Skip to content
Glaoigh orainn/Call us: +353 (0) 1 478 3814

I mBéal an Phobail

Míreanna Mearaí Adhmaid – Cruimhíní

Míreanna mearaí adhmaid, cruimheanna beaga bídeacha! Aois 3+ Ó bholb go féileacán, bóín Dé agus beach – seo cuid de na cruimhíní a fheictear sa ghairdín.

Míreanna Mearaí Adhmaid – Contaetha na hÉireann (Éire) Ildaite

Míreanna mearaí déanta as adhmaid. Contaetha na tíre ar bhlocanna beaga adhmaid, ar féidir iad a bhaint dá chéile nó a chur ar ais san áit cheart. Oiriúnach do pháistí in aois 5+.

Listen to the Land Speak – A journey into the Wisdom of what lies Beneath Us

Leabhar le húdar ‘Thirty-Two Words for Field’ agus ‘Tree Dogs, Banshee Fingers and other words for Nature’.

Prionta A4 – Aibítir | Cló Gaelach (Nine Arrow)

Prionta A4: an aibítir sa chló Gaelach, deartha ag Nine Arrow. Níl fráma leis.

An File Mícheál Ó Gaoithín – The Blasket Painter – Selected and Introduced by Maria Simonds-Gooding

Leabhar faoi sceitseanna agus obair phéinteála a rinne Mícheál ‘An File’ Ó Gaoithín.

That Place we Call Home

Leabhar Béarla le John Creedon mar gheall ar logainmneacha na hÉireann.

Thirty-Two Words for Field – Lost words of the Irish landscape

Saothar le Manchán Magan (i mBéarla) faoi théarmaí Gaeilge.

Míreanna Mearaí Adhmaid – Ainmhithe Feirme

Is breá le feirmeoirí óga na Míreanna mearaí adhmaid. Is féidir feirm bheag a dheanamh leis an seacht n-ainmhí nó iad a chur le chéile mar aonad iomlán. Is bréagán iontach, láidir iad seo do lámha beaga agus do dhaoine ag foghlaim an teanga. Tá cuma alainn air leis!

Prionta A4 – Bród (NineArrow)

Prionta A4 le NineArrow.

Míreanna Mearaí Adhmaid – Amuigh Faoin Spéir

Seit blocanna beaga adhmaid ar féidir iad a chur le chéile nó a bhaint dá chéile.

Míreanna Mearaí Cairtchláir A3 – Na Lochlainnaigh

Mireanna mearaí cairtchláír A3 a leiríonn cúrsaí taistil na lochlainnaigh

Míreanna Mearaí Adhmaid – Dathanna (Bogha Báistí/Tuar Ceatha)

Míreanna Mearaí Adhmaid: Dathanna (Bogha Báistí/Tuar Ceatha). Na dathanna atá san áireamh sa seit seo: dubh, bán, bándearg, donn, liath, corcra, gorm, glas, buí, oráiste agus dearg.

Prionta A4 – Sliogáin Mhara na hÉireann (Nine Arrow)

Prionta A4 le Nine Arrow de shliogáin mhara choitianta na hÉireann.

Prionta A4 – Samhlaíocht | Carn leabhar (Nine Arrow)

Prionta A4 le NineArrow. Níl fráma leis. Tá cairtchlár tiubh taobh thiar de.

Míreanna Mearaí Adhmaid – Sa Bhaile

Seit blocanna adhmaid a thagann le chéile chun suíomh baile a chruthú, agus stór focal Gaeilge ar na blocanna. Déanta ag Alphabet Jigsaws.

**Réamhordú – Bealtaine 2024** Bran – Bréagán agus Leabhar i mBosca

Bréagán beag bog agus leabhar le chéile. Toisí an bhréagáin: 6x4x3 orlach. #SpraoiLeBran

Míreanna Mearaí Adhmaid – An Siopa – Uimhreacha

Míreanna mearaí adhmaid – sa siopa! Aois 3+

An Grá agus An Ghruaim (ar athláimh)

Seosamh Mac Grianna. Curtha in eagar ag Niall Ó Dónaill. Longman Brún agus Ó Nualláin Tta. Clúdach bog, riocht maith. Greamán ar chúl, cúpla smál beag ar an chlúdach. Dath an droma ídithe beagáinín. Na leathanaigh an-ghlan.

Seacht mBua an Éirí Amach [1970] (ar athláimh)

In eagar ag Tomás de Bhaldraithe, athchló 1970. Clúdach crua, forchlúdach plaisteach trédhearcach leis. Smál ar an gclúdach plaisteach. Spotaí ar an imeall. Nótaí scríofa isteach le peann in áiteanna.

Gnéithe na hÉireann – Irish Landscape (ar athláimh)

R. Lloyd Praeger. Comhartha na dTrí gCoinneal, 1953. Clúdach bog, riocht cuibheasach. Téip taobh istigh den chlúdach, dath an chlúdaigh ídithe in áiteanna. Dorchú ar an taobh agus ainm an iar-úinéara scríofa taobh istigh.

