Skip to content

I mBéal an Phobail

Prionta A4 – Aibítir | Cló Gaelach (Nine Arrow)

Prionta A4: an aibítir sa chló Gaelach, deartha ag Nine Arrow. Níl fráma leis.

An File Mícheál Ó Gaoithín – The Blasket Painter – Selected and Introduced by Maria Simonds-Gooding

Leabhar faoi sceitseanna agus obair phéinteála a rinne Mícheál ‘An File’ Ó Gaoithín.

**Réamhordú – Bealtaine 2024** Bran – Bréagán agus Leabhar i mBosca

Bréagán beag bog agus leabhar le chéile. Toisí an bhréagáin: 6x4x3 orlach. #SpraoiLeBran

Míreanna Mearaí Adhmaid – Sa Bhaile

Seit blocanna adhmaid a thagann le chéile chun suíomh baile a chruthú, agus stór focal Gaeilge ar na blocanna. Déanta ag Alphabet Jigsaws.

Listen to the Land Speak – A journey into the Wisdom of what lies Beneath Us

Leabhar le húdar ‘Thirty-Two Words for Field’ agus ‘Tree Dogs, Banshee Fingers and other words for Nature’.

Prionta A4 – Samhlaíocht | Carn leabhar (Nine Arrow)

Prionta A4 le NineArrow. Níl fráma leis. Tá cairtchlár tiubh taobh thiar de.

Míreanna Mearaí Adhmaid – Dathanna (Bogha Báistí/Tuar Ceatha)

Míreanna Mearaí Adhmaid: Dathanna (Bogha Báistí/Tuar Ceatha). Na dathanna atá san áireamh sa seit seo: dubh, bán, bándearg, donn, liath, corcra, gorm, glas, buí, oráiste agus dearg.

Prionta A4 – Bród (NineArrow)

Prionta A4 le NineArrow.

Prionta A4 – Sliogáin Mhara na hÉireann (Nine Arrow)

Prionta A4 le Nine Arrow de shliogáin mhara choitianta na hÉireann.

Míreanna Mearaí Adhmaid – Amuigh Faoin Spéir

Seit blocanna beaga adhmaid ar féidir iad a chur le chéile nó a bhaint dá chéile.

Míreanna Mearaí Cairtchláir A3 – Na Lochlainnaigh

Mireanna mearaí cairtchláír A3 a leiríonn cúrsaí taistil na lochlainnaigh

Míreanna Mearaí Adhmaid – Contaetha na hÉireann (Éire) Ildaite

Míreanna mearaí déanta as adhmaid. Contaetha na tíre ar bhlocanna beaga adhmaid, ar féidir iad a bhaint dá chéile nó a chur ar ais san áit cheart. Oiriúnach do pháistí in aois 5+.

Thirty-Two Words for Field – Lost words of the Irish landscape

Saothar le Manchán Magan (i mBéarla) faoi théarmaí Gaeilge.

That Place we Call Home

Leabhar Béarla le John Creedon mar gheall ar logainmneacha na hÉireann.

Míreanna Mearaí Adhmaid – Cruimhíní

Míreanna mearaí adhmaid, cruimheanna beaga bídeacha! Aois 3+ Ó bholb go féileacán, bóín Dé agus beach – seo cuid de na cruimhíní a fheictear sa ghairdín.

Míreanna Mearaí Adhmaid – An Siopa – Uimhreacha

Míreanna mearaí adhmaid – sa siopa! Aois 3+

Míreanna Mearaí Adhmaid – Ainmhithe Feirme

Is breá le feirmeoirí óga na Míreanna mearaí adhmaid. Is féidir feirm bheag a dheanamh leis an seacht n-ainmhí nó iad a chur le chéile mar aonad iomlán. Is bréagán iontach, láidir iad seo do lámha beaga agus do dhaoine ag foghlaim an teanga. Tá cuma alainn air leis!

Ó Gheamhar go Cruithneacht (ar athláimh)

An tSiúr Áine Ní Chumhaill. Beatha Mhaighréad Aighleart. Foilseacháin Ábhair Spioradálta, 1990. Clúdach bog, i riocht maith. Cúinní brúite, dorchú ar na leathanaigh, agus ruachan ar na leathanaigh cheangail.

Feis Cheoil an Iarthair – 1968 (ar athláimh)

32ú Feis. Leabhrán. Clár na Feise. Riocht maith. Meirg ar na stáplaí.

Lá Dá Bhfaca Thú (ar athláimh)

Criostóir Ó Floinn. Cló Morainn, an chéad chló 1955. Clúdach crua le forchlúdach, riocht cuibheasach maith. Smál ar an bhforchlúdach, atá caite ar na himill. Spotaí agus dorchú ar an taobh. Bloc téacs an-ghlan.

An Coinbhinsiún Eorpach um Chearta na Duine (ar athláimh)

Forchlúdach páipéir timpeall air. Na stáplaí i riocht maith.

Tóraíocht an Mhíshonais (ar athláimh)

Príomhchoincheapa Freud agus Jung. Pádraig Mac Fhearghusa. Coiscéim, 1997. Clúdach bog, riocht iontach. Cúpla marc an-bheag ar an chlúdach.

