Skip to content
Glaoigh orainn/Call us: +353 (0) 1 478 3814

I mBéal an Phobail

Míreanna Mearaí Adhmaid – Cruimhíní

Míreanna mearaí adhmaid, cruimheanna beaga bídeacha! Aois 3+ Ó bholb go féileacán, bóín Dé agus beach – seo cuid de na cruimhíní a fheictear sa ghairdín.

**Réamhordú – Bealtaine 2024** Bran – Bréagán agus Leabhar i mBosca

Bréagán beag bog agus leabhar le chéile. Toisí an bhréagáin: 6x4x3 orlach. #SpraoiLeBran

Prionta A4 – Samhlaíocht | Carn leabhar (Nine Arrow)

Prionta A4 le NineArrow. Níl fráma leis. Tá cairtchlár tiubh taobh thiar de.

Míreanna Mearaí Adhmaid – An Siopa – Uimhreacha

Míreanna mearaí adhmaid – sa siopa! Aois 3+

Míreanna Mearaí Adhmaid – Amuigh Faoin Spéir

Seit blocanna beaga adhmaid ar féidir iad a chur le chéile nó a bhaint dá chéile.

Míreanna Mearaí Adhmaid – Dathanna (Bogha Báistí/Tuar Ceatha)

Míreanna Mearaí Adhmaid: Dathanna (Bogha Báistí/Tuar Ceatha). Na dathanna atá san áireamh sa seit seo: dubh, bán, bándearg, donn, liath, corcra, gorm, glas, buí, oráiste agus dearg.

Míreanna Mearaí Cairtchláir A3 – Na Lochlainnaigh

Mireanna mearaí cairtchláír A3 a leiríonn cúrsaí taistil na lochlainnaigh

Míreanna Mearaí Adhmaid – Ainmhithe Feirme

Is breá le feirmeoirí óga na Míreanna mearaí adhmaid. Is féidir feirm bheag a dheanamh leis an seacht n-ainmhí nó iad a chur le chéile mar aonad iomlán. Is bréagán iontach, láidir iad seo do lámha beaga agus do dhaoine ag foghlaim an teanga. Tá cuma alainn air leis!

Listen to the Land Speak – A journey into the Wisdom of what lies Beneath Us

Leabhar le húdar ‘Thirty-Two Words for Field’ agus ‘Tree Dogs, Banshee Fingers and other words for Nature’.

Míreanna Mearaí Adhmaid – Contaetha na hÉireann (Éire) Ildaite

Míreanna mearaí déanta as adhmaid. Contaetha na tíre ar bhlocanna beaga adhmaid, ar féidir iad a bhaint dá chéile nó a chur ar ais san áit cheart. Oiriúnach do pháistí in aois 5+.

Prionta A4 – Aibítir | Cló Gaelach (Nine Arrow)

Prionta A4: an aibítir sa chló Gaelach, deartha ag Nine Arrow. Níl fráma leis.

Míreanna Mearaí Adhmaid – Sa Bhaile

Seit blocanna adhmaid a thagann le chéile chun suíomh baile a chruthú, agus stór focal Gaeilge ar na blocanna. Déanta ag Alphabet Jigsaws.

Thirty-Two Words for Field – Lost words of the Irish landscape

Saothar le Manchán Magan (i mBéarla) faoi théarmaí Gaeilge.

Prionta A4 – Bród (NineArrow)

Prionta A4 le NineArrow.

That Place we Call Home

Leabhar Béarla le John Creedon mar gheall ar logainmneacha na hÉireann.

An File Mícheál Ó Gaoithín – The Blasket Painter – Selected and Introduced by Maria Simonds-Gooding

Leabhar faoi sceitseanna agus obair phéinteála a rinne Mícheál ‘An File’ Ó Gaoithín.

Prionta A4 – Sliogáin Mhara na hÉireann (Nine Arrow)

Prionta A4 le Nine Arrow de shliogáin mhara choitianta na hÉireann.

Gaelic Phonetics (ar athláimh)

D.A. Collier. Juverna Press Ltd. Leabhrán bog, riocht maith go leor. Dorchú agus smál ar an chlúdach. Dorchú ar na leathanaigh chomh maith ach iad an-ghlan.

Codladh an Ghaiscígh (ar athláimh)

Máire mhac an tSaoi. Sáirséal agus Dill 1973, an chéad chló. Clúdach crua, forchlúdach plaisteach leis. Riocht an-mhaith. Smál beag ar an imeall, ar an bhforchlúdach plaisteach.

