Skip to content
Glaoigh orainn/Call us: +353 (0) 1 478 3814
star Ciseán 33

I mBéal an Phobail

Míreanna Mearaí Adhmaid – Cruimhíní

Míreanna mearaí adhmaid, cruimheanna beaga bídeacha! Aois 3+ Ó bholb go féileacán, bóín Dé agus beach – seo cuid de na cruimhíní a fheictear sa ghairdín.

Prionta A4 – Bród (NineArrow)

Prionta A4 le NineArrow.

Thirty-Two Words for Field – Lost words of the Irish landscape

Saothar le Manchán Magan (i mBéarla) faoi théarmaí Gaeilge.

Prionta A4 – Aibítir | Cló Gaelach (Nine Arrow)

Prionta A4: an aibítir sa chló Gaelach, deartha ag Nine Arrow. Níl fráma leis.

Prionta A4 – Samhlaíocht | Carn leabhar (Nine Arrow)

Prionta A4 le NineArrow. Níl fráma leis. Tá cairtchlár tiubh taobh thiar de.

Míreanna Mearaí Adhmaid – An Siopa – Uimhreacha

Míreanna mearaí adhmaid – sa siopa! Aois 3+

Míreanna Mearaí Adhmaid – Sa Bhaile

Seit blocanna adhmaid a thagann le chéile chun suíomh baile a chruthú, agus stór focal Gaeilge ar na blocanna. Déanta ag Alphabet Jigsaws.

Míreanna Mearaí Adhmaid – Contaetha na hÉireann (Éire) Ildaite

Míreanna mearaí déanta as adhmaid. Contaetha na tíre ar bhlocanna beaga adhmaid, ar féidir iad a bhaint dá chéile nó a chur ar ais san áit cheart. Oiriúnach do pháistí in aois 5+.

That Place we Call Home

Leabhar Béarla le John Creedon mar gheall ar logainmneacha na hÉireann.

An File Mícheál Ó Gaoithín – The Blasket Painter – Selected and Introduced by Maria Simonds-Gooding

Leabhar faoi sceitseanna agus obair phéinteála a rinne Mícheál ‘An File’ Ó Gaoithín.

Prionta A4 – Sliogáin Mhara na hÉireann (Nine Arrow)

Prionta A4 le Nine Arrow de shliogáin mhara choitianta na hÉireann.

Míreanna Mearaí Adhmaid – Ainmhithe Feirme

Is breá le feirmeoirí óga na Míreanna mearaí adhmaid. Is féidir feirm bheag a dheanamh leis an seacht n-ainmhí nó iad a chur le chéile mar aonad iomlán. Is bréagán iontach, láidir iad seo do lámha beaga agus do dhaoine ag foghlaim an teanga. Tá cuma alainn air leis!

Míreanna Mearaí Cairtchláir A3 – Na Lochlainnaigh

Mireanna mearaí cairtchláír A3 a leiríonn cúrsaí taistil na lochlainnaigh

Míreanna Mearaí Adhmaid – Amuigh Faoin Spéir

Seit blocanna beaga adhmaid ar féidir iad a chur le chéile nó a bhaint dá chéile.

Míreanna Mearaí Adhmaid – Dathanna (Bogha Báistí/Tuar Ceatha)

Míreanna Mearaí Adhmaid: Dathanna (Bogha Báistí/Tuar Ceatha). Na dathanna atá san áireamh sa seit seo: dubh, bán, bándearg, donn, liath, corcra, gorm, glas, buí, oráiste agus dearg.

Listen to the Land Speak – A journey into the Wisdom of what lies Beneath Us

Leabhar le húdar ‘Thirty-Two Words for Field’ agus ‘Tree Dogs, Banshee Fingers and other words for Nature’.

**Réamhordú – Bealtaine 2024** Bran – Bréagán agus Leabhar i mBosca

Bréagán beag bog agus leabhar le chéile. Toisí an bhréagáin: 6x4x3 orlach. #SpraoiLeBran

I n-Aimsir Eoghain Ruaidh (ar athláimh)

Scéal Fá Éirghe-Amach 1641. In the Days of Owen Roe. James Murphy. Aistrithe ag Pádraig Mac Seaghain. Oifig Díolta Foillseacháin Rialtais, 1935. Riocht maith. Clúdach crua gan fhorchlúdach. Cúpla smál ar an chlúdach, dath an droma ídithe. Spotaí ar an taobh agus dorchú ar na leathanaigh. Ainm an iar-úinéara scríofa taobh istigh.

Caesar de Bello Gallico IV (ar athláimh)

An tAth. Pádraic Ó Laoi. Sáirséal agus Dill, 1963. Clúdach crua gan fhorchlúdach. Dath an droma ídithe. Na leathanaigh an-ghlan.

