Skip to content
Glaoigh orainn/Call us: +353 (0) 1 478 3814

I mBéal an Phobail

Míreanna Mearaí Adhmaid – Cruimhíní

Míreanna mearaí adhmaid, cruimheanna beaga bídeacha! Aois 3+ Ó bholb go féileacán, bóín Dé agus beach – seo cuid de na cruimhíní a fheictear sa ghairdín.

Míreanna Mearaí Cairtchláir A3 – Na Lochlainnaigh

Mireanna mearaí cairtchláír A3 a leiríonn cúrsaí taistil na lochlainnaigh

Míreanna Mearaí Adhmaid – Ainmhithe Feirme

Is breá le feirmeoirí óga na Míreanna mearaí adhmaid. Is féidir feirm bheag a dheanamh leis an seacht n-ainmhí nó iad a chur le chéile mar aonad iomlán. Is bréagán iontach, láidir iad seo do lámha beaga agus do dhaoine ag foghlaim an teanga. Tá cuma alainn air leis!

That Place we Call Home

Leabhar Béarla le John Creedon mar gheall ar logainmneacha na hÉireann.

Muga – Bród – Cupán (NineArrow)

Muga/cupán le Nine Arrow a deir ‘Bród’. An dearadh buailte orthu de láimh, moltar iad a ní de láimh.

**Réamhordú – Bealtaine 2024** Bran – Bréagán agus Leabhar i mBosca

Bréagán beag bog agus leabhar le chéile. Toisí an bhréagáin: 6x4x3 orlach. #SpraoiLeBran

Prionta A4 – Bród (NineArrow)

Prionta A4 le NineArrow.

An File Mícheál Ó Gaoithín – The Blasket Painter – Selected and Introduced by Maria Simonds-Gooding

Leabhar faoi sceitseanna agus obair phéinteála a rinne Mícheál ‘An File’ Ó Gaoithín.

Prionta A4 – Samhlaíocht | Carn leabhar (Nine Arrow)

Prionta A4 le NineArrow. Níl fráma leis. Tá cairtchlár tiubh taobh thiar de.

Míreanna Mearaí Adhmaid – Dathanna (Bogha Báistí/Tuar Ceatha)

Míreanna Mearaí Adhmaid: Dathanna (Bogha Báistí/Tuar Ceatha). Na dathanna atá san áireamh sa seit seo: dubh, bán, bándearg, donn, liath, corcra, gorm, glas, buí, oráiste agus dearg.

Míreanna Mearaí Adhmaid – An Siopa – Uimhreacha

Míreanna mearaí adhmaid – sa siopa! Aois 3+

Míreanna Mearaí Adhmaid – Amuigh Faoin Spéir

Seit blocanna beaga adhmaid ar féidir iad a chur le chéile nó a bhaint dá chéile.

Thirty-Two Words for Field – Lost words of the Irish landscape

Saothar le Manchán Magan (i mBéarla) faoi théarmaí Gaeilge.

Prionta A4 – Sliogáin Mhara na hÉireann (Nine Arrow)

Prionta A4 le Nine Arrow de shliogáin mhara choitianta na hÉireann.

Prionta A4 – Aibítir | Cló Gaelach (Nine Arrow)

Prionta A4: an aibítir sa chló Gaelach, deartha ag Nine Arrow. Níl fráma leis.

Míreanna Mearaí Adhmaid – Contaetha na hÉireann (Éire) Ildaite

Míreanna mearaí déanta as adhmaid. Contaetha na tíre ar bhlocanna beaga adhmaid, ar féidir iad a bhaint dá chéile nó a chur ar ais san áit cheart. Oiriúnach do pháistí in aois 5+.

Míreanna Mearaí Adhmaid – Sa Bhaile

Seit blocanna adhmaid a thagann le chéile chun suíomh baile a chruthú, agus stór focal Gaeilge ar na blocanna. Déanta ag Alphabet Jigsaws.

Listen to the Land Speak – A journey into the Wisdom of what lies Beneath Us

Leabhar le húdar ‘Thirty-Two Words for Field’ agus ‘Tree Dogs, Banshee Fingers and other words for Nature’.

Malton’s Dublin 1799 (ar athláimh)

James Malton. Reproduced from the edition of 1799, with an introduction by The Knight of Glin. The Dolmen Press, 1980. Clúdach bog, riocht maith.Smál ar an chlúdach, dorchú ar an taobh. Ainm an iar-úinéara taobh istigh. Spotaí ar imill na leathanach.

Watch Your Language (ar athláimh)

An Bata Scóir, The Insidious Silencer. RTÉ. Leabhrán bog, riocht cuibheasach. Fillte i leath, smál air agus cúpla smál taobh istigh. Na leathanaigh glan seachas sin.

