Skip to content
Glaoigh orainn/Call us: +353 (0) 1 478 3814

I mBéal an Phobail

Míreanna Mearaí Adhmaid – Ainmhithe Feirme

Is breá le feirmeoirí óga na Míreanna mearaí adhmaid. Is féidir feirm bheag a dheanamh leis an seacht n-ainmhí nó iad a chur le chéile mar aonad iomlán. Is bréagán iontach, láidir iad seo do lámha beaga agus do dhaoine ag foghlaim an teanga. Tá cuma alainn air leis!

That Place we Call Home

Leabhar Béarla le John Creedon mar gheall ar logainmneacha na hÉireann.

Míreanna Mearaí Adhmaid – Cruimhíní

Míreanna mearaí adhmaid, cruimheanna beaga bídeacha! Aois 3+ Ó bholb go féileacán, bóín Dé agus beach – seo cuid de na cruimhíní a fheictear sa ghairdín.

Thirty-Two Words for Field – Lost words of the Irish landscape

Saothar le Manchán Magan (i mBéarla) faoi théarmaí Gaeilge.

Prionta A4 – Sliogáin Mhara na hÉireann (Nine Arrow)

Prionta A4 le Nine Arrow de shliogáin mhara choitianta na hÉireann.

Míreanna Mearaí Adhmaid – Contaetha na hÉireann (Éire) Ildaite

Míreanna mearaí déanta as adhmaid. Contaetha na tíre ar bhlocanna beaga adhmaid, ar féidir iad a bhaint dá chéile nó a chur ar ais san áit cheart. Oiriúnach do pháistí in aois 5+.

Míreanna Mearaí Adhmaid – Dathanna (Bogha Báistí/Tuar Ceatha)

Míreanna Mearaí Adhmaid: Dathanna (Bogha Báistí/Tuar Ceatha). Na dathanna atá san áireamh sa seit seo: dubh, bán, bándearg, donn, liath, corcra, gorm, glas, buí, oráiste agus dearg.

Míreanna Mearaí Adhmaid – Sa Bhaile

Seit blocanna adhmaid a thagann le chéile chun suíomh baile a chruthú, agus stór focal Gaeilge ar na blocanna. Déanta ag Alphabet Jigsaws.

Prionta A4 – Aibítir | Cló Gaelach (Nine Arrow)

Prionta A4: an aibítir sa chló Gaelach, deartha ag Nine Arrow. Níl fráma leis.

Míreanna Mearaí Cairtchláir A3 – Na Lochlainnaigh

Mireanna mearaí cairtchláír A3 a leiríonn cúrsaí taistil na lochlainnaigh

Prionta A4 – Bród (NineArrow)

Prionta A4 le NineArrow.

Míreanna Mearaí Adhmaid – Amuigh Faoin Spéir

Seit blocanna beaga adhmaid ar féidir iad a chur le chéile nó a bhaint dá chéile.

**Réamhordú – Bealtaine 2024** Bran – Bréagán agus Leabhar i mBosca

Bréagán beag bog agus leabhar le chéile. Toisí an bhréagáin: 6x4x3 orlach. #SpraoiLeBran

Listen to the Land Speak – A journey into the Wisdom of what lies Beneath Us

Leabhar le húdar ‘Thirty-Two Words for Field’ agus ‘Tree Dogs, Banshee Fingers and other words for Nature’.

Míreanna Mearaí Adhmaid – An Siopa – Uimhreacha

Míreanna mearaí adhmaid – sa siopa! Aois 3+

Prionta A4 – Samhlaíocht | Carn leabhar (Nine Arrow)

Prionta A4 le NineArrow. Níl fráma leis. Tá cairtchlár tiubh taobh thiar de.

An File Mícheál Ó Gaoithín – The Blasket Painter – Selected and Introduced by Maria Simonds-Gooding

Leabhar faoi sceitseanna agus obair phéinteála a rinne Mícheál ‘An File’ Ó Gaoithín.

An tAcht Cóipchirt, 1963 – Copyright Act, 1963 (ar athláimh)

Uimhir 10 de 1963. Oifig an tSoláthair. Clúdach bog, riocht maith go leor. Smáil agus dorchú ar an chlúdach, imeall beagáinín caite. Clúisíní cait ar roinnt leathanaigh ach iad ar fad glan. Cúpla marc ar an taobh.

Death in the Land of Youth (ar athláimh)

Seán Ó Tuama. Translations/Versions by Peter Denman and Seán Ó Tuama. Cork University Press, 1997. Clúdach bog, riocht maith. Cúpla smál ar an chlúdach, spotaí ar an taobh, agus dorchú ar na leathanaigh.

Tóraíocht an Mhíshonais (ar athláimh)

Príomhchoincheapa Freud agus Jung. Pádraig Mac Fhearghusa. Coiscéim, 1997. Clúdach bog, riocht iontach. Cúpla marc an-bheag ar an chlúdach.

