Skip to content
Glaoigh orainn/Call us: +353 (0) 1 478 3814

I mBéal an Phobail

Míreanna Mearaí Adhmaid – Ainmhithe Feirme

Is breá le feirmeoirí óga na Míreanna mearaí adhmaid. Is féidir feirm bheag a dheanamh leis an seacht n-ainmhí nó iad a chur le chéile mar aonad iomlán. Is bréagán iontach, láidir iad seo do lámha beaga agus do dhaoine ag foghlaim an teanga. Tá cuma alainn air leis!

**Réamhordú – Bealtaine 2024** Bran – Bréagán agus Leabhar i mBosca

Bréagán beag bog agus leabhar le chéile. Toisí an bhréagáin: 6x4x3 orlach. #SpraoiLeBran

Míreanna Mearaí Adhmaid – Sa Bhaile

Seit blocanna adhmaid a thagann le chéile chun suíomh baile a chruthú, agus stór focal Gaeilge ar na blocanna. Déanta ag Alphabet Jigsaws.

Míreanna Mearaí Adhmaid – Contaetha na hÉireann (Éire) Ildaite

Míreanna mearaí déanta as adhmaid. Contaetha na tíre ar bhlocanna beaga adhmaid, ar féidir iad a bhaint dá chéile nó a chur ar ais san áit cheart. Oiriúnach do pháistí in aois 5+.

Míreanna Mearaí Adhmaid – An Siopa – Uimhreacha

Míreanna mearaí adhmaid – sa siopa! Aois 3+

Prionta A4 – Sliogáin Mhara na hÉireann (Nine Arrow)

Prionta A4 le Nine Arrow de shliogáin mhara choitianta na hÉireann.

That Place we Call Home

Leabhar Béarla le John Creedon mar gheall ar logainmneacha na hÉireann.

Thirty-Two Words for Field – Lost words of the Irish landscape

Saothar le Manchán Magan (i mBéarla) faoi théarmaí Gaeilge.

Prionta A4 – Bród (NineArrow)

Prionta A4 le NineArrow.

Míreanna Mearaí Adhmaid – Cruimhíní

Míreanna mearaí adhmaid, cruimheanna beaga bídeacha! Aois 3+ Ó bholb go féileacán, bóín Dé agus beach – seo cuid de na cruimhíní a fheictear sa ghairdín.

Prionta A4 – Samhlaíocht | Carn leabhar (Nine Arrow)

Prionta A4 le NineArrow. Níl fráma leis. Tá cairtchlár tiubh taobh thiar de.

Listen to the Land Speak – A journey into the Wisdom of what lies Beneath Us

Leabhar le húdar ‘Thirty-Two Words for Field’ agus ‘Tree Dogs, Banshee Fingers and other words for Nature’.

Míreanna Mearaí Adhmaid – Amuigh Faoin Spéir

Seit blocanna beaga adhmaid ar féidir iad a chur le chéile nó a bhaint dá chéile.

An File Mícheál Ó Gaoithín – The Blasket Painter – Selected and Introduced by Maria Simonds-Gooding

Leabhar faoi sceitseanna agus obair phéinteála a rinne Mícheál ‘An File’ Ó Gaoithín.

Prionta A4 – Aibítir | Cló Gaelach (Nine Arrow)

Prionta A4: an aibítir sa chló Gaelach, deartha ag Nine Arrow. Níl fráma leis.

Míreanna Mearaí Adhmaid – Dathanna (Bogha Báistí/Tuar Ceatha)

Míreanna Mearaí Adhmaid: Dathanna (Bogha Báistí/Tuar Ceatha). Na dathanna atá san áireamh sa seit seo: dubh, bán, bándearg, donn, liath, corcra, gorm, glas, buí, oráiste agus dearg.

Míreanna Mearaí Cairtchláir A3 – Na Lochlainnaigh

Mireanna mearaí cairtchláír A3 a leiríonn cúrsaí taistil na lochlainnaigh

For-oideas Aigne-eolais don Aos Léighinn [1932] (ar athláimh)

Clúdach crua, riocht an-mhaith. M. H. Gill agus a Mhac.

Corpas na Gaeilge 1600-1882 (ar athláimh)

Foclóir na Nua-Ghaeilge. The Irish language Corpus. Acadamh Ríoga na hÉireann, 2004. Clúdach leathchrua, i riocht an-mhaith. Dlúthdhiosca a bhaineann leis an leabhar laistigh.

One Island Two Nations (ar athláimh)

Towards a democratic settlement of the national conflict in Ireland. A pamphlet of the workers association, June 1973. Leabhrán bog, riocht iontach. Dath an chlúdaigh ídithe ar barr.

Lios an Óir – dráma dhá mhír do pháistí (ar athláimh)

Leabhrán bídeach tanaí 11.5 x 8.5cm. Ruachan ar an imeall, meirg ar na stáplaí. Clúdaithe le páipéar donn.

