Skip to content
Glaoigh orainn/Call us: +353 (0) 1 478 3814

I mBéal an Phobail

Prionta A4 – Bród (NineArrow)

Prionta A4 le NineArrow.

Listen to the Land Speak – A journey into the Wisdom of what lies Beneath Us

Leabhar le húdar ‘Thirty-Two Words for Field’ agus ‘Tree Dogs, Banshee Fingers and other words for Nature’.

Míreanna Mearaí Adhmaid – Ainmhithe Feirme

Is breá le feirmeoirí óga na Míreanna mearaí adhmaid. Is féidir feirm bheag a dheanamh leis an seacht n-ainmhí nó iad a chur le chéile mar aonad iomlán. Is bréagán iontach, láidir iad seo do lámha beaga agus do dhaoine ag foghlaim an teanga. Tá cuma alainn air leis!

An File Mícheál Ó Gaoithín – The Blasket Painter – Selected and Introduced by Maria Simonds-Gooding

Leabhar faoi sceitseanna agus obair phéinteála a rinne Mícheál ‘An File’ Ó Gaoithín.

Prionta A4 – Sliogáin Mhara na hÉireann (Nine Arrow)

Prionta A4 le Nine Arrow de shliogáin mhara choitianta na hÉireann.

Míreanna Mearaí Adhmaid – Amuigh Faoin Spéir

Seit blocanna beaga adhmaid ar féidir iad a chur le chéile nó a bhaint dá chéile.

Míreanna Mearaí Adhmaid – Contaetha na hÉireann (Éire) Ildaite

Míreanna mearaí déanta as adhmaid. Contaetha na tíre ar bhlocanna beaga adhmaid, ar féidir iad a bhaint dá chéile nó a chur ar ais san áit cheart. Oiriúnach do pháistí in aois 5+.

Míreanna Mearaí Adhmaid – Dathanna (Bogha Báistí/Tuar Ceatha)

Míreanna Mearaí Adhmaid: Dathanna (Bogha Báistí/Tuar Ceatha). Na dathanna atá san áireamh sa seit seo: dubh, bán, bándearg, donn, liath, corcra, gorm, glas, buí, oráiste agus dearg.

Míreanna Mearaí Adhmaid – Cruimhíní

Míreanna mearaí adhmaid, cruimheanna beaga bídeacha! Aois 3+ Ó bholb go féileacán, bóín Dé agus beach – seo cuid de na cruimhíní a fheictear sa ghairdín.

Prionta A4 – Samhlaíocht | Carn leabhar (Nine Arrow)

Prionta A4 le NineArrow. Níl fráma leis. Tá cairtchlár tiubh taobh thiar de.

Míreanna Mearaí Cairtchláir A3 – Na Lochlainnaigh

Mireanna mearaí cairtchláír A3 a leiríonn cúrsaí taistil na lochlainnaigh

Thirty-Two Words for Field – Lost words of the Irish landscape

Saothar le Manchán Magan (i mBéarla) faoi théarmaí Gaeilge.

Míreanna Mearaí Adhmaid – An Siopa – Uimhreacha

Míreanna mearaí adhmaid – sa siopa! Aois 3+

**Réamhordú – Bealtaine 2024** Bran – Bréagán agus Leabhar i mBosca

Bréagán beag bog agus leabhar le chéile. Toisí an bhréagáin: 6x4x3 orlach. #SpraoiLeBran

That Place we Call Home

Leabhar Béarla le John Creedon mar gheall ar logainmneacha na hÉireann.

Prionta A4 – Aibítir | Cló Gaelach (Nine Arrow)

Prionta A4: an aibítir sa chló Gaelach, deartha ag Nine Arrow. Níl fráma leis.

Míreanna Mearaí Adhmaid – Sa Bhaile

Seit blocanna adhmaid a thagann le chéile chun suíomh baile a chruthú, agus stór focal Gaeilge ar na blocanna. Déanta ag Alphabet Jigsaws.

Síol Éabha – Sgéalta ó Láimh Phádraic Uí Chonaire [crua] (ar athláimh)

Téip ar an droim toisc go bhfuil sé briste. Dath ídithe ar na himill. Smál ar an gclúach agus ar an gcúl. Scríobhneoireacht/marcanna ar cúpla leathanach. Dorchú ar na leathanaigh cheangail. Comhlucht Oideachais na hÉireann. Pádraic Ó Conaire. 94 lth. De réir comhaontú leis an té a thug na leabhair seo dúinn, tá an praghas…

Revolution – A Photographic History … (ar athláimh)

A Photographic History of Revolutionary Ireland 1913-1923. Pádraig Óg Ó Ruairc. Mercier Press, 2011. Clúdach crua le forchlúdach, riocht an-mhaith. Cúpla smál beag ar an chlúdach, atá beagáinín caite sna cúinní.

Fearfeasa MacFeasa (ar athláimh)

Pádraic Ó Conaire. Clúdach crua, gan forchlúdach. Smál ar an chlúdach agus imeall/droim caite. Dorchú ar na leathanaigh, spotaí ar an taobh.

