Skip to content
Glaoigh orainn/Call us: +353 (0) 1 478 3814

I mBéal an Phobail

Míreanna Mearaí Adhmaid – Ainmhithe Feirme

Is breá le feirmeoirí óga na Míreanna mearaí adhmaid. Is féidir feirm bheag a dheanamh leis an seacht n-ainmhí nó iad a chur le chéile mar aonad iomlán. Is bréagán iontach, láidir iad seo do lámha beaga agus do dhaoine ag foghlaim an teanga. Tá cuma alainn air leis!

An File Mícheál Ó Gaoithín – The Blasket Painter – Selected and Introduced by Maria Simonds-Gooding

Leabhar faoi sceitseanna agus obair phéinteála a rinne Mícheál ‘An File’ Ó Gaoithín.

Prionta A4 – Aibítir | Cló Gaelach (Nine Arrow)

Prionta A4: an aibítir sa chló Gaelach, deartha ag Nine Arrow. Níl fráma leis.

Míreanna Mearaí Cairtchláir A3 – Na Lochlainnaigh

Mireanna mearaí cairtchláír A3 a leiríonn cúrsaí taistil na lochlainnaigh

Prionta A4 – Samhlaíocht | Carn leabhar (Nine Arrow)

Prionta A4 le NineArrow. Níl fráma leis. Tá cairtchlár tiubh taobh thiar de.

Míreanna Mearaí Adhmaid – Contaetha na hÉireann (Éire) Ildaite

Míreanna mearaí déanta as adhmaid. Contaetha na tíre ar bhlocanna beaga adhmaid, ar féidir iad a bhaint dá chéile nó a chur ar ais san áit cheart. Oiriúnach do pháistí in aois 5+.

Listen to the Land Speak – A journey into the Wisdom of what lies Beneath Us

Leabhar le húdar ‘Thirty-Two Words for Field’ agus ‘Tree Dogs, Banshee Fingers and other words for Nature’.

Míreanna Mearaí Adhmaid – Dathanna (Bogha Báistí/Tuar Ceatha)

Míreanna Mearaí Adhmaid: Dathanna (Bogha Báistí/Tuar Ceatha). Na dathanna atá san áireamh sa seit seo: dubh, bán, bándearg, donn, liath, corcra, gorm, glas, buí, oráiste agus dearg.

Prionta A4 – Sliogáin Mhara na hÉireann (Nine Arrow)

Prionta A4 le Nine Arrow de shliogáin mhara choitianta na hÉireann.

Thirty-Two Words for Field – Lost words of the Irish landscape

Saothar le Manchán Magan (i mBéarla) faoi théarmaí Gaeilge.

Míreanna Mearaí Adhmaid – Cruimhíní

Míreanna mearaí adhmaid, cruimheanna beaga bídeacha! Aois 3+ Ó bholb go féileacán, bóín Dé agus beach – seo cuid de na cruimhíní a fheictear sa ghairdín.

Míreanna Mearaí Adhmaid – An Siopa – Uimhreacha

Míreanna mearaí adhmaid – sa siopa! Aois 3+

That Place we Call Home

Leabhar Béarla le John Creedon mar gheall ar logainmneacha na hÉireann.

Prionta A4 – Bród (NineArrow)

Prionta A4 le NineArrow.

Míreanna Mearaí Adhmaid – Sa Bhaile

Seit blocanna adhmaid a thagann le chéile chun suíomh baile a chruthú, agus stór focal Gaeilge ar na blocanna. Déanta ag Alphabet Jigsaws.

Míreanna Mearaí Adhmaid – Amuigh Faoin Spéir

Seit blocanna beaga adhmaid ar féidir iad a chur le chéile nó a bhaint dá chéile.

**Réamhordú – Bealtaine 2024** Bran – Bréagán agus Leabhar i mBosca

Bréagán beag bog agus leabhar le chéile. Toisí an bhréagáin: 6x4x3 orlach. #SpraoiLeBran

Leon an Iarthair – Aistí ar Sheán Mac Héil (ar athláimh)

Curtha in eagar ag Áine Ní Cheannain. An Cló Chomhar Tta., 1983. Clúdach bog, riocht maith. Dath an droma ídithe agus smál ar an chlúdach. Ainm an iar-úinéara taobh istigh.

