Skip to content
Glaoigh orainn/Call us: +353 (0) 1 478 3814

I mBéal an Phobail

Prionta A4 – Aibítir | Cló Gaelach (Nine Arrow)

Prionta A4: an aibítir sa chló Gaelach, deartha ag Nine Arrow. Níl fráma leis.

Prionta A4 – Sliogáin Mhara na hÉireann (Nine Arrow)

Prionta A4 le Nine Arrow de shliogáin mhara choitianta na hÉireann.

Prionta A4 – Samhlaíocht | Carn leabhar (Nine Arrow)

Prionta A4 le NineArrow. Níl fráma leis. Tá cairtchlár tiubh taobh thiar de.

That Place we Call Home

Leabhar Béarla le John Creedon mar gheall ar logainmneacha na hÉireann.

Míreanna Mearaí Adhmaid – Amuigh Faoin Spéir

Seit blocanna beaga adhmaid ar féidir iad a chur le chéile nó a bhaint dá chéile.

Míreanna Mearaí Adhmaid – Dathanna (Bogha Báistí/Tuar Ceatha)

Míreanna Mearaí Adhmaid: Dathanna (Bogha Báistí/Tuar Ceatha). Na dathanna atá san áireamh sa seit seo: dubh, bán, bándearg, donn, liath, corcra, gorm, glas, buí, oráiste agus dearg.

**Réamhordú – Bealtaine 2024** Bran – Bréagán agus Leabhar i mBosca

Bréagán beag bog agus leabhar le chéile. Toisí an bhréagáin: 6x4x3 orlach. #SpraoiLeBran

Míreanna Mearaí Cairtchláir A3 – Na Lochlainnaigh

Mireanna mearaí cairtchláír A3 a leiríonn cúrsaí taistil na lochlainnaigh

Míreanna Mearaí Adhmaid – Sa Bhaile

Seit blocanna adhmaid a thagann le chéile chun suíomh baile a chruthú, agus stór focal Gaeilge ar na blocanna. Déanta ag Alphabet Jigsaws.

An File Mícheál Ó Gaoithín – The Blasket Painter – Selected and Introduced by Maria Simonds-Gooding

Leabhar faoi sceitseanna agus obair phéinteála a rinne Mícheál ‘An File’ Ó Gaoithín.

Thirty-Two Words for Field – Lost words of the Irish landscape

Saothar le Manchán Magan (i mBéarla) faoi théarmaí Gaeilge.

Listen to the Land Speak – A journey into the Wisdom of what lies Beneath Us

Leabhar le húdar ‘Thirty-Two Words for Field’ agus ‘Tree Dogs, Banshee Fingers and other words for Nature’.

Míreanna Mearaí Adhmaid – Cruimhíní

Míreanna mearaí adhmaid, cruimheanna beaga bídeacha! Aois 3+ Ó bholb go féileacán, bóín Dé agus beach – seo cuid de na cruimhíní a fheictear sa ghairdín.

Míreanna Mearaí Adhmaid – Contaetha na hÉireann (Éire) Ildaite

Míreanna mearaí déanta as adhmaid. Contaetha na tíre ar bhlocanna beaga adhmaid, ar féidir iad a bhaint dá chéile nó a chur ar ais san áit cheart. Oiriúnach do pháistí in aois 5+.

Míreanna Mearaí Adhmaid – An Siopa – Uimhreacha

Míreanna mearaí adhmaid – sa siopa! Aois 3+

Prionta A4 – Bród (NineArrow)

Prionta A4 le NineArrow.

Míreanna Mearaí Adhmaid – Ainmhithe Feirme

Is breá le feirmeoirí óga na Míreanna mearaí adhmaid. Is féidir feirm bheag a dheanamh leis an seacht n-ainmhí nó iad a chur le chéile mar aonad iomlán. Is bréagán iontach, láidir iad seo do lámha beaga agus do dhaoine ag foghlaim an teanga. Tá cuma alainn air leis!

The Greatest of These (ar athláimh)

Francis McManus. Mercier Press. Clúdach bog, riocht maith. Cúpla smál ar an chlúdach. Fíorbheagáinín caite ar bhun agus barr an droma. Spotaí ar an taobh, na leathanaigh féin an-ghlan.

Ag Scaoileadh Sceoil (ar athláimh)

Seosamh Ó Duibhginn. An Clóchomhar Tta., 1962. Clúdach crua, riocht maith. Forchlúdach leis, caite ar an imeall agus smál air. Clúdach crua féin i riocht an-mhaith. Píosa scríbhneoireachta taobh istigh.

Dúthaighe Dáil gCáis (ar athláimh)

In Dalcassian Territory. Cameos of Historic Clare. Clare Champion. Clúdach leath-chrua le forchlúdach páipéir lámhdhéanta. Litir ann le dáta 1941. Forchlúdach agus na leathanaigh caite go maith, dorchú, smál agus roic orthu. Cúinní stróicthe /lúbtha. Na leathanaigh inléite ach ruachan orthu.

