Skip to content
Glaoigh orainn/Call us: +353 (0) 1 478 3814

I mBéal an Phobail

Thirty-Two Words for Field – Lost words of the Irish landscape

Saothar le Manchán Magan (i mBéarla) faoi théarmaí Gaeilge.

Prionta A4 – Samhlaíocht | Carn leabhar (Nine Arrow)

Prionta A4 le NineArrow. Níl fráma leis. Tá cairtchlár tiubh taobh thiar de.

That Place we Call Home

Leabhar Béarla le John Creedon mar gheall ar logainmneacha na hÉireann.

Prionta A4 – Aibítir | Cló Gaelach (Nine Arrow)

Prionta A4: an aibítir sa chló Gaelach, deartha ag Nine Arrow. Níl fráma leis.

Míreanna Mearaí Adhmaid – An Siopa – Uimhreacha

Míreanna mearaí adhmaid – sa siopa! Aois 3+

Míreanna Mearaí Adhmaid – Ainmhithe Feirme

Is breá le feirmeoirí óga na Míreanna mearaí adhmaid. Is féidir feirm bheag a dheanamh leis an seacht n-ainmhí nó iad a chur le chéile mar aonad iomlán. Is bréagán iontach, láidir iad seo do lámha beaga agus do dhaoine ag foghlaim an teanga. Tá cuma alainn air leis!

Listen to the Land Speak – A journey into the Wisdom of what lies Beneath Us

Leabhar le húdar ‘Thirty-Two Words for Field’ agus ‘Tree Dogs, Banshee Fingers and other words for Nature’.

Prionta A4 – Bród (NineArrow)

Prionta A4 le NineArrow.

Míreanna Mearaí Adhmaid – Contaetha na hÉireann (Éire) Ildaite

Míreanna mearaí déanta as adhmaid. Contaetha na tíre ar bhlocanna beaga adhmaid, ar féidir iad a bhaint dá chéile nó a chur ar ais san áit cheart. Oiriúnach do pháistí in aois 5+.

Míreanna Mearaí Cairtchláir A3 – Na Lochlainnaigh

Mireanna mearaí cairtchláír A3 a leiríonn cúrsaí taistil na lochlainnaigh

Míreanna Mearaí Adhmaid – Amuigh Faoin Spéir

Seit blocanna beaga adhmaid ar féidir iad a chur le chéile nó a bhaint dá chéile.

Prionta A4 – Sliogáin Mhara na hÉireann (Nine Arrow)

Prionta A4 le Nine Arrow de shliogáin mhara choitianta na hÉireann.

Míreanna Mearaí Adhmaid – Cruimhíní

Míreanna mearaí adhmaid, cruimheanna beaga bídeacha! Aois 3+ Ó bholb go féileacán, bóín Dé agus beach – seo cuid de na cruimhíní a fheictear sa ghairdín.

Míreanna Mearaí Adhmaid – Dathanna (Bogha Báistí/Tuar Ceatha)

Míreanna Mearaí Adhmaid: Dathanna (Bogha Báistí/Tuar Ceatha). Na dathanna atá san áireamh sa seit seo: dubh, bán, bándearg, donn, liath, corcra, gorm, glas, buí, oráiste agus dearg.

Míreanna Mearaí Adhmaid – Sa Bhaile

Seit blocanna adhmaid a thagann le chéile chun suíomh baile a chruthú, agus stór focal Gaeilge ar na blocanna. Déanta ag Alphabet Jigsaws.

An File Mícheál Ó Gaoithín – The Blasket Painter – Selected and Introduced by Maria Simonds-Gooding

Leabhar faoi sceitseanna agus obair phéinteála a rinne Mícheál ‘An File’ Ó Gaoithín.

**Réamhordú – Bealtaine 2024** Bran – Bréagán agus Leabhar i mBosca

Bréagán beag bog agus leabhar le chéile. Toisí an bhréagáin: 6x4x3 orlach. #SpraoiLeBran

Saoghal Corrach (ar athláimh)

Clúdach crua, forchlúdach leis, forchlúdach eile breise fós lámhdhéanta leis. I riocht an-mhaith, an forchlúdach an-glan. Baile Átha Cliath, An Press Náisiúnta.

Iomramh Aigne (ar athláimh)

Gearóid Denvir. An Clóchomhar 1976. An chéad chló. Clúdach crua, forchlúdach leis. Riocht maith. An forchlúdach píosa beag caite.

Senior English (ar athláimh)

DJ Murphy. Mercier Educational, 1974. Clúdach bog, riocht maith. Dath an droma ídithe, dath an chlúdaigh ídithe beagáinín chomh maith. Cúpla marc an-bheag air. Bloc téacs an-ghlan.

The Green Cockade – The Irish in the French Revolution 1789-1815 (ar athláimh)

Liam Swords. Glendale, 1989. Clúdach bog, riocht maith. Dath an droim ídithe, marcanna air. Dorchú ar na leathanaigh. Ainm an iar-úinéir scríofa taobh istigh.

