Skip to content
Glaoigh orainn/Call us: +353 (0) 1 478 3814

I mBéal an Phobail

Listen to the Land Speak – A journey into the Wisdom of what lies Beneath Us

Leabhar le húdar ‘Thirty-Two Words for Field’ agus ‘Tree Dogs, Banshee Fingers and other words for Nature’.

Míreanna Mearaí Adhmaid – Sa Bhaile

Seit blocanna adhmaid a thagann le chéile chun suíomh baile a chruthú, agus stór focal Gaeilge ar na blocanna. Déanta ag Alphabet Jigsaws.

Míreanna Mearaí Adhmaid – An Siopa – Uimhreacha

Míreanna mearaí adhmaid – sa siopa! Aois 3+

Míreanna Mearaí Adhmaid – Cruimhíní

Míreanna mearaí adhmaid, cruimheanna beaga bídeacha! Aois 3+ Ó bholb go féileacán, bóín Dé agus beach – seo cuid de na cruimhíní a fheictear sa ghairdín.

Míreanna Mearaí Adhmaid – Ainmhithe Feirme

Is breá le feirmeoirí óga na Míreanna mearaí adhmaid. Is féidir feirm bheag a dheanamh leis an seacht n-ainmhí nó iad a chur le chéile mar aonad iomlán. Is bréagán iontach, láidir iad seo do lámha beaga agus do dhaoine ag foghlaim an teanga. Tá cuma alainn air leis!

Prionta A4 – Aibítir | Cló Gaelach (Nine Arrow)

Prionta A4: an aibítir sa chló Gaelach, deartha ag Nine Arrow. Níl fráma leis.

Míreanna Mearaí Adhmaid – Dathanna (Bogha Báistí/Tuar Ceatha)

Míreanna Mearaí Adhmaid: Dathanna (Bogha Báistí/Tuar Ceatha). Na dathanna atá san áireamh sa seit seo: dubh, bán, bándearg, donn, liath, corcra, gorm, glas, buí, oráiste agus dearg.

That Place we Call Home

Leabhar Béarla le John Creedon mar gheall ar logainmneacha na hÉireann.

Prionta A4 – Sliogáin Mhara na hÉireann (Nine Arrow)

Prionta A4 le Nine Arrow de shliogáin mhara choitianta na hÉireann.

Míreanna Mearaí Cairtchláir A3 – Na Lochlainnaigh

Mireanna mearaí cairtchláír A3 a leiríonn cúrsaí taistil na lochlainnaigh

**Réamhordú – Bealtaine 2024** Bran – Bréagán agus Leabhar i mBosca

Bréagán beag bog agus leabhar le chéile. Toisí an bhréagáin: 6x4x3 orlach. #SpraoiLeBran

Prionta A4 – Samhlaíocht | Carn leabhar (Nine Arrow)

Prionta A4 le NineArrow. Níl fráma leis. Tá cairtchlár tiubh taobh thiar de.

Míreanna Mearaí Adhmaid – Contaetha na hÉireann (Éire) Ildaite

Míreanna mearaí déanta as adhmaid. Contaetha na tíre ar bhlocanna beaga adhmaid, ar féidir iad a bhaint dá chéile nó a chur ar ais san áit cheart. Oiriúnach do pháistí in aois 5+.

An File Mícheál Ó Gaoithín – The Blasket Painter – Selected and Introduced by Maria Simonds-Gooding

Leabhar faoi sceitseanna agus obair phéinteála a rinne Mícheál ‘An File’ Ó Gaoithín.

Thirty-Two Words for Field – Lost words of the Irish landscape

Saothar le Manchán Magan (i mBéarla) faoi théarmaí Gaeilge.

Prionta A4 – Bród (NineArrow)

Prionta A4 le NineArrow.

Míreanna Mearaí Adhmaid – Amuigh Faoin Spéir

Seit blocanna beaga adhmaid ar féidir iad a chur le chéile nó a bhaint dá chéile.

Roibeart Emmet [1936] (ar athláimh)

Clúdach crua. Raymond W. Postgate do sgríobh. Níl forchlúdach leis. Niall Ó Domhnaill a d’aistrigh. Oifig Díolta Foillseacháin Rialtais. Riocht maith.

Na Géacha Fiadhaine [1935] (ar athláimh)

Clúdach crua. Stanley J. Weyman a scríobh, ‘The Wild Geese’. Seán Óg Mac Maoláin a d’aistrigh go Gaeilge. Oifig Díolta Foillseacháín Rialtais. 518lth. Nótaí istigh le peann luaidhe in áiteanna, go háirithe chun tosaigh agus ar cúl.

Gleann ar Ghleann (ar athláimh)

Michael Davitt. Sáirséal Ó Marcaigh, 1981. Clúdach bog, riocht maith. Deannach agus cúpla marc ar an chlúdach. Imeall beagáinín caite. Bloc téacs an-ghlan.

