Skip to content
Glaoigh orainn/Call us: +353 (0) 1 478 3814

I mBéal an Phobail

Míreanna Mearaí Adhmaid – An Siopa – Uimhreacha

Míreanna mearaí adhmaid – sa siopa! Aois 3+

Míreanna Mearaí Adhmaid – Amuigh Faoin Spéir

Seit blocanna beaga adhmaid ar féidir iad a chur le chéile nó a bhaint dá chéile.

Míreanna Mearaí Adhmaid – Cruimhíní

Míreanna mearaí adhmaid, cruimheanna beaga bídeacha! Aois 3+ Ó bholb go féileacán, bóín Dé agus beach – seo cuid de na cruimhíní a fheictear sa ghairdín.

Listen to the Land Speak – A journey into the Wisdom of what lies Beneath Us

Leabhar le húdar ‘Thirty-Two Words for Field’ agus ‘Tree Dogs, Banshee Fingers and other words for Nature’.

Míreanna Mearaí Cairtchláir A3 – Na Lochlainnaigh

Mireanna mearaí cairtchláír A3 a leiríonn cúrsaí taistil na lochlainnaigh

Prionta A4 – Sliogáin Mhara na hÉireann (Nine Arrow)

Prionta A4 le Nine Arrow de shliogáin mhara choitianta na hÉireann.

Míreanna Mearaí Adhmaid – Contaetha na hÉireann (Éire) Ildaite

Míreanna mearaí déanta as adhmaid. Contaetha na tíre ar bhlocanna beaga adhmaid, ar féidir iad a bhaint dá chéile nó a chur ar ais san áit cheart. Oiriúnach do pháistí in aois 5+.

Prionta A4 – Samhlaíocht | Carn leabhar (Nine Arrow)

Prionta A4 le NineArrow. Níl fráma leis. Tá cairtchlár tiubh taobh thiar de.

Thirty-Two Words for Field – Lost words of the Irish landscape

Saothar le Manchán Magan (i mBéarla) faoi théarmaí Gaeilge.

Míreanna Mearaí Adhmaid – Sa Bhaile

Seit blocanna adhmaid a thagann le chéile chun suíomh baile a chruthú, agus stór focal Gaeilge ar na blocanna. Déanta ag Alphabet Jigsaws.

**Réamhordú – Bealtaine 2024** Bran – Bréagán agus Leabhar i mBosca

Bréagán beag bog agus leabhar le chéile. Toisí an bhréagáin: 6x4x3 orlach. #SpraoiLeBran

That Place we Call Home

Leabhar Béarla le John Creedon mar gheall ar logainmneacha na hÉireann.

Prionta A4 – Bród (NineArrow)

Prionta A4 le NineArrow.

Míreanna Mearaí Adhmaid – Dathanna (Bogha Báistí/Tuar Ceatha)

Míreanna Mearaí Adhmaid: Dathanna (Bogha Báistí/Tuar Ceatha). Na dathanna atá san áireamh sa seit seo: dubh, bán, bándearg, donn, liath, corcra, gorm, glas, buí, oráiste agus dearg.

Míreanna Mearaí Adhmaid – Ainmhithe Feirme

Is breá le feirmeoirí óga na Míreanna mearaí adhmaid. Is féidir feirm bheag a dheanamh leis an seacht n-ainmhí nó iad a chur le chéile mar aonad iomlán. Is bréagán iontach, láidir iad seo do lámha beaga agus do dhaoine ag foghlaim an teanga. Tá cuma alainn air leis!

Prionta A4 – Aibítir | Cló Gaelach (Nine Arrow)

Prionta A4: an aibítir sa chló Gaelach, deartha ag Nine Arrow. Níl fráma leis.

An File Mícheál Ó Gaoithín – The Blasket Painter – Selected and Introduced by Maria Simonds-Gooding

Leabhar faoi sceitseanna agus obair phéinteála a rinne Mícheál ‘An File’ Ó Gaoithín.

Dánta 1939-1979 (ar athláimh)

Máirtín Ó Direáin, An Clóchomhar 1980. Clúdach bog, riocht an-mhaith.

Graiméar Gaedhilge leis na Bráithreachaibh Críostamhla (ar athláimh)

1914; clúdach tosaigh stróicthe beagáinín. Smál uisce chun tosaigh agus ar cúl. Nótaí istigh agus ar na leathanaigh cheangail.

Lios an Óir – dráma dhá mhír do pháistí (ar athláimh)

Leabhrán bídeach tanaí 11.5 x 8.5cm. Ruachan ar an imeall, meirg ar na stáplaí. Clúdaithe le páipéar donn.

