Skip to content
Glaoigh orainn/Call us: +353 (0) 1 478 3814

I mBéal an Phobail

Prionta A4 – Samhlaíocht | Carn leabhar (Nine Arrow)

Prionta A4 le NineArrow. Níl fráma leis. Tá cairtchlár tiubh taobh thiar de.

Míreanna Mearaí Cairtchláir A3 – Na Lochlainnaigh

Mireanna mearaí cairtchláír A3 a leiríonn cúrsaí taistil na lochlainnaigh

Prionta A4 – Sliogáin Mhara na hÉireann (Nine Arrow)

Prionta A4 le Nine Arrow de shliogáin mhara choitianta na hÉireann.

Thirty-Two Words for Field – Lost words of the Irish landscape

Saothar le Manchán Magan (i mBéarla) faoi théarmaí Gaeilge.

Míreanna Mearaí Adhmaid – An Siopa – Uimhreacha

Míreanna mearaí adhmaid – sa siopa! Aois 3+

Míreanna Mearaí Adhmaid – Sa Bhaile

Seit blocanna adhmaid a thagann le chéile chun suíomh baile a chruthú, agus stór focal Gaeilge ar na blocanna. Déanta ag Alphabet Jigsaws.

Prionta A4 – Bród (NineArrow)

Prionta A4 le NineArrow.

That Place we Call Home

Leabhar Béarla le John Creedon mar gheall ar logainmneacha na hÉireann.

An File Mícheál Ó Gaoithín – The Blasket Painter – Selected and Introduced by Maria Simonds-Gooding

Leabhar faoi sceitseanna agus obair phéinteála a rinne Mícheál ‘An File’ Ó Gaoithín.

Míreanna Mearaí Adhmaid – Amuigh Faoin Spéir

Seit blocanna beaga adhmaid ar féidir iad a chur le chéile nó a bhaint dá chéile.

Míreanna Mearaí Adhmaid – Ainmhithe Feirme

Is breá le feirmeoirí óga na Míreanna mearaí adhmaid. Is féidir feirm bheag a dheanamh leis an seacht n-ainmhí nó iad a chur le chéile mar aonad iomlán. Is bréagán iontach, láidir iad seo do lámha beaga agus do dhaoine ag foghlaim an teanga. Tá cuma alainn air leis!

Míreanna Mearaí Adhmaid – Contaetha na hÉireann (Éire) Ildaite

Míreanna mearaí déanta as adhmaid. Contaetha na tíre ar bhlocanna beaga adhmaid, ar féidir iad a bhaint dá chéile nó a chur ar ais san áit cheart. Oiriúnach do pháistí in aois 5+.

Prionta A4 – Aibítir | Cló Gaelach (Nine Arrow)

Prionta A4: an aibítir sa chló Gaelach, deartha ag Nine Arrow. Níl fráma leis.

Listen to the Land Speak – A journey into the Wisdom of what lies Beneath Us

Leabhar le húdar ‘Thirty-Two Words for Field’ agus ‘Tree Dogs, Banshee Fingers and other words for Nature’.

Míreanna Mearaí Adhmaid – Dathanna (Bogha Báistí/Tuar Ceatha)

Míreanna Mearaí Adhmaid: Dathanna (Bogha Báistí/Tuar Ceatha). Na dathanna atá san áireamh sa seit seo: dubh, bán, bándearg, donn, liath, corcra, gorm, glas, buí, oráiste agus dearg.

**Réamhordú – Bealtaine 2024** Bran – Bréagán agus Leabhar i mBosca

Bréagán beag bog agus leabhar le chéile. Toisí an bhréagáin: 6x4x3 orlach. #SpraoiLeBran

Míreanna Mearaí Adhmaid – Cruimhíní

Míreanna mearaí adhmaid, cruimheanna beaga bídeacha! Aois 3+ Ó bholb go féileacán, bóín Dé agus beach – seo cuid de na cruimhíní a fheictear sa ghairdín.

The Rhino’s Specs – Spéaclaí an tSrónbheannaigh (ar athláimh)

Dánta le Gabriel Rosenstock, aistrithe ag Gabriel Rosenstock. Mercier, 2002. Clúdach bog, riocht iontach.

Stáid an Lucht Saothair (ar athláimh)

Aistriú ar Litir an Phápa Leo XIII. Rerum Novarum. An tOllamh Cormac Ó Cadhlaigh. Brún agus Ó Nualláin, Teor., 1933. Leabhrán bog, riocht maith go leor. Dorchú agus roic ar an chlúdach, agus smál air. Meirg ar na stáplaí. Stampaí iar-leabharlainne air agus nótaí scríofa i bpeann luaidhe ar chúl. Bloc téacs an-ghlan.

The Hill of Tara [1955] (ar athláimh)

Robert R. Callary, James Duffy & Co, 1955. Leabhrán bog, 50 lth. Dath ídithe ar chúl an chlúdaigh, smál uisce ar an leathanach teidil. Riocht an-mhaith.

Cnámha sgéal na nUghdar (ar athláimh)

Leabhrán, clúdach bog. An Press Náisiúnta. Liam Ó Riain. Riocht an-mhaith.