Films in Irish (ar athláimh)

An English version of the Memorandum submitted by Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge to the Government, July, 1950. Leabhrán bog, riocht cuibheasach. Smál ar an chlúdach, atá stróicthe in áiteanna agus codanna de imithe. Na leathanaigh an-ghlan.

Kilmainham (ar athláimh)

The Kilmainham Jail Restoration Society, 1966. Leabhrán bog, riocht maith go leor. Dorchú agus smáil ar an chlúdach, cúinní beagáinín brúite. Spotaí ar an taobh. Bloc téacs an-ghlan.

Ciarán Fitzgerald agus Foireann Rugbaí na hÉireann (ar athláimh)

Breandán Ó hEithir. Coiscéim, 1985. Sínithe ag an údar. Clúdach bog, riocht maith. An leathanach cheangal ag éalú. Smál ar an chlúdach.

Eachtraidheacht (ar athláimh)

Riocht an-mhaith. Ainm an iar-úinéara istigh ar an leathanach ceangail. Nótaí breactha le peann luaidhe ar chuid de na leathanaigh.

Dónall Ó Conaill (ar athláimh)

An tAthair Antaine Ó Duibhir. Oifig an tSoláthair, 1967. Clúdach crua le forchlúdach, i riocht cuibheasach maith. Forchlúdach stróicthe ar barr. Cnag ar an bhforchlúdach agus é caite ar an imeall. Smál ar na leathanaigh ceangail.

Beyond Nationalism (ar athláimh)

The Struggle against Provinciality in the Modern World. Desmond Fennell. Ward River Press, 1985. Clúdach bog, riocht maith. Clúdach beagáinín dorcha agus smál air. Cúpla spota ar an taobh.

No Surrender! The siege of Londonderry 1689 (ar athláimh)

Tony Gray, MacDonald and Jane’s, London, 1975. Clúdach crua le forchlúdach. Forchlúdach stróicthe sa chúinne, riocht maith.

Pádraig Mac Piarais [1938] (ar athláimh)

Séamas Ó Searcaigh a scríobh. Oifig an tSoláthair, An Chéad Chlo 1938. Clúdach crua i riocht maith, le forchlúdach atá caite. Stróiceanna agus smál ar bhforchlúdach, a bhfuil portráid den Phiarsach air. An leabhar féin i riocht maith. Dorchú ar na leathanaigh, smál in áiteanna. Síniú an iar-úinéara laistigh.

The Facts About Irish [1964] (ar athláimh)

Seán Ó Tuama. An Comhar Poiblí, 1964. Leabhrán bog, riocht maith. Smál ar an chlúdach, dorchú ar na leathanaigh.

Swift and his Circle (ar athláimh)

Clúdach crua. R. Wyse Jackson. The Talbot Press Limited, Dublin. 1945. Forchlúdach leis, stróicthe ar barr. Clúdach crua i riocht an-mhaith faoina bhun sin. De réir comhaontú leis an té a thug na leabhair seo dúinn, tá an praghas díolta ar an leabhar seo á choinneáil chomh híseal agus is féidir linn le costais próiseála…

The Honest Ulsterman Number 64 (ar athláimh)

The War Years in Ulster 1939-45. Leabhrán bog, riocht maith. Dath an droma ídithe. Roinnt smál ar an chlúdach.

Tarngaireacht Mhiseoige [1958] (ar athláimh)

An chéad chló, 1958. Clúdach crua, forchlúdach leis. Forchlúdach beagáinín caite ar an imeall, an clúdach crua agus an bloc téacs i tiocht an-mhaith. Dornán nótaí scríofa isteach le peann go fánach.

Stiana [1930] (ar athláimh)

Clúdach crua, riocht maith. Conán Maol a scríobh. C. S. Ó Fallamhain Teo. Corr-nóta breachta ann le peann luaidhe.

Téid Focal le Gaoith (ar athláimh)

Proinsias Mac an Bheatha. Foilseacháin Náisúnta Teoranta. An Chéad Chló, Eagrán an Chlub Leabhar 1967. Riocht maith. Clúdach crua le forchlúdach. Forchlúdach caite agus an dath ídithe, smál air. Leabhar crua féin i riocht maith, dath an chlúdaigh ídithe agus nóta scríofa taobh istigh. Bloc téacs an-ghlan.

Leo – Saol agus Saothar an Fhile (ar athláimh)

Riocht an-mhaith, níl forchlúdach leis.

Géarchéim in Éirinn (ar athláimh)

Dick Walsh. Foillseacháin Náisiúnta Teoranta, 1970. Clúdach bog, riocht maith. Sínithe ag an údar. Imeall beagáinín caite, smál ar an chlúdach.

Leabhair Scoile

Bunscoil

Meánscoil