Skip to content
Glaoigh orainn/Call us: +353 (0) 1 478 3814

I mBéal an Phobail

Míreanna Mearaí Adhmaid – An Siopa – Uimhreacha

Míreanna mearaí adhmaid – sa siopa! Aois 3+

Míreanna Mearaí Adhmaid – Dathanna (Bogha Báistí/Tuar Ceatha)

Míreanna Mearaí Adhmaid: Dathanna (Bogha Báistí/Tuar Ceatha). Na dathanna atá san áireamh sa seit seo: dubh, bán, bándearg, donn, liath, corcra, gorm, glas, buí, oráiste agus dearg.

Prionta A4 – Bród (NineArrow)

Prionta A4 le NineArrow.

Listen to the Land Speak – A journey into the Wisdom of what lies Beneath Us

Leabhar le húdar ‘Thirty-Two Words for Field’ agus ‘Tree Dogs, Banshee Fingers and other words for Nature’.

**Réamhordú – Bealtaine 2024** Bran – Bréagán agus Leabhar i mBosca

Bréagán beag bog agus leabhar le chéile. Toisí an bhréagáin: 6x4x3 orlach. #SpraoiLeBran

An File Mícheál Ó Gaoithín – The Blasket Painter – Selected and Introduced by Maria Simonds-Gooding

Leabhar faoi sceitseanna agus obair phéinteála a rinne Mícheál ‘An File’ Ó Gaoithín.

Míreanna Mearaí Adhmaid – Contaetha na hÉireann (Éire) Ildaite

Míreanna mearaí déanta as adhmaid. Contaetha na tíre ar bhlocanna beaga adhmaid, ar féidir iad a bhaint dá chéile nó a chur ar ais san áit cheart. Oiriúnach do pháistí in aois 5+.

Míreanna Mearaí Cairtchláir A3 – Na Lochlainnaigh

Mireanna mearaí cairtchláír A3 a leiríonn cúrsaí taistil na lochlainnaigh

Prionta A4 – Aibítir | Cló Gaelach (Nine Arrow)

Prionta A4: an aibítir sa chló Gaelach, deartha ag Nine Arrow. Níl fráma leis.

Thirty-Two Words for Field – Lost words of the Irish landscape

Saothar le Manchán Magan (i mBéarla) faoi théarmaí Gaeilge.

Míreanna Mearaí Adhmaid – Amuigh Faoin Spéir

Seit blocanna beaga adhmaid ar féidir iad a chur le chéile nó a bhaint dá chéile.

Prionta A4 – Samhlaíocht | Carn leabhar (Nine Arrow)

Prionta A4 le NineArrow. Níl fráma leis. Tá cairtchlár tiubh taobh thiar de.

Míreanna Mearaí Adhmaid – Cruimhíní

Míreanna mearaí adhmaid, cruimheanna beaga bídeacha! Aois 3+ Ó bholb go féileacán, bóín Dé agus beach – seo cuid de na cruimhíní a fheictear sa ghairdín.

Míreanna Mearaí Adhmaid – Ainmhithe Feirme

Is breá le feirmeoirí óga na Míreanna mearaí adhmaid. Is féidir feirm bheag a dheanamh leis an seacht n-ainmhí nó iad a chur le chéile mar aonad iomlán. Is bréagán iontach, láidir iad seo do lámha beaga agus do dhaoine ag foghlaim an teanga. Tá cuma alainn air leis!

Prionta A4 – Sliogáin Mhara na hÉireann (Nine Arrow)

Prionta A4 le Nine Arrow de shliogáin mhara choitianta na hÉireann.

Míreanna Mearaí Adhmaid – Sa Bhaile

Seit blocanna adhmaid a thagann le chéile chun suíomh baile a chruthú, agus stór focal Gaeilge ar na blocanna. Déanta ag Alphabet Jigsaws.

That Place we Call Home

Leabhar Béarla le John Creedon mar gheall ar logainmneacha na hÉireann.

An Lomnochtán (ar athláimh)

Eoghan Ó Tuairisc. Mercier, 1977. Clúdach bog, riocht maith. Smál ar an chlúdach. Dorchú ar na leathanaigh ach iad an-ghlan.

An Apology for Roses (ar athláimh)

John Broderick. Pan Books Ltd., 1974. Riocht maith. Droim rocach agus dorchú ar an imeall.

Two Godfathers of Revisionism (ar athláimh)

1916 in the Revisionist Canon. Pádraig Ó Snodaigh. Fulcrum Press, 1991. Leabhrán bog, riocht maith. Cúpla smál agus dorchú ar an chlúdach. Dorchú ar na leathanaigh ach iad an-ghlan.

An Síol (ar athláimh)

Coláiste Iolscoile Chorcaighe. Curtha in eagar ag Déaglán Ó Caoimh. 1949-1950. Clúdach bog, riocht cuibheasach. Smáil agus deannach ar an chlúdach, agus píosa peannaireachta. Meirg ar na stáplaí. Ruachan ar na leathanaigh cheangail. Na leathanaigh glan.

