Skip to content
Glaoigh orainn/Call us: +353 (0) 1 478 3814

I mBéal an Phobail

Prionta A4 – Samhlaíocht | Carn leabhar (Nine Arrow)

Prionta A4 le NineArrow. Níl fráma leis. Tá cairtchlár tiubh taobh thiar de.

Míreanna Mearaí Adhmaid – Dathanna (Bogha Báistí/Tuar Ceatha)

Míreanna Mearaí Adhmaid: Dathanna (Bogha Báistí/Tuar Ceatha). Na dathanna atá san áireamh sa seit seo: dubh, bán, bándearg, donn, liath, corcra, gorm, glas, buí, oráiste agus dearg.

Míreanna Mearaí Cairtchláir A3 – Na Lochlainnaigh

Mireanna mearaí cairtchláír A3 a leiríonn cúrsaí taistil na lochlainnaigh

Listen to the Land Speak – A journey into the Wisdom of what lies Beneath Us

Leabhar le húdar ‘Thirty-Two Words for Field’ agus ‘Tree Dogs, Banshee Fingers and other words for Nature’.

That Place we Call Home

Leabhar Béarla le John Creedon mar gheall ar logainmneacha na hÉireann.

Thirty-Two Words for Field – Lost words of the Irish landscape

Saothar le Manchán Magan (i mBéarla) faoi théarmaí Gaeilge.

**Réamhordú – Bealtaine 2024** Bran – Bréagán agus Leabhar i mBosca

Bréagán beag bog agus leabhar le chéile. Toisí an bhréagáin: 6x4x3 orlach. #SpraoiLeBran

Míreanna Mearaí Adhmaid – Ainmhithe Feirme

Is breá le feirmeoirí óga na Míreanna mearaí adhmaid. Is féidir feirm bheag a dheanamh leis an seacht n-ainmhí nó iad a chur le chéile mar aonad iomlán. Is bréagán iontach, láidir iad seo do lámha beaga agus do dhaoine ag foghlaim an teanga. Tá cuma alainn air leis!

Míreanna Mearaí Adhmaid – Contaetha na hÉireann (Éire) Ildaite

Míreanna mearaí déanta as adhmaid. Contaetha na tíre ar bhlocanna beaga adhmaid, ar féidir iad a bhaint dá chéile nó a chur ar ais san áit cheart. Oiriúnach do pháistí in aois 5+.

Míreanna Mearaí Adhmaid – Sa Bhaile

Seit blocanna adhmaid a thagann le chéile chun suíomh baile a chruthú, agus stór focal Gaeilge ar na blocanna. Déanta ag Alphabet Jigsaws.

Míreanna Mearaí Adhmaid – Amuigh Faoin Spéir

Seit blocanna beaga adhmaid ar féidir iad a chur le chéile nó a bhaint dá chéile.

An File Mícheál Ó Gaoithín – The Blasket Painter – Selected and Introduced by Maria Simonds-Gooding

Leabhar faoi sceitseanna agus obair phéinteála a rinne Mícheál ‘An File’ Ó Gaoithín.

Prionta A4 – Aibítir | Cló Gaelach (Nine Arrow)

Prionta A4: an aibítir sa chló Gaelach, deartha ag Nine Arrow. Níl fráma leis.

Míreanna Mearaí Adhmaid – Cruimhíní

Míreanna mearaí adhmaid, cruimheanna beaga bídeacha! Aois 3+ Ó bholb go féileacán, bóín Dé agus beach – seo cuid de na cruimhíní a fheictear sa ghairdín.

Míreanna Mearaí Adhmaid – An Siopa – Uimhreacha

Míreanna mearaí adhmaid – sa siopa! Aois 3+

Prionta A4 – Bród (NineArrow)

Prionta A4 le NineArrow.

Prionta A4 – Sliogáin Mhara na hÉireann (Nine Arrow)

Prionta A4 le Nine Arrow de shliogáin mhara choitianta na hÉireann.

Gaeltacht Mhaigh Eo (ar athláimh)

Nollaig Ó Gadhra. Clódhanna Teo. Leabhrán bog, riocht an-mhaith. Smál ar chúl. Meirg ar na stáplaí.

Tine Chnámh (ar athláimh)

Liam Ó Muirthile. Sáirséal Ó Marcaigh, 1984. Clúdach bog, riocht maith. Smál ar an chlúdach agus roic air. Dath an droma ídithe. Nóta greamaithe ar an leathanach cheangal.

Hugh Lane and His Pictures (ar athláimh)

Thomas Bodkin. The Stationary Office, 1956. Clúdach crua, riocht maith. Dath ídithe ón droim. Smál air. Dorchú ar an taobh agus cúinní caite. Dorchú ar na leathanaigh cheangail, bloc téacs an-ghlan.

Onncail Seárlaí (ar athláimh)

Seán Ó Ciarghusa. C.S. Ó Fallamhain Teo., 1930. Clúdach crua gan forchlúdach, riocht maith. Droim/imill beagáinín caite agus smál ar an chlúach. Stampa iar-leabharlainne taobh istigh, agus spotaí ar an taobh.