Spanish Knights of Irish Origin Vol. II (ar athláimh)

Documents from Continental Archives. Curtha in eagar ag Micheline Walsh. Dublin Stationery Office for the Irish Manuscripts Commission, 1965. Clúdach crua gan fhorchlúdach, riocht an-mhaith. Imeall an chlúdaigh beagáinín caite. Píosa scríbhneoireachta ar an leathanach cheangal. Na leathanaigh dorcha ach an-ghlan.

Craic Baby (ar athláimh)

Darach Ó Séaghdha, Head of Zeus Tta. 2018. Clúdach crua le forchlúdach. Riocht an-mhaith. Bloc téacs an-ghlan.

Sulle Strade del Mondo – On the Pathways of the World (ar athláimh)

Enzo Farinella. Irish Monks in Europe and Italy. Edizioni Casa Italia, 2015. Clúdach bog, i riocht maith.

Táblaí matamaitice / Mathematics Tables (ar athláimh)

Gan dáta. Ainm an iar-úinéara ar an leathanach teidil. Clúdach bog, smál ar an gclúdach, breacphictiúr ar an gclúdach cúil.

Bianconi – King of the Irish Roads (ar athláimh)

M. O’C Bianconi agus S.J. Watson. Allen Figgis, 1962. Clúdach crua, le forchlúdach. Forchlúdach caite, dath ídithe agus smál air. Leabhar crua féin i riocht maith.

In Ardchathair na hEorpa (ar athláimh)

Seán Ó Lúing. Sáirséal agus Dill, an chéad chló 1976. Clúdach crua le forchlúdach plaisteach, riocht an-mhaith. Dorchú ar an taobh.

Leicseanáir IV (ar athláimh)

Seachtainí na Bliana 18-34 agus Sollúntais Ár dTiarna i Rith na Bliana. An Sagart, 1970. Clúdach bog, riocht maith. Deannach ar an chlúdach agus cúpla smál beag air. Dath an chlúdaigh ídithe in áiteanna, dath an droma ídithe. Na himill beagáinín caite. Na leathanaigh an-ghlan.

Leasú Comhdhaonnach Críostaí (ar athláimh)

Quadragesimo Anno. Aistriú Nua-Réitithe leis an Dr. Cormac Ó Cuilleanáin. FÁS. Clúdach bog, riocht maith go leeor. Smál ar an chlúdach agus dath ídithe in áiteanna. Greamán ar an chlúdach chomh maith. Dorchú ar na leathanaigh ach bloc téacs an-ghlan.

I bPrionta I Leabhar – Na Protasúin agus Prós na Gaeilge 1567-1724 (ar athláimh)

Leabhar Thaighde, an 51ú hImleabhar. Nicholas Williams. An Clóchomhar Tta., 1986. Clúdach bog, riocht maith. Dath ídithe ar an droim agus ar chúl. Bloc téacs an-ghlan.

Seán T – Scéal a Bheatha á insint ag Seán T. Ó Ceallaigh (ar athláimh)

arna chur in eagar ag Proinnsias Ó Conluain. Foilseacháin Náisiúnta Teoranta, 1963. Clúdach bog, smál ar an gclúdach, ainm an iar-úinéara ar an leathanach teidil.

Focklioar Giare Gaelg-Baarle: (ar athláimh)

A Short Dictionary of Manx Gaelic. William Wood. Alex MacLaren & Sons, 1950. Leabhrán bog, i riocht cuibheasach maith. Dorchú agus smál ar an gclúdach.

Slán le Luimneach (ar athláimh)

Ciarán Ó Coigligh. Coiscéim, 1998. Clúdach bog, riocht an-mhaith.

Scáthanna (ar athláimh)

Cathal Ó Háinle. Coiscéim, 2009. Clúdach bog, riocht an-mhaith

Oileáin Árann – Stair na n-Oileán anuas go dtí 1922 (ar athláimh)

Antoine Powell, Wolfhound Press. Gan dáta. Clúdach crua le smáil ar an bhforchlúdach. Riocht an-mhaith. Bloc téacs an-ghlan.

Irish Spelling – A Lecture (ar athláimh)

Osborn Bergin, Brún agus Ó Nualláin Tta, 1911. Leabhrán. Riocht maith go leor, dath ídithe agus dorchú ar an imeall agus an clúdach stróicthe in áiteanna. Bloc téacs i riocht an-mhaith.

Ciste fé Thalamh (ar athláimh)

Clúdach bog. Oliver Ellis. Riocht an-mhaith, meirg ar na stáplaí.

Simple Lessons in Irish Cuid a Dó (ar athláimh)

Eugene O’Growney. Cuid 2, Gaelic League Series, 1929. Simple Lessons in Irish Giving the Pronunciation of Each Word. Leabhrán bog i riocht cuibheasach. Smál ar an gclúdach. Meirg ar na stáplaí. Na leathanaigh an-ghlan.

Leabhair Scoile

Bunscoil

Meánscoil