Iascaire Inse Tuile (ar athláimh)

Leagan Gaedhilge le ‘Máire’ an Pêcheur d’Islande. Oifig an tSoláthair, an chéad chló, 1952. Clúdach crua gan fhorchlúdach, i riocht maith. An dath ídithe ar an droim. Dorchú ar na leathanaigh. Síniú an iar-úinéara laistigh. Téacs sa tSeanchló.

Breaking the Deadlock (ar athláimh)

A Way Out of the Northern Impasse. Robert Heatley. The Fulcrum Press, 1991. Leabhrán bog, riocht maith. Dath an droma ídithe, smál ar an chlúdach.

An Grá agus An Ghruaim (ar athláimh)

Seosamh Mac Grianna. Curtha in eagar ag Niall Ó Dónaill. Longman Brún agus Ó Nualláin Tta. Clúdach bog, riocht maith. Greamán ar chúl, cúpla smál beag ar an chlúdach. Dath an droma ídithe beagáinín. Na leathanaigh an-ghlan.

An Coimhthíoch (ar athláimh)

Séamus Mac Conmara. Oifig an tSoláthair, 1967. Clúdach crua gan fhorchlúdach, i riocht an-mhaith. Smál ar chúpla leathanach, go háirithe na leathanaigh ceangail. Síniú an iar-úinéara laistigh. Smál ar imill na leathanach freisin.

An tAthmhuintearas agus an Pheannaid (ar athláimh)

Tréadlitir 1999. An Ró-Oirmh Desmond Connell DD Ardeaspag Bhaile Átha Cliath. Foilseacháin Veritas, 1999. Leabhrán bog, i riocht maith.

An Ridire Dubh (ar athláimh)

Cosslett Ó Cuinn a chuir Gaeilge ar Peores que Lobos, a scríobh Frederico Mediante Noceda. Coiscéim, An Chéad Chló, 1993. Clúdach bog, i riocht cuibheasach maith. Cúpla spota bána ar an gclúdach, ar a bhfuil an cúinne íochtarach brúite. Imeall íochtarach brúite beagáinín. Smál agus an dath ídithe ar imeall na leathanach.

Fuine Gréine (ar athláimh)

Pádhraic Óg Ó Conaire. Sáirséal agus Dill. An Chéad Chló, 1967. Clúdach crua le forchlúdach plaisteach. Riocht an-mhaith. Leabhar crua féin an-ghlan, bloc téacs an-ghlan. Spotaí ar an taobh.

The Crown of Ireland (ar athláimh)

Breandán Ó Buachalla. Arlen House, 2006. Clúdach bog, riocht an-mhaith.

Penrose Glass (ar athláimh)

National Museum of Ireland, 1989. Mairead Dunlevy. Sínithe ag an údar. Clúdach bog, riocht maith. Clúdach lúbtha. Bloc téacs an-ghlan.

Ó Thuaidh! (ar athláimh)

Pádraig Ua Maoileoin. Sáirséal Ó Marcaigh, 1983. Clúdach crua le forchlúdach, riocht maith. Forchlúdach fíorbheagáinín caite agus roinnt smál air.

Seanchas an Táilliúra (ar athláimh)

Curtha in eagar ag Aindrias Ó Muimhneacháin. Cló Mercier, 1978. Clúdach crua le forchlúdach, riocht maith go leor. Forchlúdach caite, beagáinín stróicthe in áiteanna agus smáil air. Leabhar crua féin i riocht an-mhaith. Na leathanaigh dorcha ach an-ghlan.

Oireachtas na Gaeilge 1897-1997 (ar athláimh)

Proinsias Mac Aonghusa. Conradh na Gaeilge, 1997. Clúdach bog, riocht an-mhaith. Smál beag ar an chlúdach.

Illustrated Art Handbooks – Classic Architecture (ar athláimh)

Rger Smith & John Slater. Sampson Low, Marston, Searle & Rivington, 1882. Clúdach crua, riocht caite. Dath an chlúdaigh ídithe, smál air, cúinní caite agus brúite. Droim leochaileach taobh istigh, fuáil le feiceáil. Cuid mhaith de na leathanaigh scaoilte. Meirg ar an bhfuáil.

The Irish Leprechaun Book

Commission on Higher Education 1960-67 II Report Volume I (ar athláimh)

Chapters 1-19. The Stationery Office, 1967. Clúdach bog, riocht cuibheasach. Scríbhneoireacht ar an chlúdach. Smáil agus dorchú air chomh maith. Bloc téacs an-ghlan. Spotaí ar an taobh.

The Stalker Affair and the Press (ar athláimh)

David Murphy, Unwin Hyman 1991. Clúdach bog, riocht maith.

Leabhair Scoile

Bunscoil

Meánscoil