Skip to content

I mBéal an Phobail

Míreanna Mearaí Adhmaid – Amuigh Faoin Spéir

Seit blocanna beaga adhmaid ar féidir iad a chur le chéile nó a bhaint dá chéile.

Míreanna Mearaí Adhmaid – An Siopa – Uimhreacha

Míreanna mearaí adhmaid – sa siopa! Aois 3+

Míreanna Mearaí Adhmaid – Dathanna (Bogha Báistí/Tuar Ceatha)

Míreanna Mearaí Adhmaid: Dathanna (Bogha Báistí/Tuar Ceatha). Na dathanna atá san áireamh sa seit seo: dubh, bán, bándearg, donn, liath, corcra, gorm, glas, buí, oráiste agus dearg.

Míreanna Mearaí Adhmaid – Cruimhíní

Míreanna mearaí adhmaid, cruimheanna beaga bídeacha! Aois 3+ Ó bholb go féileacán, bóín Dé agus beach – seo cuid de na cruimhíní a fheictear sa ghairdín.

Prionta A4 – Samhlaíocht | Carn leabhar (Nine Arrow)

Prionta A4 le NineArrow. Níl fráma leis. Tá cairtchlár tiubh taobh thiar de.

Prionta A4 – Sliogáin Mhara na hÉireann (Nine Arrow)

Prionta A4 le Nine Arrow de shliogáin mhara choitianta na hÉireann.

Thirty-Two Words for Field – Lost words of the Irish landscape

Saothar le Manchán Magan (i mBéarla) faoi théarmaí Gaeilge.

Míreanna Mearaí Adhmaid – Ainmhithe Feirme

Is breá le feirmeoirí óga na Míreanna mearaí adhmaid. Is féidir feirm bheag a dheanamh leis an seacht n-ainmhí nó iad a chur le chéile mar aonad iomlán. Is bréagán iontach, láidir iad seo do lámha beaga agus do dhaoine ag foghlaim an teanga. Tá cuma alainn air leis!

Prionta A4 – Aibítir | Cló Gaelach (Nine Arrow)

Prionta A4: an aibítir sa chló Gaelach, deartha ag Nine Arrow. Níl fráma leis.

Míreanna Mearaí Adhmaid – Sa Bhaile

Seit blocanna adhmaid a thagann le chéile chun suíomh baile a chruthú, agus stór focal Gaeilge ar na blocanna. Déanta ag Alphabet Jigsaws.

Prionta A4 – Bród (NineArrow)

Prionta A4 le NineArrow.

Míreanna Mearaí Cairtchláir A3 – Na Lochlainnaigh

Mireanna mearaí cairtchláír A3 a leiríonn cúrsaí taistil na lochlainnaigh

**Réamhordú – Bealtaine 2024** Bran – Bréagán agus Leabhar i mBosca

Bréagán beag bog agus leabhar le chéile. Toisí an bhréagáin: 6x4x3 orlach. #SpraoiLeBran

Listen to the Land Speak – A journey into the Wisdom of what lies Beneath Us

Leabhar le húdar ‘Thirty-Two Words for Field’ agus ‘Tree Dogs, Banshee Fingers and other words for Nature’.

An File Mícheál Ó Gaoithín – The Blasket Painter – Selected and Introduced by Maria Simonds-Gooding

Leabhar faoi sceitseanna agus obair phéinteála a rinne Mícheál ‘An File’ Ó Gaoithín.

Míreanna Mearaí Adhmaid – Contaetha na hÉireann (Éire) Ildaite

Míreanna mearaí déanta as adhmaid. Contaetha na tíre ar bhlocanna beaga adhmaid, ar féidir iad a bhaint dá chéile nó a chur ar ais san áit cheart. Oiriúnach do pháistí in aois 5+.

That Place we Call Home

Leabhar Béarla le John Creedon mar gheall ar logainmneacha na hÉireann.

Maidhc sa Danmhairg [crua] (ar athláimh)

P. D. Linín. Sáirséal agus Dill, an chéad chló 1968. Clúdach crua, riocht an-mhaith. Dorchú ar an droim, cúpla smál beag ar an chlúdach. Cúinní beagán brúite. Bloc téacs an-ghlan.

An Piarsach Óg agus Conradh na Gaeilge (ar athláimh)

Frank O’Brien. Leabhrán bog, riocht maith go leor. Smál ar an chlúdach agus meirg ar na stáplaí. Bloc téacs an-ghlan.

Éigse Nua-Ghaedhilge Cuid a hAon 1600-1700 (ar athláimh)

Comhlucht Oideachais na hÉireann. Clúdach crua. Riocht maith go leor. Spota dúiche ar an imeall. An clúdach crua beagán caite ar an imeall.

