Skip to content
Glaoigh orainn/Call us: +353 (0) 1 478 3814

I mBéal an Phobail

An File Mícheál Ó Gaoithín – The Blasket Painter – Selected and Introduced by Maria Simonds-Gooding

Leabhar faoi sceitseanna agus obair phéinteála a rinne Mícheál ‘An File’ Ó Gaoithín.

Míreanna Mearaí Adhmaid – Contaetha na hÉireann (Éire) Ildaite

Míreanna mearaí déanta as adhmaid. Contaetha na tíre ar bhlocanna beaga adhmaid, ar féidir iad a bhaint dá chéile nó a chur ar ais san áit cheart. Oiriúnach do pháistí in aois 5+.

Míreanna Mearaí Adhmaid – Amuigh Faoin Spéir

Seit blocanna beaga adhmaid ar féidir iad a chur le chéile nó a bhaint dá chéile.

That Place we Call Home

Leabhar Béarla le John Creedon mar gheall ar logainmneacha na hÉireann.

**Réamhordú – Bealtaine 2024** Bran – Bréagán agus Leabhar i mBosca

Bréagán beag bog agus leabhar le chéile. Toisí an bhréagáin: 6x4x3 orlach. #SpraoiLeBran

Prionta A4 – Bród (NineArrow)

Prionta A4 le NineArrow.

Prionta A4 – Samhlaíocht | Carn leabhar (Nine Arrow)

Prionta A4 le NineArrow. Níl fráma leis. Tá cairtchlár tiubh taobh thiar de.

Prionta A4 – Sliogáin Mhara na hÉireann (Nine Arrow)

Prionta A4 le Nine Arrow de shliogáin mhara choitianta na hÉireann.

Prionta A4 – Aibítir | Cló Gaelach (Nine Arrow)

Prionta A4: an aibítir sa chló Gaelach, deartha ag Nine Arrow. Níl fráma leis.

Listen to the Land Speak – A journey into the Wisdom of what lies Beneath Us

Leabhar le húdar ‘Thirty-Two Words for Field’ agus ‘Tree Dogs, Banshee Fingers and other words for Nature’.

Míreanna Mearaí Adhmaid – Cruimhíní

Míreanna mearaí adhmaid, cruimheanna beaga bídeacha! Aois 3+ Ó bholb go féileacán, bóín Dé agus beach – seo cuid de na cruimhíní a fheictear sa ghairdín.

Míreanna Mearaí Cairtchláir A3 – Na Lochlainnaigh

Mireanna mearaí cairtchláír A3 a leiríonn cúrsaí taistil na lochlainnaigh

Míreanna Mearaí Adhmaid – Sa Bhaile

Seit blocanna adhmaid a thagann le chéile chun suíomh baile a chruthú, agus stór focal Gaeilge ar na blocanna. Déanta ag Alphabet Jigsaws.

Thirty-Two Words for Field – Lost words of the Irish landscape

Saothar le Manchán Magan (i mBéarla) faoi théarmaí Gaeilge.

Míreanna Mearaí Adhmaid – An Siopa – Uimhreacha

Míreanna mearaí adhmaid – sa siopa! Aois 3+

Míreanna Mearaí Adhmaid – Ainmhithe Feirme

Is breá le feirmeoirí óga na Míreanna mearaí adhmaid. Is féidir feirm bheag a dheanamh leis an seacht n-ainmhí nó iad a chur le chéile mar aonad iomlán. Is bréagán iontach, láidir iad seo do lámha beaga agus do dhaoine ag foghlaim an teanga. Tá cuma alainn air leis!

Míreanna Mearaí Adhmaid – Dathanna (Bogha Báistí/Tuar Ceatha)

Míreanna Mearaí Adhmaid: Dathanna (Bogha Báistí/Tuar Ceatha). Na dathanna atá san áireamh sa seit seo: dubh, bán, bándearg, donn, liath, corcra, gorm, glas, buí, oráiste agus dearg.

School Climate Improvement – A Challenge to the School Administrator (ar athláimh)

Phi Delta Kappa. CFK Ltd. Clúdach bog, riocht cuibheasach maith. Clúdach lúbtha, deannach agus smál air. Dath ídithe ar an imeall chomh maith. Ainm an iar-úinéara taobh istigh. Bloc téacs an-ghlan.

The Poetry of Thomas Kinsella (ar athláimh)

Maurice Harmon. Wolfhound Press, 1974. Clúdach bog, riocht maith go leor. Dath an chlúdaigh ídithe in áiteanna agus é caite ar an imeall agus ar an droim. Cúinní beagáinín lúbtha agus roic air. Clúisíní cait beaga ar roinnt leathanaigh ag an tús ach na leathanaigh ar fad glan.

The Damnable Question (ar athláimh)

A study in Anglo-Irish relations. George Dangerfield. Constable London, 1977. Clúdach crua, le forchlúdach. Riocht maith. Dath an fhorchlúdaigh agud dath an droma ídíthe. Spotaí ar barr. Smál beag ar an gcéad chúpla leathanach. 400 lch.