Cisteog (ar athláimh)

Liam Ó Donnabháin. Comhlucht Oideachais na hÉireann. Clúdach bog. Clúdach lúbtha agus smál air. Dorchú ar an imeall. Bloc téacs an-ghlan.

Sgéalta ó’n gComraig (ar athláimh)

Seán de Búrca do chuir i nGaedhilg. Oifig an tSoláthair, 1948. Scéalta aistrithe ón mBreatnais/Gymraeg. Smál beag ar an gclúdach, riocht an-mhaith.

Lá Fhéile Bríde (ar athláimh)

Seán C. Ó Súilleabháin. Clódhanna Teoranta, an chéad chló 1977. Leabhrán bog, riocht maith go leor. Dath an chlúdaigh ídithe agus smáil air. Na leathanaigh an-ghlan.

Lug – Eagrán 1 Earrach 1972 (ar athláimh)

Iris liteartha. Clúdach bog. Ruachan ar na leathanaigh. Spotaí ar an gclúdach, meirg ar na stáplaí.

Passion and Cunning and Other Essays (ar athláimh)

Conor Cruise O’Brien. Paladin, 1988. Clúdach bog, riocht maith. Cúpla marc beag ar an chlúdach agus dorchú ar na leathanaigh.

Cumhacht na Cinneamhna (ar athláimh)

Tomás Bairéad. Clúdach crua le forchlúdach. Beagáinín caite ar imeall an fhorchlúdaigh agus ar imeall an chlúdaigh chrua. An tríomhadh heagar 1940. Oifig an tSoláthair. Spotaí ruachain ar dhornán leathanach, nótaí scríofa le peann luaidhe ar bheagán leathanach.

Eibhlín a Ghleanna (ar athláimh)

Clúdach crua, forchlúdach leis, stróicthe ar bun agus ar an droim (an-caite). Liam Ó Catháin, Oifig an tSoláthair, 1954. Úrscéal faoi Chogadh na Saoirse. Marcanna ar an gclúdach crua, imeall an chlúdaigh chrua caite.

Leo – Saol agus Saothar an Fhile (ar athláimh)

Riocht an-mhaith, níl forchlúdach leis.

What Will I Be? (ar athláimh)

Jane Claire agus Madeleine Keane. Marino Books, 1995. Clúdach bog, riocht maith. Smál agus roinnt deannaigh ar an chlúdach. Na leathanaigh an-ghlan.

Causeway / Cabhsair (ar athláimh)

Iris sgrìobhaidh Èireannach agus Albannaich. AHRC Centre for Irish and Scottish Studies. Mark Edwards, K.J. Keir, Ashley Powell, Olive M. Ritch a chuir in eagar. Clúdach bog, i riocht an-mhaith.

Treasury of Irish Song (ar athláimh)

A Collection of Irish Airs for Schools in Staff and Sol-Fa Notation. Compiled and Arranged in Unison and Two-part Harmony by G. Ronald C. Olden. The Educational Company. Clúdach bog, riocht cuibheasach maith. Dorchú agus smáil ar an chlúdach. Spotaí ar an taobh, meirg ar na stáplaí. Leathanaigh an-ghlan.

Fiacha Mac Aodha Ua Broin (ar athláimh)

Pádraig Mac Aodha. Séamus Ó Dubhthaigh & a Chomh., Teo., 1908. Clúdach bog, riocht maith. Smál ar an chlúdach agus na leathanaigh cheangail. Bloc téacs an-ghlan.

Henry Grattan & His Times (ar athláimh)

Stephen Gwynn. Browne & Nolan Ltd., 1939. Clúdach crua, gan forchlúdach. Smál ar an chlúdach agus dorchú áit ina raibh leabhar eile ar bharr. Dath ídithe ar an droim, dorchú ar an taobh. Spotaí ar an taobh. Dorchú ar na leathanaigh.

Caoin Tú Féin [1986, greamán] (ar athláimh)

Diarmaid Ó Súilleabháin. Sáirséal agus Dill, 1986. Clúdach leath-chrua, riocht maith. Cúpla smál an-bheag agus beagán deannaigh ar an chlúdach, agus greamáin air. Uimhreacha scríofa ar barr roinnt leathanaigh, ach iad an-ghlan seachas sin.

Gaineamh is Gaoth (ar athláimh)

Aiste mar gheall ar an gcoibhneas idir an duine aonair, an pobal agus an teanga a úsáideann siad i gcomhthéacs Éire na linne seo. Éamon Ó Deagha. Coiscéim, 1986. Clúdach bog, riocht maith. Dath ídithe, smál ar an chlúdach.

An Tost a Scagadh (ar athláimh)

Michael Davitt. Coiscéim. An Chéad Cló, 1993. Sínithe ag an údar. Clúdach bog, riocht an-mhaith. Dorchú ar an taobh agus imill na leathanaigh.

Leabhair Scoile

Bunscoil

Meánscoil