Skip to content
Glaoigh orainn/Call us: +353 (0) 1 478 3814

I mBéal an Phobail

Míreanna Mearaí Adhmaid – Cruimhíní

Míreanna mearaí adhmaid, cruimheanna beaga bídeacha! Aois 3+ Ó bholb go féileacán, bóín Dé agus beach – seo cuid de na cruimhíní a fheictear sa ghairdín.

Prionta A4 – Aibítir | Cló Gaelach (Nine Arrow)

Prionta A4: an aibítir sa chló Gaelach, deartha ag Nine Arrow. Níl fráma leis.

Míreanna Mearaí Adhmaid – Contaetha na hÉireann (Éire) Ildaite

Míreanna mearaí déanta as adhmaid. Contaetha na tíre ar bhlocanna beaga adhmaid, ar féidir iad a bhaint dá chéile nó a chur ar ais san áit cheart. Oiriúnach do pháistí in aois 5+.

Prionta A4 – Sliogáin Mhara na hÉireann (Nine Arrow)

Prionta A4 le Nine Arrow de shliogáin mhara choitianta na hÉireann.

Míreanna Mearaí Adhmaid – Ainmhithe Feirme

Is breá le feirmeoirí óga na Míreanna mearaí adhmaid. Is féidir feirm bheag a dheanamh leis an seacht n-ainmhí nó iad a chur le chéile mar aonad iomlán. Is bréagán iontach, láidir iad seo do lámha beaga agus do dhaoine ag foghlaim an teanga. Tá cuma alainn air leis!

Prionta A4 – Bród (NineArrow)

Prionta A4 le NineArrow.

An File Mícheál Ó Gaoithín – The Blasket Painter – Selected and Introduced by Maria Simonds-Gooding

Leabhar faoi sceitseanna agus obair phéinteála a rinne Mícheál ‘An File’ Ó Gaoithín.

Míreanna Mearaí Adhmaid – An Siopa – Uimhreacha

Míreanna mearaí adhmaid – sa siopa! Aois 3+

Míreanna Mearaí Adhmaid – Dathanna (Bogha Báistí/Tuar Ceatha)

Míreanna Mearaí Adhmaid: Dathanna (Bogha Báistí/Tuar Ceatha). Na dathanna atá san áireamh sa seit seo: dubh, bán, bándearg, donn, liath, corcra, gorm, glas, buí, oráiste agus dearg.

Prionta A4 – Samhlaíocht | Carn leabhar (Nine Arrow)

Prionta A4 le NineArrow. Níl fráma leis. Tá cairtchlár tiubh taobh thiar de.

Listen to the Land Speak – A journey into the Wisdom of what lies Beneath Us

Leabhar le húdar ‘Thirty-Two Words for Field’ agus ‘Tree Dogs, Banshee Fingers and other words for Nature’.

Míreanna Mearaí Adhmaid – Sa Bhaile

Seit blocanna adhmaid a thagann le chéile chun suíomh baile a chruthú, agus stór focal Gaeilge ar na blocanna. Déanta ag Alphabet Jigsaws.

That Place we Call Home

Leabhar Béarla le John Creedon mar gheall ar logainmneacha na hÉireann.

Míreanna Mearaí Adhmaid – Amuigh Faoin Spéir

Seit blocanna beaga adhmaid ar féidir iad a chur le chéile nó a bhaint dá chéile.

Thirty-Two Words for Field – Lost words of the Irish landscape

Saothar le Manchán Magan (i mBéarla) faoi théarmaí Gaeilge.

**Réamhordú – Bealtaine 2024** Bran – Bréagán agus Leabhar i mBosca

Bréagán beag bog agus leabhar le chéile. Toisí an bhréagáin: 6x4x3 orlach. #SpraoiLeBran

Míreanna Mearaí Cairtchláir A3 – Na Lochlainnaigh

Mireanna mearaí cairtchláír A3 a leiríonn cúrsaí taistil na lochlainnaigh

Douglas Hyde – Bucknell University Press – Irish Writers Series (ar athláimh)

Bucknell University Press, 1974. Bog. Riocht an-mhaith. Ruachan ar an imeall. Ainm an iar-úinéara taobh istigh den chlúdach tosaigh.

Proceedings of the Royal Irish Academy Volume Volume 61, Section C, No. 1. 1960 (ar athláimh)

Leabhrán, riocht an-mhaith. Brian Ó Cuív – A contemporary account in Irish of a nineteenth century tithe affray.

Miserere (ar athláimh)

Georges Rouault, Pádraig de Brún. Aistrithe ag Máire Mhac an tSaoi. Gill agus Macmillan, Céad Cló 1971. Foilsíodh in eagrán teoranta de 900 cóip. Clúdach crua le forchlúdach plaisteach, riocht an-mhaith. Smál ar an bhforchlúdach. Spotaí ar an taobh.

Dánta Ó Gach Cúige (ar athláimh)

Cnuasach Dán le h-aghaidh Árd-Rang na mBun-Sgol. Brún agus Ó Nualláin Teor. Leabhrán bog, riocht maith. Smál ar an chlúdach agus meirg ar na stáplaí.