Ár gCúrsaí Féin (ar athláimh)

Nioclás Tóibín. Brún agus Ó Nualláin, Teor. Clúdach bog, riocht maith. Dath an droma ídithe, cúpla marc ar an chlúdach. Ainm an iar-úinéara taobh istigh ach na leathanaigh an-ghlan.

An Geall a Briseadh (ar athláimh)

Tomás Bairéad. Oifig Díolt Foillseacháin Rialtais, 1946. Clúdach crua, gan forchlúdach. Riocht maith. Cúinní caite, smál ar an chlúdach. Leathanach cheangal gearrtha ón leabhar. Dorchú ar na leathanaigh.

Céad Bliain 1871-1971 (ar athláimh)

Stair agus Seanchas Pharóiste an Fheirtéaraigh. Curtha in eagar ag Mícheál Ó Ciosáin. Oidhreacht Chorca Dhuibhne. Clúdach crua le forchlúdach, riocht iontach. Cúpla smál beag ar an bhforchlúdach.

How to Paint and Draw (ar athláimh)

With 300 illustrations in colour and 150 in black-and-white. Bodo W. Jaxtheimer. Thames and Hudson, 1970. Clúdach crua, riocht maith.

Tales of the R.I.C. (ar athláimh)

William Blackwood and Sons, 1921. Clúdach crua, riocht cuibheasach maith. Imeall an chlúdaigh caite, smál air chomh maith. Spotaí ar an taobh agus na leathanaigh cheangail. Bloc téacs an-ghlan.

Clisiam Charman (ar athláimh)

Conchubhar Ó Muimhneacháin. Leagan Gaeilge de ‘Thunder an’ Turf’, an Rev. Mark O’Byrne. Clúdach leathchrua. Riocht an-mhaith.

Margadh na Saoire (ar athláimh)

Bailiúchán véarsaí le Máire Mhac an tSaoi. Sáirséal agus Dill, An Chéad Chló,1956. Clúdach crua le forchlúdach plaisteach atá stróicthe ar barr agus ar bun. Riocht maith ar an iomlán. Ainm an iar-úinéara scríofa laistigh.

In Time of War (ar athláimh)

Ireland, Ulster and the price of neutrality 1939-45. Robert Fisk. André Deutsch Limited, 1983. Clúdach crua le fórclúdach. Dath an fhorchlúdaigh ídíthe. 565 lch.

Dréachta (ar athláimh)

Pádraig Ó Domhnalláin. Oifig an tSoláthair, 1938. Clúdach leath-chrua, riocht maith go leor. Dorchú ar an droim/clúdach, agus smál air. Spotaí ar roinnt leathanaigh. Dorchú ar an taobh chomh maith. Fuáil ag éirí leochaileach taobh istigh den chlúdach.

Trom agus Éadrom (ar athláimh)

Mícheál Breathnach. Comhlucht Oideachais na hÉireann. Clúdach bog, riocht caite. Smál agus breacphicitúir ar an chlúdach, cúinní lúbtha agus droim stróicthe. Breacphicitúir taobh istigh agus scríbhneoireacht ar na leathanaigh.

Fiche Duan (ar athláimh)

A selection of Gaelic Poems from the Best Modern Authors. Edited wth notes and vocabulary by Shán Ó Cuív. Fourth impression. Brún agus Ó Nóláin, gan dáta. Clúdach leathchrua, i riocht cuibheasach caite. An clúdach brúite is caite. Cúpla nóta breactha ar dhornán leathanach. Dorchú ar na leathanaigh. Síniú an iar-úinéara laistigh.

Irish Freedom – The History of Nationalism in Ireland (ar athláimh)

Richard English. MacMillan, 2006. Clúdach crua le forchlúdach, riocht an-mhaith. Na leathanaigh beagáinín dorcha ach an-ghlan.

Lios an Óir – dráma dhá mhír do pháistí (ar athláimh)

Leabhrán bídeach tanaí 11.5 x 8.5cm. Ruachan ar an imeall, meirg ar na stáplaí. Clúdaithe le páipéar donn.

Cúrsaí Randolf (ar athláimh)

Siobhán Ní Shuilleabháin. Sáirséal agus Dill, an chéad chló, 1957. Clúdach bog, riocht maith go leor. Stáplaí sa chlúdach. Imeall beagáinín caite, smál ar an chlúdach. Na leathanaigh dorcha ach an-ghlan.

An Dá Chultúr (ar athláimh)

Máirtín Ó Braonáin. Clódhanna Teoranta, 1967. Leabhrán bog, riocht an-mhaith. Dath ídithe, beagáinín meirge ar na stáplaí, dorchú ar na leathanaigh.

Seanmóirí Muighe Nuadhad – Imleabhar a Dó (ar athláimh)

tógtha as na láimhscríbhinnibh i Leabharlann Mhór an Choláisde – iar n-a n-aithscríobhadh agus a gcur i n-eagar ag na macaibh-léighinn do Chonnradh Chuilm Naomhtha. M. H. Gill agus a Mhac, 1907.

Leabhair Scoile

Bunscoil

Meánscoil