Liam Mellows and the Irish Revolution (ar athláimh)

C. Desmond Greaves. Lawrence & Wishart, 1971. Clúdach crua le forchlúdach, riocht maith. Smál ar an bhforchlúdach, an dath ídithe air agus é caite ar an imeall. Spotaí ar an taobh. Na leathanaigh an-ghlan.

I n-aimsir Eoghain Ruaidh [crua] (ar athláimh)

Clúdach crua, ruachan ar neart leathanach istigh ann.

Dormitio Virginis (ar athláimh)

Paolo Marletta a scríobh. Arna aistriú ag Máire Nic Mhaoláin. Coiscéim, 1985. Clúdach bog, riocht an-mhaith

Rathfarnham – Gateway to the Hills (ar athláimh)

The Story of Rathfarnham Past and Present from the Dodder to Kilmashogue. The Local History Group, Rathfarnham Guild, Irish Countrywomen’s Association. Clúdach bog, riocht maith. Dorchú ar an imeall agus smál ar an chlúdach.

Icarus – Trinity Term 1982 (ar athláimh)

Clúdach bog, riocht maith. Smál ar an chlúdach. Ainm an iar-úinéara taobh istigh.

This House Was Mine (ar athláimh)

Francis MacManus. The Mercier Press, 1963. Clúdach bog, riocht maith go leor. Clúdach lúbtha, smáil air agus ar na leathanaigh cheangail Bloc téacs an-ghlan.

Múineadh an Dara Teanga (ar athláimh)

Fás na Modheolaíochta, 1570 – 1972. Seán P. Ó Mathúna. Oifig an tSoláthair, 1974. Leabhar crua, le forchlúdach. Forchlúdach caite, smál ar an chlúdach. Spotaí ar an taobh. Sínithe ag Gabriel Rosenstock.

Cosa Buidhe Árda – An Dara Cuid (ar athláimh)

Finghin na Leamhna a chuir in eagar. Brún agus Ó Nóláin, Teor., 1924. Leabhrán bog, riocht maith. Smáil ar an chlúdach, meirg ar na stáplaí. Bloc téacs an-ghlan.

Anglo-Irish Literature (ar athláimh)

Aspects of Ireland/Gnéithe dár nDúchas 7. Augustine Martin. Department of Foreign Affairs, 1980. Clúdach bog, riocht mith. Dath an droma ídithe, cúinní fíorbheagáinín caite. Cúpla smál an-bheag air. Na leathanaigh an-ghlan.

Art Ó Gríofa (ar athláimh)

Seán Ó Lúing. Sáirséal agus Dill, 1953. Clúdach crua, i ndroch-riocht. Bloc téacs i riocht maith. Spotaí ar barr agus ar an gclúdach. Smál ar an gclúdach. Droim stróicthe agus gruagach. Clúdach ídithe. Sínithe ag an iar-úinéir taobh istigh.

Feardorcha Truaillidhe (ar athláimh)

Fardorougha the Miser. William Carleton. Aistrithe ag Seán Mac Maoláin. Oifig Díolta Foillseacháin Rialtais, 1933. Clúdach crua, le forchlúdach,. Riocht cuibheasach maith. An forchlúdach caite ar an imeall agus smál air. Stróicthe ar chúl. Dorchú agus spotaí ar an taobh. Na leathanaigh glan.

Was the Treaty of Limerick Signed on the Treaty Stone? (ar athláimh)

A.J. O’Halloran. Limerick Leader, Ltd. Leabhrán bog, riocht cuibheasach maith. Smál agus dorchú ar an chlúdach, meirg ar na stáplaí. Spotaí air.

The Story of the Irish Citizens Army [Oriole] (ar athláimh)

Sean O’Casey. Oriole Chapbooks, 1919. Clúdach bog, riocht an-mhaith. Dath an droma/chlúdaigh ídithe, cúpla smál beag air. Bloc téacs an-ghlan.

The Irish Sketch Book 1842 (ar athláimh)

William Makepeace Thackeray. The Blackstaff Press, 1985. Clúdach crua, le forchlúdach. Riocht an-mhaith.

Scáthanna (ar athláimh)

Cathal Ó Háinle. Coiscéim, 2009. Clúdach bog, riocht an-mhaith

Knights of God (ar athláimh)

Tales & Legends of the Irish Saints. Patricia Lynch. The Bodley Head, 1967. Clúdach crua le forchlúdach, riocht cuibheasach maith. Sínithe ag an údar. Smáil ar an bhforchlúdach, atá caite agus stróicthe beagáinín. Smáil ar an taobh. Na leathanaigh dorcha ach an-ghlan.

An Eoraip ag Caint (ar athláimh)

Beo-Theangacha 1. Coiste na hÉireann den Bhiúró Eorpach do Theangacha Neamhfhorleathana, 1994. Leabhrán bog, riocht maith. Cúpla smál ar an chlúdach.

Leabhair Scoile

Bunscoil

Meánscoil