Éire 1944-45 (ar athláimh)

Bliainiris Ghaedheal. Rogha Saothair Ghaedheal mBeo. Comhdháil Náisiúnta na Ghaedhilge. Curtha in eagar ag Donnchadh Ó Súilleabháin. Cló-chuallucht Cois-Páirce Tta. Clúdach leath-chrua, riocht cuibheasach. Droim caite agus stróicthe, smáil agus deannach ar an chlúdach. Leochaileach taobh istigh, ag éalú. Bloc téacs glan.

Trí Rainn agus Amhrán (ar athláimh)

Cathair Ó Dochartaigh, Colm Ó Baoill. Lagan Press, 1996. Clúdach bog, riocht an-mhaith.

Ciste fé Thalamh (ar athláimh)

Clúdach bog. Oliver Ellis. Riocht an-mhaith, meirg ar na stáplaí.

Ó Fhás Go hAois (ar athláimh)

Críostóir Ó Floinn. Sáirséal agus Dill, an chéad chló 1969. Clúdach crua le forchlúdach plaisteach, riocht an-mhaith. Smál ar an bhforchlúdach. Na leathanaigh dorcha ach an-ghlan.

An Próca Óir – Dráma beag i gcóir na Leanbh (ar athláimh)

Leabhrán beag 11cm in airde. Searlot Ní Dhúnlaing do scríobh. Brún agus Ó Nualláin. Meirg ar na stáplaí. Gan dáta. Na leathanaigh an-glan.

Dánta céadbhliana Meán-Teastais (ar athláimh)

Leabhar bog, i riocht an-mhaith. Meirg an-bheag ar na stáplaí. Clúdach páipéir timpeall air.

Féile Zozimus – Volume 1 (ar athláimh)

18th/19th Century Dublin. Gael-Linn 1992. Riocht an-mhaith. Dath an droma ídithe.

Aisteoirí Faoi Dhá Sholas (ar athláimh)

Mícheál Mac Liammóir. Sáirséal agus Dill, 1956. Clúdach crua, gan forchlúdach. Riocht an-mhaith. Cúinní an droim lúbtha, cúpla marc beag ar an chlúdach. Ainm an iar-úinéir scríofa taobh istigh.

Maidhc sa Danmhairg [leath-chrua] (ar athláimh)

P. D. Linín. Sáirséal agus Dill, an chéad chló 1968. Clúdach leath-chrua, riocht maith. Smál ar an chlúdach. Dorchú ar an droim agus na leathanaigh. Bloc téacs an-ghlan. Greamán ar an chlúdach.

The Irish Republic (ar athláimh)

A Documented Chronicle of the Anglo-Irish Conflict and the Partitioning of Ireland, with a Detailed Account of the Period 1916-1923. Dorothy McArdle. Réamhrá le Éamon De Valera. Irish Press Ltd., 1951. Clúdach crua, riocht cuibheasach caite. Téip ar an droim. Roinnt mhaith smál air. Clúdach ag éalú ón droim ar chúl, gan téip. Dorchú ar…

Stríocaí ar Thóin Séabra (ar athláimh)

Ré Ó Laighléis. Coiscéim, 1998. Clúdach bog, riocht an-mhaith. 203 lch

De Valera: Long Fellow, Long Shadow (ar athláimh)

Clúdach crua, forchlúdach leis. Smál beag ar an bhforchlúdach. Riocht an-mhaith. Tim Pat Coogan.

The Story of Early Gaelic Literature (ar athláimh)

Douglas Hyde. Clúdach crua. Stampa iar-leabharlainne. Damáiste don chlúdach agus codanna de stróicthe. 6ú cló.

Senior English (ar athláimh)

DJ Murphy. Mercier Educational, 1974. Clúdach bog, riocht maith. Dath an droma ídithe, dath an chlúdaigh ídithe beagáinín chomh maith. Cúpla marc an-bheag air. Bloc téacs an-ghlan.

Turas Éireann (ar athláimh)

Lorcán Ó Treasaigh. An Clóchomhar Tta., 1997. Clúdach bog, riocht an-mhaith. Sínithe ag an údar. Roc agus marc ar an chlúdach.

An Stáca ar an gCarraigín (ar athláimh)

Conchubhar Ó Ruairc. Cló Uí Mheára, an chéad chló, 1962. Clúdach crua gan fhorchlúdach, riocht maith go leor. Smál ar an chlúdach, agus an dath ídithe in áiteanna. Ruachan ar na leathanaigh cheangail agus an taobh. Bloc téacs an-ghlan.

Laochra Luimnigh (ar athláimh)

Uí Dhálaigh Luimnigh agus Éirí Amach na Cásca 1916. Nóra de hÓir. Cló Saoirse, 2001. Leabhrán bog, riocht maith. Smál ar an chlúdach. Sínithe ag an údar.

Leabhair Scoile

Bunscoil

Meánscoil