Skip to content
Glaoigh orainn/Call us: +353 (0) 1 478 3814

I mBéal an Phobail

Míreanna Mearaí Adhmaid – Dathanna (Bogha Báistí/Tuar Ceatha)

Míreanna Mearaí Adhmaid: Dathanna (Bogha Báistí/Tuar Ceatha). Na dathanna atá san áireamh sa seit seo: dubh, bán, bándearg, donn, liath, corcra, gorm, glas, buí, oráiste agus dearg.

Prionta A4 – Sliogáin Mhara na hÉireann (Nine Arrow)

Prionta A4 le Nine Arrow de shliogáin mhara choitianta na hÉireann.

Míreanna Mearaí Adhmaid – Amuigh Faoin Spéir

Seit blocanna beaga adhmaid ar féidir iad a chur le chéile nó a bhaint dá chéile.

Prionta A4 – Aibítir | Cló Gaelach (Nine Arrow)

Prionta A4: an aibítir sa chló Gaelach, deartha ag Nine Arrow. Níl fráma leis.

Thirty-Two Words for Field – Lost words of the Irish landscape

Saothar le Manchán Magan (i mBéarla) faoi théarmaí Gaeilge.

An File Mícheál Ó Gaoithín – The Blasket Painter – Selected and Introduced by Maria Simonds-Gooding

Leabhar faoi sceitseanna agus obair phéinteála a rinne Mícheál ‘An File’ Ó Gaoithín.

Míreanna Mearaí Adhmaid – Contaetha na hÉireann (Éire) Ildaite

Míreanna mearaí déanta as adhmaid. Contaetha na tíre ar bhlocanna beaga adhmaid, ar féidir iad a bhaint dá chéile nó a chur ar ais san áit cheart. Oiriúnach do pháistí in aois 5+.

Míreanna Mearaí Cairtchláir A3 – Na Lochlainnaigh

Mireanna mearaí cairtchláír A3 a leiríonn cúrsaí taistil na lochlainnaigh

Míreanna Mearaí Adhmaid – Sa Bhaile

Seit blocanna adhmaid a thagann le chéile chun suíomh baile a chruthú, agus stór focal Gaeilge ar na blocanna. Déanta ag Alphabet Jigsaws.

Prionta A4 – Samhlaíocht | Carn leabhar (Nine Arrow)

Prionta A4 le NineArrow. Níl fráma leis. Tá cairtchlár tiubh taobh thiar de.

That Place we Call Home

Leabhar Béarla le John Creedon mar gheall ar logainmneacha na hÉireann.

Prionta A4 – Bród (NineArrow)

Prionta A4 le NineArrow.

**Réamhordú – Bealtaine 2024** Bran – Bréagán agus Leabhar i mBosca

Bréagán beag bog agus leabhar le chéile. Toisí an bhréagáin: 6x4x3 orlach. #SpraoiLeBran

Míreanna Mearaí Adhmaid – Cruimhíní

Míreanna mearaí adhmaid, cruimheanna beaga bídeacha! Aois 3+ Ó bholb go féileacán, bóín Dé agus beach – seo cuid de na cruimhíní a fheictear sa ghairdín.

Míreanna Mearaí Adhmaid – An Siopa – Uimhreacha

Míreanna mearaí adhmaid – sa siopa! Aois 3+

Listen to the Land Speak – A journey into the Wisdom of what lies Beneath Us

Leabhar le húdar ‘Thirty-Two Words for Field’ agus ‘Tree Dogs, Banshee Fingers and other words for Nature’.

Míreanna Mearaí Adhmaid – Ainmhithe Feirme

Is breá le feirmeoirí óga na Míreanna mearaí adhmaid. Is féidir feirm bheag a dheanamh leis an seacht n-ainmhí nó iad a chur le chéile mar aonad iomlán. Is bréagán iontach, láidir iad seo do lámha beaga agus do dhaoine ag foghlaim an teanga. Tá cuma alainn air leis!

The 1916 Poets (ar athláimh)

An Chomhairle Ealaíon series of Irish Authors Number Five. Curtha in eagar ag Desmond Ryan. Greenwood Press, 1979. Clúdach crua, gan forchlúdach, riocht maith. Smál ar chúl, spotaí ar an taobh.

Idir croí is anam (De toute son âme) (ar athláimh)

Pádraig Ua Buachalla a d’aistrigh. René Bazin. An chéad chló 1957. Oifig an tSoláthair. Clúdach crua gan fhorchlúdach, riocht an-mhaith.

Ní Iontas go bhfuil an Spideog ag gearán (ar athláimh)

Dánta i nGaeilge, Poèmes en irlandais. Pádraig Breandán Ó Laighin. Coiscéim, 2011. Clúdach crua le forchlúdach, geall le leabhar nua seachas smál beag ar an bhfórchlúdach.