Welsh Words and Phrases (ar athláimh)

Emeralda Ltd., 1979. Clúdach bog, riocht iontach. Cúpla marc beag air.

Nua Aois 1975 (ar athláimh)

An Cumann Liteartha, Coláiste na hOllscoile, Baile Átha Cliath. Eagrán V. Clúdach bog, i riocht maith. Smál beag ar an gclúdach.

Táblaí matamaitice / Mathematics Tables (ar athláimh)

Gan dáta. Ainm an iar-úinéara ar an leathanach teidil. Clúdach bog, smál ar an gclúdach, breacphictiúr ar an gclúdach cúil.

Nuafhilí 3 (ar athláimh)

Séamas Ó Céileachair a chuasaigh. Oifig an tSoláthair, an chéad chló 1979. Clúdach bog, riocht maith. Smál agus beagáinín deannaigh ar an chlúdach. Bloc téacs an-ghlan.

The Second Book of Irish Ghost Stories (ar athláimh)

Patrick Byrne. Mercier Press, 1971. Clúdach bog, riocht maith. Beagáinín deannaigh ar an chlúdach, cúpla smál air chomh maith. Dorchú ar na leathanaigh ach iad an-ghlan.

Ciarán Fitzgerald agus Foireann Rugbaí na hÉireann (ar athláimh)

Breandán Ó hEithir. Coiscéim, 1985. Sínithe ag an údar. Clúdach bog, riocht maith. An leathanach cheangal ag éalú. Smál ar an chlúdach.

Ó Fhás Go hAois (ar athláimh)

Críostóir Ó Floinn. Sáirséal agus Dill, an chéad chló 1969. Clúdach crua le forchlúdach plaisteach, riocht an-mhaith. Smál ar an bhforchlúdach. Na leathanaigh dorcha ach an-ghlan.

Ballads from the Pubs of Ireland (ar athláimh)

James N. Healy. The Mercier Press, 1976. Clúdach bog, riocht maith. Beagáinín lúbtha, smáil ar an chlúdach. Na leathanaigh dorcha ach an-ghlan.

Gaedhealachas i gCéin (ar athláimh)

Liam P. Ó Riain. Oifig Díolta Foillseacháin Rialtais, 1933. Clúdach crua gan fhorchlúdach, riocht an-mhaith. Smál ar an chlúdach, cúinní beagáinín caite. Spotaí ar an taobh. Dorchú ar na leathanaigh, ruachan ar chuid dóibh. Droim leochaileach.

The Placenames of Co. Wicklow VI – The Barony of Shillelagh (ar athláimh)

Liam Price. Dublin Institute for Advanced Studies. 2000. Leabhrán, riocht maith. Doirteadh rud éigin ar an gclúdach tosaigh.

Art in Ulster – 2 (ar athláimh)

A history of painting, sculpture and printmaking, 1957-1977 with selected biographical notes by Theo Snoddy. Mike Catto. Blackstaff Press, 1977. Clúdach bog le forchlúdach, riocht maith. Deannach ar an bhforchlúdach, atá beagáinín caite ar an imeall. Bloc téacs an-ghlan.

Bóthar an Óir [clúdach stríocach, C] (ar athláimh)

Riocht an-mhaith. smál ar an gclúach, dorchú ar chúl, dath ídithe ar an droim. Spotaí ar an taobh ar barr. Meirg ar na stáplaí. Máiréad Ní Ghráda. Brún agus Ó Nualláin Tta. 40 lth.

Anatomy of a Cliché (ar athláimh)

Michael Hartnett. The Dolmen Press 1968, Poetry Ireland Editions 4. An chéad chnuasach le Hartnett, dánta grá. Leabhrán bog, riocht an-mhaith. Dorchú ar an imeall, cúpla spotaí/marc beag ar an gclúdach, sa chúinne agus ar barr. Cúpla marc beag ar chúl chomh maith.

Cime Mar Chách – Aistí ar Mháirtín Ó Direáin (ar athláimh)

Curtha in eagar ag Caoimhín Mac Giolla Léith. Coiscéim, 1993. Clúdach bog, riocht an-mhaith. Dorchú ar imill na leathanach. .

Irish Folk-Tales (ar athláimh)

Jeremiah Curtin. Curtha in eagar ag Séamus Ó Duilearga. The Talbot Press Ltd., 1967. Clúdach crua le forchlúdach, riocht math go leor. Dath an droma agus clúdach ídithe, smál ar an chlúdach. Deannach ar an taobh. Bloc téacs an-glan.

Bun an Dá Abhann (ar athláimh)

Seán Ó Ciarghusa. Oifig Díolta Foillseacháin Rialtais, 1933. Sínithe ag an údar don iar-úinéir. Clúdach crua, gan forchlúdach, riocht maith. Dath ídithe ar an chlúdach agus smál air, agus spotaí/dorchú ar an taobh.

Leabhair Scoile

Bunscoil

Meánscoil