Skip to content
Glaoigh orainn/Call us: +353 (0) 1 478 3814

I mBéal an Phobail

Míreanna Mearaí Adhmaid – Sa Bhaile

Seit blocanna adhmaid a thagann le chéile chun suíomh baile a chruthú, agus stór focal Gaeilge ar na blocanna. Déanta ag Alphabet Jigsaws.

Míreanna Mearaí Adhmaid – An Siopa – Uimhreacha

Míreanna mearaí adhmaid – sa siopa! Aois 3+

Míreanna Mearaí Adhmaid – Amuigh Faoin Spéir

Seit blocanna beaga adhmaid ar féidir iad a chur le chéile nó a bhaint dá chéile.

Listen to the Land Speak – A journey into the Wisdom of what lies Beneath Us

Leabhar le húdar ‘Thirty-Two Words for Field’ agus ‘Tree Dogs, Banshee Fingers and other words for Nature’.

Prionta A4 – Aibítir | Cló Gaelach (Nine Arrow)

Prionta A4: an aibítir sa chló Gaelach, deartha ag Nine Arrow. Níl fráma leis.

Prionta A4 – Samhlaíocht | Carn leabhar (Nine Arrow)

Prionta A4 le NineArrow. Níl fráma leis. Tá cairtchlár tiubh taobh thiar de.

Míreanna Mearaí Adhmaid – Contaetha na hÉireann (Éire) Ildaite

Míreanna mearaí déanta as adhmaid. Contaetha na tíre ar bhlocanna beaga adhmaid, ar féidir iad a bhaint dá chéile nó a chur ar ais san áit cheart. Oiriúnach do pháistí in aois 5+.

Míreanna Mearaí Adhmaid – Ainmhithe Feirme

Is breá le feirmeoirí óga na Míreanna mearaí adhmaid. Is féidir feirm bheag a dheanamh leis an seacht n-ainmhí nó iad a chur le chéile mar aonad iomlán. Is bréagán iontach, láidir iad seo do lámha beaga agus do dhaoine ag foghlaim an teanga. Tá cuma alainn air leis!

That Place we Call Home

Leabhar Béarla le John Creedon mar gheall ar logainmneacha na hÉireann.

**Réamhordú – Bealtaine 2024** Bran – Bréagán agus Leabhar i mBosca

Bréagán beag bog agus leabhar le chéile. Toisí an bhréagáin: 6x4x3 orlach. #SpraoiLeBran

Prionta A4 – Bród (NineArrow)

Prionta A4 le NineArrow.

Míreanna Mearaí Cairtchláir A3 – Na Lochlainnaigh

Mireanna mearaí cairtchláír A3 a leiríonn cúrsaí taistil na lochlainnaigh

An File Mícheál Ó Gaoithín – The Blasket Painter – Selected and Introduced by Maria Simonds-Gooding

Leabhar faoi sceitseanna agus obair phéinteála a rinne Mícheál ‘An File’ Ó Gaoithín.

Thirty-Two Words for Field – Lost words of the Irish landscape

Saothar le Manchán Magan (i mBéarla) faoi théarmaí Gaeilge.

Prionta A4 – Sliogáin Mhara na hÉireann (Nine Arrow)

Prionta A4 le Nine Arrow de shliogáin mhara choitianta na hÉireann.

Míreanna Mearaí Adhmaid – Cruimhíní

Míreanna mearaí adhmaid, cruimheanna beaga bídeacha! Aois 3+ Ó bholb go féileacán, bóín Dé agus beach – seo cuid de na cruimhíní a fheictear sa ghairdín.

Míreanna Mearaí Adhmaid – Dathanna (Bogha Báistí/Tuar Ceatha)

Míreanna Mearaí Adhmaid: Dathanna (Bogha Báistí/Tuar Ceatha). Na dathanna atá san áireamh sa seit seo: dubh, bán, bándearg, donn, liath, corcra, gorm, glas, buí, oráiste agus dearg.

Muskerry (ar athláimh)

Robert Welch. Dedalus, 1991. Clúdach bog, riocht iontach.

Irish-English Dictionary (ar athláimh)

A Smaller Irish-English Dictionary for the use of schools. Curtha le chéile ag Patrick S. Dinneen. The Irish Texts Society, athchlóite i 1923. Clúdach leathchrua, i riocht cuibheasach caite. An droim i drochriocht, smál agus claig air. An imeall brúite go suntasach. An leathanach teidil stróicthe san áit ina ghreamaíonn sé leis an droim. Dorchú…

Má Nuad (ar athláimh)

Tomás Ó Fiaich. An Sagart, Má Nuad, 1972. Clúdach bog, riocht maith. Dath an droim ídithe, smál ar an chlúdach agus an imeall. Bloc téacs an-ghlan.