Scéal na hÉireann don Aos Óg – Cuid a Dó (ar athláimh)

Clúdach crua. An tAthair Pádraig Ua Duinnín. Brún agus Ó Nualláin, Teor. Riocht an-mhaith. Ainm an iar-úinéara leis.

Géarchéim in Éirinn [1970, bog, sínithe] (ar athláimh)

Clúdach bog. Riocht maith go leor. Clúdach éadrom ón leabhar. Sínithe ag an údar le peann gorm. Ábhar margaíochta leis an leabhar. Dick Walsh, Foilseacháin Náisiúnta Tta, an chéad chló 1970. 168 lth De réir comhaontú leis an té a thug na leabhair seo dúinn, tá an praghas díolta ar an leabhar seo á choinneáil…

An Dord Féinne agus Dánta Eile (ar athláimh)

Clúdaithe le clúdach breise déanta as páipéar donn. Ruachan beag air. Cluaisíní beaga cait ann. Meirg ar na stáplaí. Nótaí ann scríofa le peann luaidhe.

Éire 1944-45 (ar athláimh)

Bliainiris Ghaedheal. Rogha Saothair Ghaedheal mBeo. Comhdháil Náisiúnta na Ghaedhilge. Curtha in eagar ag Donnchadh Ó Súilleabháin. Cló-chuallucht Cois-Páirce Tta. Clúdach leath-chrua, riocht cuibheasach. Droim caite agus stróicthe, smáil agus deannach ar an chlúdach. Leochaileach taobh istigh, ag éalú. Bloc téacs glan.

Téarmaí Tráchtála [1935] (ar athláimh)

Clúdach bog. Ainm an iar-úinéara scríofa ar an leathanach teidil. Dath an chlúdaigh ídithe, na leathanaigh an-glan. Meirg ar na stáplaí.

Pádraic Ó Conaire (ar athláimh)

Clúdach crua, an-caite. Stróicthe ar an droim. An chéad chló 1947, Á. Ní Chnáimhín a scríobh. An téacs saor ó mharcanna, an clúdach i ndroch-chaoi.

Cré na Cille [2007] (ar athláimh)

Máirtín Ó Cadhain. Sáirséal Ó Marcaigh, 2007. Clúdach crua le forchlúdach. Riocht iontach. Cúpla marc an-bheag ar an bhforchlúdach.

Language, Culture and the Nation (ar athláimh)

Two lectures by Professor P.L. Henry. Comhdháil Náisiúnta na hÉireann 1974. Clúdach bog, leabhrán, meirg ar na stáplaí, riocht maith.

An Cailín Aimsire Abú (ar athláimh)

Dráma grinn le Bháitéar Ó Maicín. An chéad chló 1953. Clúdach bog, Dath ídithe ar an gclúdach, smál air. Nótaí istigh ar chuid mhór de na leathanaigh sa chéad leath.

Prose Writings (ar athláimh)

William Rooney (Fear na Muinntire). M.H. Gill & Son, Ltd. Clúdach crua gan fhorchlúdach, riocht maith go leor. Dath an chlúdaigh ídithe agus smáil air. Imeall beagáinín caite. Spotaí ar an taobh. Bloc téacs an-ghlan.

Tadhg Gaelach (ar athláimh)

Risteárd Ó Foghlú. Clúdach crua, 1929, C.S. Ó Fallamhain/Oifig an tSoláthair. Spotaí ar an imeall. Greamán ar an gclúdach tosaigh. Bloc téacs saor ó mharcanna. Stampa iar-leabharlainne ar an leathanach ceangail tosaigh.

Crann a Chraobhaigh (ar athláimh)

Cnuasach Aistí. An Comhchaidreamh. Stiofán Ó hAnnracháin a chóirigh. An Clóchomhar Tta., 1985. Clúdach bog, riocht maith. Smál ar an chlúdach. Ainm an iar-úinéar scríofa taobh istigh.

Maidhc sa Danmhairg (ar athláimh)

P.D. Linín. Sáirséal agus Dill, an chéad chló 1968. Clúdach crua le forchlúdach plaisteach, riocht maith. Roinnt smál ar an bhforchlúdach. Na leathanaigh an-ghlan.

Conntae an Chláir (ar athláimh)

A Triocha agus a Tuatha. Gairbh-Fhearann Luighdheach, le himtheacht na haimsire Tuadhmhumha, agus anois Conntae an Chláir. Seán Ó hÓgáin. Oifig an tSoláthair, 1938. Clúdach crua le forchlúdach, riocht an-mhaith. Uimhreacha scríofa ar an chlúdach, agus smál air. Spotaí ar an taobh. Bloc téacs an-ghlan.

Dublin Burning (ar athláimh)

The Easter Rising from Behind the Barricades. W.J. Brennan-Whitmore. Gill & Macmillan, 1996. Clúdach bog, riocht an-mhaith.

Leabhair Scoile

Bunscoil

Meánscoil