Charles Stewart Parnell (ar athláimh)

Katharine O’Shea. Cassell & Conpany Ltd., 1983. Clúdach crua le forchlúdach, riocht cuibheasach maith. Smál ar an bhforchlúdach. Spotaí ar an taobh agus taobh istigh. Leabhar crua i riocht an-mhaith agus an bloc téacs glan.

Nua-Fhilí 2 (1953-1963) (ar athláimh)

Séamus Ó Céilleachair a chnuasaigh. Oifig an tSoláthair, An Chéad Chló, 1968. Clúdach crua le forchlúdach, i riocht maith. Dath ídithe agus dorchú ar an bhforchlúdach, atá caite. An clúdach féin an-ghlan seachas ruachan in áit amháin. Ruachan fíorbheag le feiceáil ar imeall na leathanach. Nóta scríofa ón iar-úinéir ar an leathanach teidil, a bhfuil…

An tIomaire Rua (ar athláimh)

Cogadh na Saoirse i dTuaisceart Chonamara. An tOllamh Tomás Ó Máille. An Gúm, 2007. Clúdach bog, riocht an-mhaith.

Tóraíocht an Mhíshonais (ar athláimh)

Príomhchoincheapa Freud agus Jung. Pádraig Mac Fhearghusa. Coiscéim, 1997. Clúdach bog, riocht iontach. Cúpla marc an-bheag ar an chlúdach.

An Coinbhinsiún Eorpach um Chearta na Duine (ar athláimh)

Forchlúdach páipéir timpeall air. Na stáplaí i riocht maith.

Wordshop (ar athláimh)

D.U. Writers’ Workshop. Clúdach bog, riocht maith. Cúpla smál an-bheag ar an chlúdach.

Basic Irish for Shopping / BunGhaeilge don Siopa (ar athláimh)

Leabhrán stór focal, riocht an-mhaith, cúpla cóip againn. D’fhéadfadh smál a bheith ar na stáplaí/ar an gclúdach.

Sweeney (ar athláimh)

Dónal Mac Amhlaigh. Clúdach crua le forchlúdach. Dath ídithe ar an bhforchlúdach agus stróicthe.

Dieci Secoli di Pittura Italiana – Il Secolo XIV (ar athláimh)

Testo di A.M. Francini Ciarnfi. Edizioni d’Arte Amilcare Pizzi, Milano, 1953. Clúdach crua le forchlúdach plaisteach, riocht maith. Roic agus smál ar an bhforchlúdach, atá stróicthe beagáinín ar an droim. Cúinní caite agus spotaí ar an taobh. Bloc téacs an-ghlan.

Cúis Náire agus Bróid (ar athláimh)

Proinsiad Ó Mianáin agus Cearta Gael. Ristéárd Ó Glaisne. Coiscéim, 1988. Clúdach bog. Riocht maith. Clúdach agus droim ídithe

An leaba a d’imigh HÚIS agus a Chaill Féasóg (marc ar an gclúdach) (ar athláimh)

Clúdach crua, níl forchlúdach leis. Smál ar an gclúdach agus marc donn ar clé. Na leathanaigh an-ghlan. Bernard Share, William Bolger. Foilsithe ag Allen Figgis, 1965. Lándaite.

Triúr don Chómhargadh (ar athláimh)

Eoghan Ó Grádaigh. Sáirséal agus Dill 1968. Clúdach bog. Riocht maith. Dath an chlúdaigh ídithe.

Seantéada ar Crith (ar athláimh)

Máirtín Ó Corrbuí. Clúdach crua, gan forchlúdach. Clódhanna Teoranta, 1965. Riocht an-mhaith.

Críost Mac Dé (cuid a trí) – Peadar Ua Laoghaire (ar athláimh)

1925, foilsithe i ndiaidh bhás an Athair Peadar. Brún agus Ó Nualláin. Clúdach crua, riocht an-mhaith.

Aisling Cois Mara – Dráma aonmhíre le haghaidh garsún (ar athláimh)

Annraoi Saidléar do cheap. Leabhrán beag. Clúdach bog. Meirg ar na stáplaí. Oifig an tSoláthair.

Múineadh an Dara Teanga – Fás na Modheolaíochta 1570-1972 [1974] (ar athláimh)

Oifig an tSoláthair, Seán P. Ó Mathúna a scríobh. Forchlúdach leis, caite ar an imeall agus smál air sa lár. An clúdach crua agus an bloc téacs i riocht an-mhaith.

Scéal an Oireachtais 1897 – 1924 (ar athláimh)

Donncha Ó Súilleabháin. An Clóchomhar Tta., 1984. Clúdach bog, riocht maith. Smál ar an chlúdach agus an taobh.

Cogarnach Ár gCósta (ar athláimh)

Ger Ó Cíobháin. Maisithe ag Tom Roche. Cló Dhuibhne, an chéad chló 1979. Clúdach crua gan fhorchlúdach, riocht an-mhaith. Cúinní fíorbheagáinín caite. Bloc téacs an-ghlan.

Leabhair Scoile

Bunscoil

Meánscoil