Laochra na hÉireann agus na Cluichí Oilimpeacha 1896-1996 (ar athláimh)

Séamus Ware. Coiscéim, 1996. Clúdach bog, riocht an-mhaith. Smál beag ar chúl.

Ór Inis Tor (ar athláimh)

Seán Mac Maoláin. Oifig an tSoláthair, 1967. Clúdach crua gan fhorchlúdach, riocht an-mhaith. Cúpla marc ar an chlúdach, cúpla spota ar an taobh. Dorchú ar na leathanaigh cheangail.

In Ardchathair na hEorpa (ar athláimh)

Seán Ó Lúing. Sáirséal agus Dill, an chéad chló 1976. Clúdach crua le forchlúdach plaisteach, riocht an-mhaith. Dorchú ar an taobh.

As an nGéibheann (ar athláimh)

Máirtín Ó Cadhain. Sáirséal agus Dill, an chéad chló 1973. Clúdach crua gan fhorchlúdach, riocht iontach. Spotaí ar an taobh.

Kilcullen (ar athláimh)

Enda Pádraig O’Coineen. Clúdach bog. Mercier Press. 1978. Riocht an-mhaith.

Buíon Éireannach in Albain (ar athláimh)

Annraoi Ó Liatháin. Sáirséal agus Dill, an chéad chló 1975. Clúdach crua le forchlúdach plaisteach. Smál ar an bhforchlúdach, na leathanaigh an-ghlan.

Scéalaíocht na Ríthe (ar athláimh)

Curtha in eagar ag Tomás Ó Floinn agus Proinsias Mac Cana. Sáirséal agus Dill, an chéad chló 1956. Clúdach crua le forchlúdach plaisteach. Smál agus roic ar an bhforchlúdach. Na cúinní beagáinín brúite. Na leathanaigh dorcha ach an-ghlan.

Kings in Conflict – Ireland in the 1690s (ar athláimh)

Riocht an-mhaith. Clúdach bog. 1990. Ulster Museum. De réir comhaontú leis an té a thug na leabhair seo dúinn, tá an praghas díolta ar an leabhar seo á choinneáil chomh híseal agus is féidir linn le costais próiseála a chlúdach, le gur féidir leis na leabhair ar fad sa chnuasach baile nua a aimsiú le…

Ciarán Fitzgerald agus Foireann Rugbaí na hÉireann (ar athláimh)

Breandán Ó hEithir. Coiscéim, 1985. Sínithe ag an údar. Clúdach bog, riocht maith. An leathanach cheangal ag éalú. Smál ar an chlúdach.

Ar Chamachuaird Laisteas den tSionainn – Cuid I (ar athláimh)

Gearóid Mac Spealáin. Comhar-chumann Íde Naofa Tta., 1965. Clúdach bog, riocht maith. Smál ar an chlúdach, meirg ar na stáplaí. Bloc téacs an-ghlan.

Rialachas san Froinsias (ar athláimh)

Institiúid Ard-léinn Bhaile Átha Cliath, 1953. Clúdach crua, níl forchlúdach leis. Riocht an-mhaith.

Idir an dá Dhealbh (ar athláimh)

Dáithí Ó hÓgáin. Coiscéim, An Chéad Chló 1988. Clúdach bog, i riocht maith. Smál beag ar imeall na leathanach. Dath an chlúdaigh ídithe go suntasach.

Dúshlán – Cnuasach Gearrscéalta (ar athláimh)

Aisling Ní Dhonnchadha a roghnaigh. Sáirséal Ó Marcaigh, 1985. Clúdach leath-chrua, riocht maith. Dath an chlúdaigh ídithe in áiteanna, roinnt marcanna air. Bloc téacs an-ghlan.

Corpas na Gaeilge 1600-1882 (ar athláimh)

Foclóir na Nua-Ghaeilge. The Irish language Corpus. Acadamh Ríoga na hÉireann, 2004. Clúdach leathchrua, i riocht an-mhaith. Dlúthdhiosca a bhaineann leis an leabhar laistigh.

History of the Name – O’Kelly (ar athláimh)

J.D. Williams. Mercier Press, 1977. Clúdach bog. Smál ar an chlúdach, dorchú ar na leathanaigh.

Mo Sgéal Féin [gan fhorchlúdach] (ar athláimh)

Peadar Ua Laoghaire. Brún agus Ó Nóláin. Clúdach crua gan fhorchlúdach, riocht maith go leor. Cúpla smál beag ar an chlúdach, na cúinní beagáinín brúite. Stampaí iar-leabharlainne taobh istigh. Rinneadh clúdach nua don chóip seo; tagann an teideal ón mbunchlúdach, ach linéadachnua atá sa chuid eile. Teideal sa chló rómhánach ar an droim.

Lectures on Faith & Fatherland by the Very Rev. Thomas N. Burke, O.P. (ar athláimh)

Burns Oates & Washbourne Ltd. Clúdach bog, riocht cuibheasach maith. Dorchú ar na leathanaigh agus an taobh, droim rocach. Dath an droma ídithe.

Leabhair Scoile

Bunscoil

Meánscoil