Saints & Scholars (ar athláimh)

Terry Eagleton. Futura, 1987. Clúdach bog, riocht maith. Dath ídithe agus marcanna air. Dorchú ar an taobh agus na leathanaigh.

Amhránleabhar Ógra Éireann (ar athláimh)

Ógra Éireann, 1954. Clúdach bog, riocht maith. Dath an chlúdaigh ídithe. Na leathanaigh dorcha ach an-ghlan.

Máire Nic Artáin [1959] (ar athláimh)

Le Séamus Ó Néill. Cló Morainn, An Chéad Chló Nollaig, 1959. Clúdach crua gan fhorchlúdach, i riocht an-mhaith. Síniú an iar-úinéara laistigh.

Críost Mac Dé (cuid a trí) – Peadar Ua Laoghaire (ar athláimh)

1925, foilsithe i ndiaidh bhás an Athair Peadar. Brún agus Ó Nualláin. Clúdach crua, riocht an-mhaith.

The Best of Dorothy Parker (ar athláimh)

Dorothy Parker, Gerard Duckworth & Co. agus Viking Penguin, 1995. Clúdach crua le bosca. Riocht sár-mhaith. Bloc téacs an-ghlan.

War by the Irish (ar athláimh)

John McCann. The Kerryman Ltd. Céad eagrán, 1946. Clúdach crua, riocht maith. Dath ídithe ar an chlúdach, leathanach ceangail rocach, dorchú ar an imeall.

The Book of Leinster, formerly Lebar na Núachongbála Vol. IV [1965] (ar athláimh)

Clúdach crua, forchlúdach leis a bhfuil smál beag air agus é caite ar an imeall. Riocht an-mhaith.

Greann is Gáire (ar athláimh)

Risteárd Ó Luineacháin. Brún agus Ó Nóláin, Teor. Clúdach bog, riocht maith go leor. Dorchú agus smál ar an chlúdach, meirg ar na stáplaí. Bloc téacs an-ghlan.

Radio Radio (ar athláimh)

The Story of Independent, Local, Community and Pirate Radio in Ireland. Borderline Publications, 1981. Sínithe ag an t-údar, don iar-uinéir. Clúdach bog, riocht maith. Smál beag ar an chlúdach.

Approach to Christian Sculpture (ar athláimh)

Dom Hubert Van Zeller. Sheed & Ward, 1960. Clúdach crua gan fhorchlúdach, riocht maith. Dath an droma ídithe agus smál ar an chlúdach chúil. Spotaí ar an taobh. Bloc téacs an-ghlan.

Iris Teoin 1950 Wolfe Tone Annual (ar athláimh)

1916 Before and After. Historical episodes of 42 years together with 107 songs and ballads and the soldier’s story of Easter Week. O’Higgins, 1950. Leabhrán bog, riocht maith go leor. Dorchú agus ruachan ar an chlúdach. Meirg ar na stáplaí. Dorchú ar na leathanaigh ach iad an-ghlan.

Lá Dá bhFaca Thú (ar athláimh)

Críostóir Ó Floinn. Cló Morainn, An Chéad Chló 1955. Clúdach crua gan fhorchlúdach, i riocht cuibheasach maith. Smal beag in áiteanna ar an gclúdach. Dorchú ar na leathanaigh. Bloc téacs an-ghlan. Smál agus ruachan ar an leathanach ceangal.

Ballads from the Pubs of Ireland (ar athláimh)

James N. Healy. The Mercier Press, 1976. Clúdach bog, riocht maith. Beagáinín lúbtha, smáil ar an chlúdach. Na leathanaigh dorcha ach an-ghlan.

Tine Chnámh (ar athláimh)

Liam Ó Muirthile. Sáirséal Ó Marcaigh, 1984. Clúdach bog, riocht maith. Smál ar an chlúdach agus roic air. Dath an droma ídithe. Nóta greamaithe ar an leathanach cheangal.

Lines of Most Resistance (ar athláimh)

The Lords, The Tories and Ireland 1886 – 1914. Edward Pearce. Little, Brown and Co., 1999. Clúdach crua, le forchlúdach, riocht an-mhaith.

The Engraved Passion (ar athláimh)

New and Selected Poems 1970-1991. Hugh Maxton. Dedalus, 1991. Clúdach bog, riocht iontach.

Mise Raifteirí an File (ar athláimh)

Críostóir Ó Floinn. Sáirséal & Dill, 1974. Clúdach crua, le forchlúdach plaisteach. Riocht an-mhaith. Smál ar an bhforchlúdach, leabhar crua féin i riocht an-mhaith. Ainm an iar-úinéara scríofa taobh istigh.

Leabhair Scoile

Bunscoil

Meánscoil