Passion and Cunning and Other Essays (ar athláimh)

Conor Cruise O’Brien. Paladin, 1988. Clúdach bog, riocht maith. Cúpla marc beag ar an chlúdach agus dorchú ar na leathanaigh.

Scéalta Sealgaire (ar athláimh)

.i. Zapiski Okhoynika. Máighréad Nic Mhaicín. Oifig an tSoláthair, an chéad chló, 1954. Clúdach crua le forchlúdach, riocht an-mhaith. Dath an fhorchlúdaigh ídithe ar an droim agus imeall. Cúpla smál an-bheag air, an imeall fíorbheagáinín caite. Na leathanaigh beagáinín dorcha ach an-ghlan.

Irish Folk-Tales (ar athláimh)

Jeremiah Curtin. Curtha in eagar ag Séamus Ó Duilearga. The Talbot Press Ltd., 1967. Clúdach crua le forchlúdach, riocht math go leor. Dath an droma agus clúdach ídithe, smál ar an chlúdach. Deannach ar an taobh. Bloc téacs an-glan.

The Meaning of the Famine (ar athláimh)

The Irish World Wide – History, Heritage, Identity Volume Six. The Meaning of Famine. Edited by Patrick O’Sullivan. Leicester University Press, 2000. Clúdach bog, riocht an-mhaith.

An Dá Fhórsa (ar athláimh)

Tomás Ó Muircheartaigh. Conradh na Gaeilge, 1956. P:eabhrán bog, riocht maith. Dorchú ar an imeall, meirg ar an stápla.

Linda (ar athláimh)

Pádraig Ó Snodaigh. Aistrithe agus curtha in eagar ag Rosangela Barone. Mobydick, 1997. Leabhán bog, i riocht an-mhaith.

Inlaws and Outlaws (ar athláimh)

John B. Keane. Mercier Press, 1995. Clúdach bog, riocht an-mhaith. Cúpla smál an-bheag ar an chlúdach agus taobh.

Revolutionary Movements of the Past (ar athláimh)

Repsol Pamphlet no.4. J. de Courcy Ireland. October, 1971. Leabhrán bog, riocht maith. Marcanna agus smál ar an chlúdach. Bloc téacs an-ghlan.

The Science of Home Life: A Text-Book of Domestic Economy (ar athláimh)

Royal School Series. W. Jerome Harrison. T. Nelson and Sons, 1890. Clúdach crua gan fhorchlúdach, riocht maith go leor. Smál ar an chlúdach agus na cúinní brúite. Spotaí ar an taobh. Bloc téacs an-ghlan.

Comhlucht na Maide Mianach (ar athláimh)

Freeman Wills Crofts. Seán Mac Maoláin a d’aistrigh. Oifig Díolta Foilseacháin Rialtais, 1933. Clúdach crua, gan forchlúdach. Imill caite, dath ídithe agus smál ar an chlúdach. Dorchú agus spotaí ar an taobh.

Eireaball Spideoige (ar athláimh)

Seán Ó Ríordáin. Sáirséal agus Dill, 1970. Clúdach crua gan fhorchlúdach, riocht an-mhaith. Cúpla smál beag ar an chlúdach, dath an droma ídithe. Na cúinní fíorbheagáinín caite. Bloc téacs an-ghlan.

Dealg-Róisín (ar athláimh)

Sídhe-Sgéalta Ghrimm. Riocht caite. Leathanach teidil stróicthe ón leabhar, agus breacphictiúir taobh istigh agus ar chúl. Smál ar an chlúdach, atá caite. Dorchú ar na leathanaigh. Droim leochaileach, éalaithe ón leabhar ar chúl.

The Damnable Question (ar athláimh)

A study in Anglo-Irish relations. George Dangerfield. Constable London, 1977. Clúdach crua, le forchlúdach. Riocht maith. Dath an fhorchlúdaigh agud dath an droma ídíthe. Spotaí ar barr. Smál beag ar an gcéad chúpla leathanach. 400 lch.

Dúmhál (ar athláimh)

Eoghan Ó Grádaigh. Sáirséal agus Dill. An Chéad Chló, 1968. Clúdach crua le forchlúdach plaisteach, riocht maith. Smál/spotaí ar an bhforchlúdach, dorchú ar an droim. Spotaí ar an taobh. Bloc téacs an-ghlan.

Martin McGuinness – From Guns to Government (ar athláimh)

Liam Clarke agus Kathryn Johnston. Mainstream Publishing, 2003. Clúdach bog, riocht an-mhaith.

Poetry Ireland Review Issue Number 49 (ar athláimh)

In eagar ag Liam Ó Muirthile. Spring/Earrach 1996. Clúdach bog, riocht an-mhaith.

Cré na Cille [1996] (ar athláimh)

Máirtín Ó Cadhain. Sáirséal Ó Marcaigh, 1996. Clúdach bog. Geall le bheith nua.

Leabhair Scoile

Bunscoil

Meánscoil