Seal ag Ródaíocht (ar athláimh)

Proinsias Mac Maghnuis, Sáirséal agus Dill. 1960. Clúdach crua. Riocht an-mhaith. Bloc téacs an-ghlan

No Surrender! The siege of Londonderry 1689 (ar athláimh)

Tony Gray, MacDonald and Jane’s, London, 1975. Clúdach crua le forchlúdach. Forchlúdach stróicthe sa chúinne, riocht maith.

Idir an dá Dhealbh (ar athláimh)

Dáithí Ó hÓgáin. Coiscéim, An Chéad Chló 1988. Clúdach bog, i riocht maith. Smál beag ar imeall na leathanach. Dath an chlúdaigh ídithe go suntasach.

Féile Zozimus – Volume 3 (ar athláimh)

Two Dubliners – Seán O’Casey, Donn S. Piatt. Gael-Linn 1994. Clúdach bog, riocht iontach.

The Irish Leprechaun Book

Scéalaíocht na Ríthe [bog, 1956] (ar athláimh)

An chéad chló, clúdach bog. Lúbtha beagáinín. Téacs agus imill an-glan. Smál beag ar an gclúdach. Tomás Ó Floinn agus Proinsias Mac Cana. Micheál Mac Liammóir do mhaisigh.

The Hill of Tara [1955] (ar athláimh)

Robert R. Callary, James Duffy & Co, 1955. Leabhrán bog, 50 lth. Dath ídithe ar chúl an chlúdaigh, smál uisce ar an leathanach teidil. Riocht an-mhaith.

The Irish Parliamentary Tradition (ar athláimh)

Curtha in eagar ag Brian Farrell. Gill & Macmillan, 1973. Clúdach crua, le forchlúdach. Riocht maith. Smál ar an bhforchlúdach. Dorchú ar an taobh.

Trialacha Gaeilge (ar athláimh)

C. Ó Broin. Ó Fallúin. Leabhrán bog, riocht cuibheasach maith. Clúdach beagáinín caite, smál agus dorchú air. Scríbhneoireacht taobh istigh.

Lá an Phaoraigh (ar athláimh)

Seán Óg de Paor, Cló Iar-Chonnachta. An Chéad Chló, 2007. Clúdach bog. Riocht sár-mhaith. Bloc téacs an-ghlan. Sínithe ag an údar.

Aisling Cois Mara – Dráma aonmhíre le haghaidh garsún (ar athláimh)

Annraoi Saidléar do cheap. Leabhrán beag. Clúdach bog. Meirg ar na stáplaí. Oifig an tSoláthair.

Cuimhne an tSeanpháiste (ar athláimh)

Micheál Breathnach. Oifig an tSoláthair, 1966. Clúdach crua, le forchlúdach. Forchlúdach caite ar an imeall agus smál air. Spotaí ar an taobh. Riocht maith.

Staidéar Cuimsitheach Teangeolaíoch ar Úsáid na Gaeilge sa Ghaeltacht (ar athláimh)

Príomhthátal agus Moltaí. Ollscoil na hÉireann, Gaillimh, 2007. Clúdach bog, riocht iontach. Na cúinní beagáinín caite. Dlúthdhiosca taobh istigh.

Craobhóg Dán (ar athláimh)

Máirtín Ó Direáin. Clúdach crua, forchlúdach leis. Forchlúdach beagáinín caite. Clúdach crua agus leathanaigh i riocht an-mhaith.

Fíon Franncach (ar athláimh)

Naoi nGearr-scéal de chuid Guy de Maupassant. Oifig an tSoláthair, an chéad chló 1955. Clúdach bog, riocht maith go leor. Smál ar an chlúdach, meirg ar na stáplaí. Bloc téacs an-ghlan.

Top of the Form Quiz Book (ar athláimh)

Compiled by Boswell Taylor. A White Knight Original, 1968. Clúdach bog, riocht cuibheasach caite. Barr an droma ag éalú, stróicthe. Smáil agus deannach ar an chlúdach, cúinní lúbtha. Spotaí ar an taobhSmáil ar na leathanaigh cheangail. Bloc téacs dorcha ach glan.

Guth an Phobail (ar athláimh)

Teip an Daonlathais ar Oirthuaisceart Éireann. Nollaig Ó Gadhra. Foilseacháin Náisiúnta Teoranta. An Chéad Chló, 1984. Clúdach crua gan fhorchlúdach, riocht an-mhaith. Dath an chlúdaigh ídithe in áiteanna, cúpla smál beag air. Bloc téacs an-ghlan.

Gleann ar Ghleann (ar athláimh)

Michael Davitt. Sáirséal, 1981. Clúdach bog, i riocht maith. An clúdach beagáinín rocach, dorchú ar na leathanaigh.

Leabhair Scoile

Bunscoil

Meánscoil