cuid de na cruimhíní a fheictear sa ghairdín.

Míreanna Mearaí Adhmaid – Ainmhithe Feirme

Is breá le feirmeoirí óga na Míreanna mearaí adhmaid. Is féidir feirm bheag a dheanamh leis an seacht n-ainmhí nó iad a chur le chéile mar aonad iomlán. Is bréagán iontach, láidir iad seo do lámha beaga agus do dhaoine ag foghlaim an teanga. Tá cuma alainn air leis!

Prionta A4 – Bród (NineArrow)

Prionta A4 le NineArrow.

Muga – Bród – Cupán (NineArrow)

Muga/cupán le Nine Arrow a deir ‘Bród’. An dearadh buailte orthu de láimh, moltar iad a ní de láimh.

An File Mícheál Ó Gaoithín – The Blasket Painter – Selected and Introduced by Maria Simonds-Gooding

Leabhar faoi sceitseanna agus obair phéinteála a rinne Mícheál ‘An File’ Ó Gaoithín.

Míreanna Mearaí Adhmaid – Dathanna (Bogha Báistí/Tuar Ceatha)

Míreanna Mearaí Adhmaid: Dathanna (Bogha Báistí/Tuar Ceatha). Na dathanna atá san áireamh sa seit seo: dubh, bán, bándearg, donn, liath, corcra, gorm, glas, buí, oráiste agus dearg.

Listen to the Land Speak – A journey into the Wisdom of what lies Beneath Us

Leabhar le húdar ‘Thirty-Two Words for Field’ agus ‘Tree Dogs, Banshee Fingers and other words for Nature’.

**Réamhordú – Bealtaine 2024** Bran – Bréagán agus Leabhar i mBosca

Bréagán beag bog agus leabhar le chéile. Toisí an bhréagáin: 6x4x3 orlach. #SpraoiLeBran

Míreanna Mearaí Adhmaid – Sa Bhaile

Seit blocanna adhmaid a thagann le chéile chun suíomh baile a chruthú, agus stór focal Gaeilge ar na blocanna. Déanta ag Alphabet Jigsaws.

Míreanna Mearaí Adhmaid – Amuigh Faoin Spéir

Seit blocanna beaga adhmaid ar féidir iad a chur le chéile nó a bhaint dá chéile.

Míreanna Mearaí Adhmaid – An Siopa – Uimhreacha

Míreanna mearaí adhmaid – sa siopa! Aois 3+

Míreanna Mearaí Adhmaid – Contaetha na hÉireann (Éire) Ildaite

Míreanna mearaí déanta as adhmaid. Contaetha na tíre ar bhlocanna beaga adhmaid, ar féidir iad a bhaint dá chéile nó a chur ar ais san áit cheart. Oiriúnach do pháistí in aois 5+.

That Place we Call Home

Leabhar Béarla le John Creedon mar gheall ar logainmneacha na hÉireann.

Raon Mo Shiúil (ar athláimh)

Meabhracháin Iriseora San Eoraip. Ristéard Ó Glaisne. Foilseacháin Náisiúnta Teoranta, An Chéad Chló 1972. Clúdach bog, i riocht maith. Ruachan ar imill na leathanach, agus smál beag orthu. Smál ar an droim agus smál beag ar an gclúdach. Síniú an iar-úinéara scríofa istigh.

Dúmhál (ar athláimh)

Eoghan Ó Grádaigh. Sáirséal agus Dill, an chéad chló 1968. Clúdach bog, riocht maith go leor. Dorchú agus smál ar an chlúdach. Dorchú ar na leathanaigh ach iad an-ghlan.

Dánta Ardteistiméarachta 1968-69 (ar athláimh)

Leabhar bog. Riocht an-mhaith. Smál beag ar an gclúdach.

Rogha Dánta (ar athláimh)

Máirtín Ó Direáin, 1949, sínithe, cóip uimhir 648 as 1200 cóip. Riocht maith, leabhar crua. Forchlúdach beag plaisteach leis, smál agus roic air. Dath imithe beagáinín ar cúinní an leabhar agus dorchú ar na leathanaigh cheangail. Bloc téacs i riocht an-mhaith.

An Dord Féinne agus Dánta Eile (ar athláimh)

Clúdaithe le clúdach breise déanta as páipéar donn. Ruachan beag air. Cluaisíní beaga cait ann. Meirg ar na stáplaí. Nótaí ann scríofa le peann luaidhe.