Géograif don Ghaedheal Óg – Cuid a hAon (ar athláimh)

Éire. Liam Ó Briain a d’aistrigh. Comhlucht Oideachais na hÉireann, 1930. Clúdach crua gan fhorchlúdach. Riocht maith. Dath an chlúdaigh ídithe, na himill beagáinín caite agus smál air. Dorchú agus spotaí ar an taobh. Ainmneacha na n-iar-úinéirí taobh istigh. Léarscáil fillte greamaithe isteach ar cúl an leabhair, ruachan uirthi sin.

Foclóir Gaeilge – Béarla (ar athláimh)

Niall Ó Dónaill. Eagarthóir Comhairleach: Tomás de Bhaldraithe. Oifig an tSoláthair, 1977. Clúdach crua le forchlúdach, riocht maith. Dath an chlúdaigh ídithe in áiteanna, cúpla smál beag air agus é caite beagáinín ar an imeall. Riocht an-mhaith taobh istigh.

Retreat from Revolution – The Dáil Courts, 1920-24 (ar athláimh)

Mary Kotsonouris. Irish Academic Press, 1994. Clúdach bog, riocht maith. Clúdach beagáinín lúbtha, smál air. Smál ar an taobh chomh maith. Bloc téacs an-ghlan.

Desiderius – Otherwise Called Sgáthán an Chrábhaidh [1941] (ar athláimh)

Mediaeval and Modern Irish Series. Volume XII. The Stationery Office, 1941. Flaithrí Ó Maolchonaire (Florence Conry), in eagar ag Thomas F. O’Rahilly. Clúdach crua, marcanna ar an gclúdach agus é caite ar an imeall agus ar an droim. Nótaí ar chuid de na leathanaigh, ruachan ar chuid de na leathanaigh.

Focklioar Giare Gaelg-Baarle: (ar athláimh)

A Short Dictionary of Manx Gaelic. William Wood. Alex MacLaren & Sons, 1950. Leabhrán bog, i riocht cuibheasach maith. Dorchú agus smál ar an gclúdach.

The Crown of Ireland (ar athláimh)

Breandán Ó Buachalla. Arlen House, 2006. Clúdach bog, riocht an-mhaith.

Emmet (ar athláimh)

Leon Ó Broin. Sáirséal agus Dill, An Chéad Chló 1954. Clúdach bog le forchlúdach, i riocht cuibheasach maith. Droim stróicthe ar an bhforchlúdach. Dorchú ar na leathanaigh. Síniú an iar-úinéara laistigh.

Wordshop (ar athláimh)

D.U. Writers’ Workshop. Clúdach bog, riocht maith. Cúpla smál an-bheag ar an chlúdach.

Na Cheithre Soisgéil as an dTiomna Nua (ar athláimh)

An tAthair Peadar Ua Laoghaire Canonach. Gan dáta, Brún agus Ó Nualláin Teor. Clúdach crua gan fhorchlúdach. I riocht an-mhaith, Barr agus bun an droma brúite beagáinín, críoch dearg ar imeall na leathanach ar fad. Síniú an iar-úinéara scríofa laistigh.

Irish Revolutionaries – The Autobiography of Archibald Hamilton Rowan (ar athláimh)

Edited by William H. Drummond. Irish University Press, 1972. Clúdach crua, le forchlúdach. Riocht maith.

An Cultúr agus an Duine (ar athláimh)

Diarmuid Ó Gráinne a thúsaigh agus Dáithí Ó hÓgáin a chuir in eagar. Coiscéim, 1993. Clúdach bog, riocht iontach. Smál beag ar chúl.

New Ireland Forum Report (ar athláimh)

2nd May 1984. Leabhrán bog, riocht cuibheasach maith. Dorchú agus spotaí ar an chlúdach agus na leathanaigh cheangail. Bloc téacs an-ghlan.

Ár Ré Dhearóil (ar athláimh)

Dánta le Máirtín Ó Direáin. An Clóchomhar Tta, 1962. An Chéad Cló. Clúdach crua gan forchlúdach, riocht maith. Dath an chlúdaigh ídithe áit ina raibh leabhar eile ar barr. Cúpla smál beag air. Ainm an iar-úinéara taobh istigh.

Comhghuaillithe na Réabhlóide 1913-1916 (ar athláimh)

Pádraig Ó Snodaigh. An Clóchomhar Tta., 1966. Clúdach crua le forchlúdach, riocht maith. Dorchú ar an bhforchlúdach, caite ar an imeall. Smál ar an bhforchlúdach freisin. Dorchú ar na leathanaigh cheangail.

Flós Fómhair 1975 (ar athláimh)

Clúdach bog, dorchú ar an gclúdach. Riocht maith. Foilsithe ag An tOireachtas. In eagar ag Aogán Ó Muircheartaigh.

The Irish Leprechaun Book

Leabhair Scoile

Bunscoil

Meánscoil