Óige an Dearthár .i. Myles na gCopaleen (ar athláimh)

Clúdach crua, forchlúdach leis, dath an fhorchlúdaigh ídithe. Droim brúite. Cóip iar-leabharlainne. Céad chló, 1973. Foilseacháin Náisiúnta Teoranta. Ciarán Ó Nualláin.

Téarmaí Tráchtála [1935] (ar athláimh)

Clúdach bog. Ainm an iar-úinéara scríofa ar an leathanach teidil. Dath an chlúdaigh ídithe, na leathanaigh an-glan. Meirg ar na stáplaí.

Cúis Náire agus Bróid (ar athláimh)

Proinsiad Ó Mianáin agus Cearta Gael. Ristéárd Ó Glaisne. Coiscéim, 1988. Clúdach bog. Riocht maith. Clúdach agus droim ídithe

Faoileán na Beatha (ar athláimh)

Seán Ó Tuama. An Clóchomhar Tta. An Chéad Chló, 1962. Clúdach crua gan fhorchlúdach, riocht maith. Smál ar an chlúdach, cúinní brúite. Dorchú ar na leathanaigh ach iad an-ghlan. Spotaí ar an taobh.

Mé féin is mo shaothar (3 siopaí agus 15 cearda) (ar athláimh)

Leabhrán, clúdach bog. Meirg ar na stáplaí. Na leathanaigh an-glan.

Ceárdachas Gaelach – Irish Craftmanship (ar athláimh)

S. Mac Cana. Leabhrán bog, Irish Hospitals Trust, 1940. Riocht cuibheasach maith. Smál ar an chlúdach agus dorchú ar na himill. Meirg ar na stáplaí. Leathanaigh glan agus i riocht maith.

Ó Rabharta go Mallmhuir (ar athláimh)

Seán ‘Ac Fhionnlaoich, Foilseacháin Náisiúnta Tta. An Chéad Chló, 1975. Forchlúdach caite, leabhar crua féin i riocht an-mhaith. Bloc téacs an-ghlan.

The Wild Geese – The Irish Soldier in Exile (ar athláimh)

Maurice N. Hennessy. The Devin-Adair Company, 1973. Clúdach crua le forchlúdach, riocht an-mhaith. Cúpla smál ar an bhforchlúdach. Na leathanaigh an-ghlan.

Cúrsaí Thomáis (ar athláimh)

Éamonn Mac Giolla Iasachta. An Clóchomhar Tta., 1969. Clúdach crua le forchlúdach, riocht cuibheasach maith. Forchlúdach caite, smál agus dorchú air. Dorchú ar na leathanaigh, Leabhar crua féin i riocht maith. Spotaí ar an taobh.

Seán T. II (ar athláimh)

Scéal a bheatha ó 1916 go 1923 inste ag Seán T. Ó Ceallaigh in eagar ag Pádraig Ó Fiannachta. Cló Morainn. 1972. Clúdach crua le forchlúdach. Forchlúdach beagáinín caite.

Seantéada ar Crith (ar athláimh)

Máirtín Ó Corrbuí. Clúdach crua, gan forchlúdach. Clódhanna Teoranta, 1965. Riocht an-mhaith.

An Braon Broghach (ar athláimh)

Máirtín Ó Direáin. Oifig an tSoláthair, 1968. Clúdach crua le forchlúdach plaisteach. Riocht an-mhaith. Spotaí ar an taobh, ainm an iar-úinéara taobh istigh.

Donegal Annual / Bliainiris Dhún na nGall 2011 (ar athláimh)

Curtha in eagar ag Seán Beattie. County Donegal Historical Society, No. 63, 2011. Clúdach bog, riocht maith. Deannach agus cúpla smál ar an chlúdach. Bloc téacs an-ghlan.

Queen’s Rebels – Ulster Loyalism in Historical Prespective (ar athláimh)

David W. Miller. Gill and Macmillan, 1978. Clúdach crua, le forchlúdach. Riocht an-mhaith.

Comhlucht na Maide Mianach (The Pit-Prop Syndicate) (ar athláimh)

Clúdach crua. Seán Mac Maoláin, 479lth. Smál ar an gclúdach, gan fhorchlúdach. Oifig Díolta Foillseacháin Rialtais 1933. Na leathanaigh saor ó mharcanna.

Gargantua (leagan Gaeilge) (ar athláimh)

François Rabelais. Aistrithe ag Breandán Ó Doibhlin. Coiscéim, 2004. Clúdach bog, riocht iontach. Sínithe ag an aistritheoir. Cúpla spota ar an taobh.

Gaedhealachas i gCéin (ar athláimh)

Liam P. Ó Riain. Oifig Díolta Foillseacháin Rialtais, 1933. Clúdach crua gan fhorchlúdach, riocht an-mhaith. Smál ar an chlúdach, cúinní beagáinín caite. Spotaí ar an taobh. Dorchú ar na leathanaigh, ruachan ar chuid dóibh. Droim leochaileach.

Leabhair Scoile

Bunscoil

Meánscoil