Skip to content
Glaoigh orainn/Call us: +353 (0) 1 478 3814

I mBéal an Phobail

Míreanna Mearaí Adhmaid – Cruimhíní

Míreanna mearaí adhmaid, cruimheanna beaga bídeacha! Aois 3+ Ó bholb go féileacán, bóín Dé agus beach – seo cuid de na cruimhíní a fheictear sa ghairdín.

Míreanna Mearaí Adhmaid – An Siopa – Uimhreacha

Míreanna mearaí adhmaid – sa siopa! Aois 3+

Prionta A4 – Bród (NineArrow)

Prionta A4 le NineArrow.

Thirty-Two Words for Field – Lost words of the Irish landscape

Saothar le Manchán Magan (i mBéarla) faoi théarmaí Gaeilge.

Míreanna Mearaí Adhmaid – Ainmhithe Feirme

Is breá le feirmeoirí óga na Míreanna mearaí adhmaid. Is féidir feirm bheag a dheanamh leis an seacht n-ainmhí nó iad a chur le chéile mar aonad iomlán. Is bréagán iontach, láidir iad seo do lámha beaga agus do dhaoine ag foghlaim an teanga. Tá cuma alainn air leis!

That Place we Call Home

Leabhar Béarla le John Creedon mar gheall ar logainmneacha na hÉireann.

Míreanna Mearaí Cairtchláir A3 – Na Lochlainnaigh

Mireanna mearaí cairtchláír A3 a leiríonn cúrsaí taistil na lochlainnaigh

Prionta A4 – Sliogáin Mhara na hÉireann (Nine Arrow)

Prionta A4 le Nine Arrow de shliogáin mhara choitianta na hÉireann.

**Réamhordú – Bealtaine 2024** Bran – Bréagán agus Leabhar i mBosca

Bréagán beag bog agus leabhar le chéile. Toisí an bhréagáin: 6x4x3 orlach. #SpraoiLeBran

Míreanna Mearaí Adhmaid – Sa Bhaile

Seit blocanna adhmaid a thagann le chéile chun suíomh baile a chruthú, agus stór focal Gaeilge ar na blocanna. Déanta ag Alphabet Jigsaws.

An File Mícheál Ó Gaoithín – The Blasket Painter – Selected and Introduced by Maria Simonds-Gooding

Leabhar faoi sceitseanna agus obair phéinteála a rinne Mícheál ‘An File’ Ó Gaoithín.

Míreanna Mearaí Adhmaid – Contaetha na hÉireann (Éire) Ildaite

Míreanna mearaí déanta as adhmaid. Contaetha na tíre ar bhlocanna beaga adhmaid, ar féidir iad a bhaint dá chéile nó a chur ar ais san áit cheart. Oiriúnach do pháistí in aois 5+.

Listen to the Land Speak – A journey into the Wisdom of what lies Beneath Us

Leabhar le húdar ‘Thirty-Two Words for Field’ agus ‘Tree Dogs, Banshee Fingers and other words for Nature’.

Míreanna Mearaí Adhmaid – Amuigh Faoin Spéir

Seit blocanna beaga adhmaid ar féidir iad a chur le chéile nó a bhaint dá chéile.

Prionta A4 – Aibítir | Cló Gaelach (Nine Arrow)

Prionta A4: an aibítir sa chló Gaelach, deartha ag Nine Arrow. Níl fráma leis.

Míreanna Mearaí Adhmaid – Dathanna (Bogha Báistí/Tuar Ceatha)

Míreanna Mearaí Adhmaid: Dathanna (Bogha Báistí/Tuar Ceatha). Na dathanna atá san áireamh sa seit seo: dubh, bán, bándearg, donn, liath, corcra, gorm, glas, buí, oráiste agus dearg.

Prionta A4 – Samhlaíocht | Carn leabhar (Nine Arrow)

Prionta A4 le NineArrow. Níl fráma leis. Tá cairtchlár tiubh taobh thiar de.

Obair Níocháin (ar athláimh)

Hylda M. Lancaster. Aistrithe ag Gearóid Mac Spealáin. Oifig an tSoláthair. An chéad chló, 1958. Clúdach crua gan fhorchlúdach, riocht maith go leor. Smal ar an chlúdach agus dath ídithe in áiteanna. Dorchú ar na leathanaigh ach bloc téacs an-ghlan.

Seán Ó Ruadháin – Saol agus Saothar (ar athláimh)

Leabhair Thaighde. An 68ú hImleabhar. Máirtín Mac Niocláis. An Clóchomhar Tta., An Chéad Chló 1991. Clúdach crua le forchlúdach. Dath an fhorchlúdaigh ídithe.

Bruighean Feille (ar athláimh)

Niall Ó Domhnaill. Oifig Díolta Foillseacháin Rialtais. 1934. Leabhar crua le forchlúdach páipéir lámhdhéanta. An forchlúdach caite agus breacphictiúir air. Dorchú agus spotaí ar an taobh. Bloc téacs glan.