Dánta Ó Gach Cúige (ar athláimh)

Cnuasach Dán le h-Aghaidh Árd-Rang na mBun-sgol. Brún agus Ó Nualláin Teor. Leabhrán bog, riocht cuibheasach maith. Dath an chlúdaigh ídithe, smál agus scríbhneoireacht air. Meirg ar na stáplaí.

The Best of Dorothy Parker (ar athláimh)

Dorothy Parker, Gerard Duckworth & Co. agus Viking Penguin, 1995. Clúdach crua le bosca. Riocht sár-mhaith. Bloc téacs an-ghlan.

Coillte an Cheoil (ar athláimh)

Séamus Ó Céilleachair. An chéad chló 1955. Oifig Díolta Foillseacháin Rialtais. Clúdach leathchrua le forchlúdach nach féidir baint. Dath an chlúdaigh ídithe. Na leathanaigh an-glan.

Téarmaí Gramadaí na Sean-Ghaeilge (ar athláimh)

Grammatical Terms of Old Irish. Anders Ahlqvist a thiomsaigh. An Gúm, an chéad chló 1993. Leabhrán bog, riocht maith. Beagáinín deannaigh ar an chlúdach. Bloc téacs an-ghlan.

Críost Mac Dé (cuid a trí) – Peadar Ua Laoghaire (ar athláimh)

1925, foilsithe i ndiaidh bhás an Athair Peadar. Brún agus Ó Nualláin. Clúdach crua, riocht an-mhaith.

An Lomnochtán (ar athláimh)

Eoghan Ó Tuairisc. Mercier, 1977. Clúdach bog, riocht maith. Smál ar an chlúdach. Dorchú ar na leathanaigh ach iad an-ghlan.

Slán le Luimneach (ar athláimh)

Ciarán Ó Coigligh. Coiscéim, 1998. Clúdach bog, riocht an-mhaith.

Maidhc sa Danmhairg [leath-chrua] (ar athláimh)

P. D. Linín. Sáirséal agus Dill, an chéad chló 1968. Clúdach leath-chrua, riocht maith. Smál ar an chlúdach. Dorchú ar an droim agus na leathanaigh. Bloc téacs an-ghlan. Greamán ar an chlúdach.

The Modern Traveller to theEarly Irish Church. (ar athláimh)

Kathleen Hughes and Ann Hamlin. Four Courts Press, 1977. Clúdach bog, riocht an-mhaith. Smál beag ar bun.

Was the Treaty of Limerick Signed on the Treaty Stone? (ar athláimh)

A.J. O’Halloran. Limerick Leader, Ltd. Leabhrán bog, riocht cuibheasach maith. Smál agus dorchú ar an chlúdach, meirg ar na stáplaí. Spotaí air.

Ruathar Anall (ar athláimh)

Eoghan Ó Grádaigh. Sáirséal agus Dill, An Chéad Chló 1962. Clúdach bog, i riocht cuibheasach maith. Dorchú ar an gclúdach, ar an droim agus ar na leathanaigh laistigh.

Iomramh Ghlómair (ar athláimh)

Seán Mac Maoláin do scríobh. Oifig an tSoláthair, An Chéad Chló, 1952. Clúdach crua gan fhorchludach, i riocht maith. Smál ar an gclúdach ar cúl. Dorchú ar na leathanaigh laistigh. Sa tSeanchló.

Uaigneas an Ghleanna / Chun na Farraige Síos (ar athláimh)

J.M. Synge. Aistrithe ag Tomás Ó Flaithearta. Sáirséal Ó Marcaigh, 1985. Clúdach bog, riocht maith. Cúpla marc agus smál ar an chlúdach. Bloc téacs an-ghlan.

The Irish Review – October 1913 (ar athláimh)

A Monthly Magazine of Irish Literature, Art & Science. The Irish Review Publishing Company. Clúdach bog, riocht caite. Clúdach ag éalú, fuáil le feiceáil taobh istigh. Dorchú agus smáil ar an chlúdach, caite ar an imeall. Smáil agus dorchú ar na leathanaigh. Gearrthóga nuachtáin taobh istigh.

Téarmaí Tógála agus Tís as Inis Meáin (ar athláimh)

Mícheál Ó Siadhail. Institiúid Ard-Léinn Bhaile Átha Cliath 1978. Clúdach crua, níl forchlúdach leis. Ainm an iar-úinéara leis. Riocht an-mhaith,

Gunna Cam agus Slabhra Óir (ar athláimh)

Seán Ó Tuama. Dráma Véarsaíochta Thrí Ghníomh. Sáirséal agus Dill, an chéad chló 1967. Clúdach crua le forchlúdach plaisteach, riocht an-mhaith. Smál agus roic ar an bhforchlúdach. Na leathanaigh an-ghlan.

Dúmhál [crua, 1968] (ar athláimh)

133 leathanach. Leabhar crua, smál ar an gclúdach ag teacht isteach ón imeall. Clúdach breise plaisteach air, ach níl sin go hiomlán greamaithe ina áit níos mó.

Leabhair Scoile

Bunscoil

Meánscoil