Laochra na Machairí (ar athláimh)

Annraoi Ó Liatháin. Sáirséal agus Dill, an chéad chló 1958. Clúdach bog, riocht maith. Beagáinín deannaigh agus smál ar an chlúdach, dath ídithe in áiteanna. Na leathanaigh dorcha ach an-ghlan.

Focloir Póca (ar athláimh)

Béarla-Gaeilge/Gaeilge-Béarla. An Gúm, An Chéad Chló 1986. Clúdach crua, i riocht cuibheasach maith. Nóta breactha ar leathanach nó dhó. Smál agus dorchú ar imeall na leathanach.

Dublin’s Suburban Towns 1834-1930 (ar athláimh)

Séamas Ó Maitiú. Four Courts Press, 2003. Clúdach bog, riocht an-mhaith. Dath an droma ídithe, cúpla smál air.

Téarmaíocht don Aontas Eorpach (ar athláimh)

Taithí na hÉireann – Tionscadal GA IATE. Clúdach bog, riocht an-mhaith.

Uaigneas (ar athláimh)

Treoir don leabhar ‘Scothscéalta’ le Pádraic Ó Conaire. Pádraig Ó Croiligh. Oideas Mercier, 1972. Clúdach bog, riocht maith go leor. Dath an chlúdaigh ídithe in áiteanna, dorchú ar na leathanaigh. Bloc téacs an-ghlan. Sínithe ag an údar.

Maeldún (ar athláimh)

Diarmaid Ó Súilleabháin. Sáirséal agus Dill, an chéad chló 1972. Clúdach crua, riocht an-mhaith. Cúpla smál an-bheag air. Bloc téacs an-ghlan.

Desiderius (Sgáthán an Chrábhaidh) (ar athláimh)

Flaithrí Ó Maolchonaire, curtha in eagar ag Thomas F. O’Rahilly. Institiúid Árd-Léinn Bhaile Átha Cliath, 1975. Clúdach crua gan fhorchlúdach. Riocht an-mhaith. Smál beag ar leathanach amháin agus greamáin ar an gclúdach ar chúl. Bloc téacs an-ghlan.

For-oideas Aigne-eolais don Aos Léighinn [1932] (ar athláimh)

Clúdach crua, riocht an-mhaith. M. H. Gill agus a Mhac.

In Time’s Eye (ar athláimh)

Douglas Gageby. The Irish Times, 2001. Clúdach bog, riocht an-mhaith. Smál beag ar chúl agus dorchú ar na leathanaigh.

Dark Patrick (ar athláimh)

Seumas MacManus. The Macmillan Company, 1939. Clúdach crua gan fhorchlúdach, riocht maith. Smáil ar an chlúdach, taobh agus na leathanaigh cheangail. Bloc téacs an-ghlan.

Stair na hEorpa II (ar athláimh)

Seán A. Ó Murchú. Sáirséal agus Dill, 1969. Clúdach crua gan fhorchlúdach, riocht cuibheasach maith. Smál ar an chlúdach, dorchú air in áiteanna. Bloc téacs an-ghlan.

Dánta Meán-Teastais 1953-54 (ar athláimh)

Aindrias Ó Muimhneacháin. Comhlucht Oideachais na hÉireann Tta., 1953. Clúdach bog, riocht cuibheasach maith. Dath an chlúdaigh ídithe agus dorchú ar an imeall. Roinnt roic/smál ar an chlúdach chomh maith. Droim stróicthe ar barr agus ar bun. Spotaí ar an taobh. Bloc téacs glan.

Mar Mhaireas É II 1917-1919 (ar athláimh)

Gray, Jenkins, Dale. 1970. Oifig an tSoláthair. Micheál Ó hOdhráin a d’aistrigh agus a chuir in oiriúint. Clúdach crua, riocht maith, spotaí ar an imeall.

An tIonnradh nó Yégof an Gealt (ar athláimh)

Seoirse Ó Broin. Oifig an tSoláthair. Clúdach crua, riocht maith. An chéad chló 1954. L’invasion, Erckmann-Chatrian. Riocht an-mhaith.

An Duinníneach [crua] (ar athláimh)

Proinsias Ó Conluain agus Donncha Ó Céileachair. Sáirséal agus Dill, 1976. Clúdach rua le forchlúdach plaisteach, riocht an-mhaith. Cúpla marc an-bheag air. Bloc téacs an-ghlan.

An Sean-Saighdiúir agus Scéalta Eile (ar athláimh)

Séamus Ó Néill. Oifig an tSoláthair, 1951. Clúdach bog, riocht maith go leor. Dorchú agus smál ar an chlúdach, spotaí ar an taobh. Smál ar na leathanaigh cheangail. Bloc téacs an-ghlan.

Ór Inis Tor (ar athláimh)

Seán Mac Maoláin. Oifig an tSoláthair, 1967. Clúdach crua gan fhorchlúdach, riocht an-mhaith. Cúpla marc ar an chlúdach, cúpla spota ar an taobh. Dorchú ar na leathanaigh cheangail.

Leabhair Scoile

Bunscoil

Meánscoil