G2 In Defence of Ireland (ar athláimh)

Irish Military Intelligence 1918 – 45. Maurice Walsh. The Collins Press, 2010. Riocht an-mhaith.

Welsh Words and Phrases (ar athláimh)

Emeralda Ltd., 1979. Clúdach bog, riocht iontach. Cúpla marc beag air.

Poems from the Irish (ar athláimh)

Gabriel Fitzmaurice, Marino Books. 2004. Clúdach bog. Riocht sár-mhaith. Bloc téacs an-ghlan.

Foclóir d’Eisirt (ar athláimh)

Curtha le chéile ag Eleanor Knott. Brún agus Ó Nóláin, Teor. Clúdach bog, le forchlúdach páipéir lámhdhéanta. Riocht maith go leor. Smál agus píosa scríbhneoireachta ar an bhforchlúdach. Dorchú ar na leathanaigh agus meirg ar na stáplaí.

Máirtín Ó Cadhain: Kirkegårdsjord (ar athláimh)

Máirtín Ó Cadhain: Cré na Cille. Arna aistriú go hIoruais Bokmal ag Rekdal, J. E. Oslo: Gyldendal Norsk. Husets Forlag, 2000. Clúdach bog, i riocht an-mhaith.

God’s Englishman – Oliver Cromwell and the English Revolution (ar athláimh)

Christopher Hill, Penguin Books, Pelican Biographies, 1972. Paperback, good condition.

Scríobh 1 (ar athláimh)

Curtha in eagar ag Seán Ó Mórdha. An Clóchomhar Tta, 1974. Clúdach bog, riocht maith. Smál ar an chlúdach agus dath ídithe ar an imeall. Spotaí ar an taobh. Ainm an iar-úinéir scríofa taobh istigh.

Old Celtic Romances (ar athláimh)

P. W. Joyce. The Talbot Press Ltd., reprinted 1961. Clúdach crua le forchlúdach, riocht maith. Dorchú ar an bhforchlúdach, smáil agus deannach air. Deannach ar an taobh. Na leathanaigh dorcha ach an-ghlan.

Measgra Dánta II (ar athláimh)

Miscellaneous Irish Poems. Cuid a dó. Curtha in eagar ag Thomas F. O’Rahilly. Cló Ollscoile Chorcaí 1977. Clúdach bog, riocht maith. Greamán agus marc ó chupán tae ar chúl. Na leathanaigh an-ghlan.

Mé féin is mo shaothar (3 siopaí agus 15 cearda) (ar athláimh)

Leabhrán, clúdach bog. Meirg ar na stáplaí. Na leathanaigh an-glan.

Great Irish Artists from Lavery to Le Brocquy [crua, 1997] (ar athláimh)

S.B. Kennedy. Forchlúdach leis. Ainm an iar-úinéara istigh ann. De réir comhaontú leis an té a thug na leabhair seo dúinn, tá an praghas díolta ar an leabhar seo á choinneáil chomh híseal agus is féidir linn le costais próiseála a chlúdach, le gur féidir leis na leabhair ar fad sa chnuasach baile nua a…

An Dord Féinne agus Dánta Eile (ar athláimh)

Clúdaithe le clúdach breise déanta as páipéar donn. Ruachan beag air. Cluaisíní beaga cait ann. Meirg ar na stáplaí. Nótaí ann scríofa le peann luaidhe.

Saighdiúr de Shluagh Uí Néill (ar athláimh)

With the Army of O’Neill. Clúdach crua, gan fhorchlúdach. 1935. Rev. T.A. Finlay. Proinnsias Ó Brógáin a d’aistrigh. Spotaí ar an imeall, bloc téacs glan.

Partition and the Limits of Irish Nationalism (ar athláimh)

An Ideology Under Stress. Clare O’Halloran. Gill & Macmillan, 1987. Clúdach bog, riocht an-mhaith.

Dark Patrick (ar athláimh)

Seumas MacManus. The Macmillan Company, 1939. Clúdach crua gan fhorchlúdach, riocht maith. Smáil ar an chlúdach, taobh agus na leathanaigh cheangail. Bloc téacs an-ghlan.

Éanlaith Fhra Angelico (A) (ar athláimh)

Antonio Tabucchi. Máire NIc Mhaoláin a chuir i nGaeilge. Coiscéim, 1987. Clúdach bog i riocht maith. Dorchú ar na leathanaigh agus ruachan ar an leathanach teidil.

Cleachta Lútha d’Aos Óg Éireann (ar athláimh)

Brún agus Ó Nóláin, Teor. Clúdach leath-chrua le forchlúdach lámhdhéanta páipéir. Forchlúdach beagáinín caite agus smál beaga air. Ruachan ar na leathanaigh cheangail, bloc teacs an-ghlan. Droim beagáinín leochaileach taobh istigh.

Leabhair Scoile

Bunscoil

Meánscoil