Mo Sgéal Féin [gan fhorchlúdach] (ar athláimh)

Peadar Ua Laoghaire. Brún agus Ó Nóláin. Clúdach crua gan fhorchlúdach, riocht maith go leor. Cúpla smál beag ar an chlúdach, na cúinní beagáinín brúite. Stampaí iar-leabharlainne taobh istigh. Rinneadh clúdach nua don chóip seo; tagann an teideal ón mbunchlúdach, ach linéadachnua atá sa chuid eile. Teideal sa chló rómhánach ar an droim.

The Letters of Saint Oliver Plunkett 1625-1681 (ar athláimh)

Edited and Translated with an introduction by Monsignor John Hanly, 1979. The Dolmen Press. Clúdach crua le forchlúdach, riocht maith. Dorchú agus smáil ar an bhforchlúdach. Bloc téacs an-ghlan.

The Journal of Cross Border Studies in Ireland (ar athláimh)

with information about the Centre for Cross Border Studies (including 2012 annual report). No.8, Spring 2013. Curtha in eagar ag Andy Pollack. Clúdach bog, riocht iontach. Bun an droma beagáinín caite.

Sláinte (ar athláimh)

U.C.D. History Review. Blianiris An Coláiste Ollscoile Baile Átha Cliath. Vol. VII 1993. Leabhrán bog, riocht an-mhaith. Smál beag ar an chlúdach.

Foclóir d’Eisirt (ar athláimh)

Curtha le chéile ag Eleanor Knott. Brún agus Ó Nóláin, Teor. Clúdach bog, le forchlúdach páipéir lámhdhéanta. Riocht maith go leor. Smál agus píosa scríbhneoireachta ar an bhforchlúdach. Dorchú ar na leathanaigh agus meirg ar na stáplaí.

An Próca Óir – Dráma beag i gcóir na Leanbh (ar athláimh)

Leabhrán beag 11cm in airde. Searlot Ní Dhúnlaing do scríobh. Brún agus Ó Nualláin. Meirg ar na stáplaí. Gan dáta. Na leathanaigh an-glan.

An Dá Thrá (ar athláimh)

Smál ar an bhforchlúdach, é lag. Dath níos fearr leis sa bhfíorshaol – níl sé iomlán chomh ídithe ag an solas is a thaispeántar.

Tomáisín agus An Plúirín Sneachta (ar athláimh)

Drámaí i gCóir na Scol. S. M. C. Alec Tom agus a Chuid, Teo. Leabhrán bog, riocht cuibheasach. Smál ar an chlúdach. Meirg ar na stáplaí. Dorchú ar na leathanaigh.

Beatha Gillasius Ardmachanus (ar athláimh)

Clúdach bog, leabhrán 39 leathanach. Riocht an-mhaith. Dath an chlúdaigh ídithe.

Linda (ar athláimh)

Pádraig Ó Snodaigh. Aistrithe agus curtha in eagar ag Rosangela Barone. Mobydick, 1997. Leabhán bog, i riocht an-mhaith.

Sgéalta Aniar [stampa air] (ar athláimh)

Pádraic Ó Conaire, Comhlucht Oideachais na hÉireann. Gan dáta. Clúdach bog le dath an droma ídithe. Stampa agus scríbhneoireacht taobh istigh den chlúdach. Riocht maith go leor. Bloc téacs glan.

Two Godfathers of Revisionism (ar athláimh)

1916 in the Revisionist Canon. Pádraig Ó Snodaigh. Fulcrum Press, 1991. Leabhrán bog, riocht maith. Cúpla smál agus dorchú ar an chlúdach. Dorchú ar na leathanaigh ach iad an-ghlan.

Ireland and Early Europe (ar athláimh)

Essays and Occasional Writings on Art and Culture. Liam de Paor. Four Courts Press, 1997. Clúdach bog, riocht maith. Smál ar an chlúdach

Ceithre dhráma do Leanaí [bog, 1979] (ar athláimh)

Seán A. Ó Briain, Pádraig Ó Siochrú. Léaráidí le Kathy Moore. Leabhar bog

An Bás i dTír na nÓg (ar athláimh)

Seán Ó Tuama. Coiscéim, 1988. Clúdach bog, riocht maith. Cúpla marc ar an chlúdach.

Beoir Bhaile agus Scéalta Eile (ar athláimh)

Dónall Mac Amhlaigh. An Clóchomhar Tta, 1981. Clúdach bog, riocht maith. Smál ar an chlúdach.

Dewch i ddysgu Cymraeg – Come and learn Welsh [1973] (ar athláimh)

Clúdach crua, cúpla leathanach ag an bhfíorthús ag éalú ón bhfúáil. Paratowyd gan Yr Uned Iaith Genedlaethol Morgannwg. Athchló 1974.

Leabhair Scoile

Bunscoil

Meánscoil