Féar Suaithinseach [1984] (ar athláimh)

Nuala Ní Dhomhnaill. An Sagart a d’fhoilsigh. Clúdach crua, forchlúdach leis, riocht maith. Cliodhna Cussen a dhear an clúdach.

Oghma 7 (ar athláimh)

Foilseacháin Oghma, 1995. Eagarthóirí: Seosamh Ó Murchú, Micheál Ó Cearúil, Antain Mag Shamhráin. Clúdach bog, riocht an-mhaith

Idir shúgradh agus dáiríre (ar athláimh)

Máirtín Ó Cadhain. Athchló agus gluais, 1947. Oifig an tSoláthair. Clúdach crua, gan fhorchlúdach. Clúdach caite, droim caite.

Línte Liombó (ar athláimh)

Seán Ó Ríordáin. Sáirséal agus Dill. An Chéad Chló, 1971. Clúdach crua le forchlúdach plaisteach. Riocht an-mhaith. Ainm an iar-úinéara scríofa ar an leathanach ceangal.

Muintir (ar athláimh)

Diarmaid Ó Súilleabháin. Sáirséal agus Dill, an chéad chló 1971. Clúdach crua, riocht an-mhaith. Cúpla smál ar an chlúdach agus taobh. Bloc téacs an-ghlan.

An Apology for Roses (ar athláimh)

John Broderick. Pan Books Ltd., 1974. Riocht maith. Droim rocach agus dorchú ar an imeall.

Foras Feasa ar Theagasc na hEaglaise (ar athláimh)

An tAthair Pádraig Mac Giolla Cheara. Oifig Díolta Foillseacháin Rialtais. Clúdach crua. Cuid den bhfúáil briste. Riocht maith.

An Bhratach (ar athláimh)

Máire. Oifig an tSoláthair, an chéad chló 1959. Clúdach crua gan fhorchlúdach, riocht maith go leor. Imeall an chlúdaigh caite, cúinní caite, bun an droma caite. Smáil ar an chlúdach agus taobh. Na leathanaigh dorcha ach an-ghlan.

Comhad Comhairleora (ar athláimh)

An Chéad Chloch (ar athláimh)

Pádraic Ó Conaire, Cló Mercier Teoranta. 1978. Clúdach bog, riocht maith. Roinnt smál ar an gclúdach. Bloc téacs an-ghlan.

Pádraig Mac Piarais agus Éire lena linn (ar athláimh)

Séamas Ó Buachalla. Mercier, 1979. Clúdach bog, riocht maith go leor. Smáil agus ruachan ar an chlúdach, na cúinní beagáinín caite. Bloc téacs an-ghlan.

Oideadh an Athar uí Shíthigh (ar athláimh)

Clúdach crua, Tomás de Bhial. An chéad chló 1954. An leathanach leath-teidil stróicthe. Ainm an iar-úinéara scríofa ar an leathanach ceangail tosaigh.

Tine Chnámh (ar athláimh)

Liam Ó Muirthile. Sáirséal Ó Marcaigh, 1984. Clúdach bog, riocht maith. Smál ar an chlúdach agus roic air. Dath an droma ídithe. Nóta greamaithe ar an leathanach cheangal.

Tárglamadh na nGalactan (ar athláimh)

Aodán Mac Giollabháin, Coláiste na h-ollscoile Gaillimh, 1962. Riocht an-mhaith. 50 lth.

Man Bites Dog 4 (ar athláimh)

Donal Foley. The Irish Times. 1975. Clúdach bog, ríocht maith. Smál ar an chlúdach. Dath an druime agus an chlúdach ídithe. Bloc téacs an-ghlan. Imeall beaganín caite

A High Meadow (ar athláimh)

John B. Keane. The Mercier Press, 1994. Clúdach bog, riocht an-mhaith. Cúpla smál ar an taobh.

Ór na h-Aitinne (ar athláimh)

Tomás Bairéad. Faoi Chomhartha na dTrí gCoinneal. An Chéad Cló, 1949. Clúdach bog, le forchlúdach páipéir. Riocht maith go leor. Forchlúdach caite agus smál air. Smál ar na leathanaigh cheangail. Bloc téacs an-ghlan.

Maighistri san Fhilidheacht (ar athláimh)

Láimh-leabhar léirmheasa ar na filí móra ó Chéitinn anuas. T. Ó Raithbheartaigh. Muinntir Chathail Clódóirí, Baile Átha Cliath, 1939. Clúdach crua, i riocht maith. Dath ídithe ar an gclúdach agus dorchú ar na leathanaigh. Ainm an iar-úinéara sínithe ar an leathanach ceangal. Bloc téacs an-ghlan.

Leabhair Scoile

Bunscoil

Meánscoil