Ór Spáinneach (ar athláimh)

Spanish Gold. Clúdach crua gan fhorclúdach. George A. Birmingham. Pádraic Óg Ó Conaire a d’aistrigh. Oifig an tSoláthair 1938.

An Coimhthíoch (ar athláimh)

Séamus Mac Conmara. Oifig an tSoláthair, 1967. Clúdach crua gan fhorchlúdach, i riocht an-mhaith. Smál ar chúpla leathanach, go háirithe na leathanaigh ceangail. Síniú an iar-úinéara laistigh. Smál ar imill na leathanach freisin.

Oilithreacht Chormaic (ar athláimh)

Fianna Fáil i nDún na nGall Thiar/Theas (1937-1977). Uinsionn Ó Breisleáin. Clúdach bog, riocht maith. Cúpla smál ar an chlúdach agus greamán ar chúl. Cuid den leathanach teidil gearrtha. Bloc téacs an-ghlan.

Nuascéalaíocht 1940-1950 (ar athláimh)

Tomás de Bhaldraithe. Sáirséal agus Dill, 1968. Clúdach leath-chrua, riocht maith. Smál ar an chlúdach, roic ar an droim. Na leathanaigh dorcha ach an-ghlan.

Oideadh an Athar uí Shíthigh (ar athláimh)

Clúdach crua, Tomás de Bhial. An chéad chló 1954. An leathanach leath-teidil stróicthe. Ainm an iar-úinéara scríofa ar an leathanach ceangail tosaigh.

Gan Baisteadh (ar athláimh)

Tomás Bairéad. Sairséal agus Dill, An Chéad Chló 1972. Clúdach crua le forchlúdach, i riocht maith. Smal ar an bhforchlúdach, ruachan ar imeall na leathanach. Na leathanaigh laistigh an-ghlan.

Na Connerys (ar athláimh)

Liam Ó Murchú. Sáirséal agus Dill, an chéad chló 1974. Clúdach crua, riocht an-mhaith. Cúpla smál an-bheag ar an chlúdach.

Féar Suaithinseach (ar athláimh)

Nuala Ní Dhomhnaill. An Sagart, 1984. Clúdach bog, riocht maith. Smál ar chúl agus ar an taobh. Bloc téacs an-ghlan.

Na Laochra (ar athláimh)

The Heroes. Charles Kingsley do scríobh. Máire Ní Mhurchadha d’aistrigh go Gaedhilg. Muinntir Chathail, Clódóirí Baile Átha Cliath, 1933. Clúdach crua, i riocht maith. Smál agus marcanna ar an gclúdach. Dath ídithe ar an droim. Ruachan ar imill na leathanach agus laistigh den gclúdach. Dorchú ar na leathanaigh. Síniú an iar-úinéara laistigh

Poems from the Irish (ar athláimh)

Gabriel Fitzmaurice, Marino Books. 2004. Clúdach bog. Riocht sár-mhaith. Bloc téacs an-ghlan.

Sgoil Éanna – St. Enda’s School Rathfarnham – Prospectus 1910-1911 (ar athláimh)

Paimfléad, clúdach bog. Stáplaí i riocht maith. Glan taobh istigh. Dath an leathanaigh thosaigh agus an leathanaigh chúil ídithe. An leathanach cúil an-dorcha. Rocach, is léir gur filleadh siar é cheana.

Curious Journey (ar athláimh)

An Oral History of Ireland’s Unfinished Revolution. Kenneth Griffith, Timothy O’Grady. Mercier Press, 1998. Clúdach bog, rioch an-mhaith.

Cré na Cille [1996] (ar athláimh)

Máirtín Ó Cadhain. Sáirséal Ó Marcaigh, 1996. Clúdach bog. Geall le bheith nua.

Lá agus Oidhche (ar athláimh)

Micheál Mac Liammóir. Clúdach crua. Smál ar an gclúdach, spotaí ar an imeall. C.S. Ó Fallamhain 1929. Bloc téacs saor ó scríbhneoireacht. Riocht cuibheasach maith.

Labour and Partition – The Belfast Working Class 1905-23 (ar athláimh)

Austen Morgan. Pluto Press, 1991. Clúdach bog, riocht maith. Dorchú agus smál ar an chlúdach. Dorchú ar an taobh.

Leabhair Scoile

Bunscoil

Meánscoil