Balbh go Mailíseach (ar athláimh)

Alec Bán Mac Conaill. Coiscéim, 1991. Clúdach bog, riocht maith. Dath an droma ídithe, smál ar chúl.

Mar Mhaireas É – Cuid a dó (ar athláimh)

Peadar Ó hAnnracháin, Ó Gormáin Teo., Gaillimh. An chéad chló, 1955. Clúdach crua, 304 lth. Riocht maith go leor. Neart smáil air, smál uisce ar chúl. Dath ídithe ón droim. Spotaí ar an taobh. Smál ar na leathanaigh cheangail chomh maith, ach an bloc téacs i riocht maith.

This House Was Mine (ar athláimh)

Francis MacManus. The Mercier Press, 1963. Clúdach bog, riocht maith go leor. Clúdach lúbtha, smáil air agus ar na leathanaigh cheangail Bloc téacs an-ghlan.

Dormitio Virginis (ar athláimh)

Paolo Marletta a scríobh. Arna aistriú ag Máire Nic Mhaoláin. Coiscéim, 1985. Clúdach bog, riocht an-mhaith

An Apology for Roses (ar athláimh)

John Broderick. Pan Books Ltd., 1974. Riocht maith. Droim rocach agus dorchú ar an imeall.

In Time of War (ar athláimh)

Ireland, Ulster and the price of neutrality 1939-45. Robert Fisk. André Deutsch Limited, 1983. Clúdach crua le fórclúdach. Dath an fhorchlúdaigh ídíthe. 565 lch.

Eachtraidheacht (ar athláimh)

Riocht an-mhaith. Ainm an iar-úinéara istigh ar an leathanach ceangail. Nótaí breactha le peann luaidhe ar chuid de na leathanaigh.

Pluais na nIongantas (ar athláimh)

Clúdach bog. Carraig na Téide. Seán Ó Murchadha, scéal do bhuachaillí, 1953. Riocht an-mhaith, meirg bheag ar na stáplaí.

Téid Focal le Gaoith (ar athláimh)

Proinsias Mac an Bheatha. Foilseacháin Náisúnta Teoranta. An Chéad Chló, Eagrán an Chlub Leabhar 1967. Riocht maith. Clúdach crua le forchlúdach. Forchlúdach caite agus an dath ídithe, smál air. Leabhar crua féin i riocht maith, dath an chlúdaigh ídithe. Bloc téacs an-ghlan.

Simple Script Writing – outline of scheme for teaching with graded copies, examples of children’s work and suggestions for simple decoration (ar athláimh)

London: Evans Brothers Limited: Montague House : Russell Square : W.C.1. Clúdach bog. Smál ar an gclúdach. Meirg ar na stáplaí. Cúpla nóta istigh ann.

Ó Fhás Go hAois (ar athláimh)

Críostóir Ó Floinn. Sáirséal agus Dill, an chéad chló 1969. Clúdach crua le forchlúdach plaisteach, riocht an-mhaith. Smál ar an bhforchlúdach. Na leathanaigh dorcha ach an-ghlan.

Dublin Historical Record Vol.XXIII (ar athláimh)

No.2. June 1968. Published Quarterly by the Old Dublin Society. Leabhrán bog, riocht maith. Dath an droma ídithe agus roinnt smáil ar an chlúdach. Bloc téacs an-ghlan.

Dialann Oilithrigh (ar athláimh)

Donchadh Ó Céileachair. Sáirséal agus Dill, 1963. Clúdach leathchrua, riocht maith. Dath an chlúdaigh ídithe in áiteanna agus roinnt marcanna air. Na leathanaigh dorcha ach an-ghlan.

Tart na Córa (ar athláimh)

Séamas Ó Conghaile – a shaol agus a shaothar. Proinsias Mac an Bheatha. Foillseacháin Náisiúnta Teo. An Chéad Cló. Clúdach bog, riocht maith. Clúdach beagáinín caite, smál beag air. Dorchú ar na leathanaigh. Spotaí ar an taobh.

Conradh na Gaeilge i Londain 1894-1917 (ar athláimh)

Donncha Ó Súilleabháin. Conradh na Gaeilge, 1989. Clúdach bog, riocht maith. Beagáinín caite ar an imeall.

Blátha na bhFilí – Cuid a hAon (ar athláimh)

Cigire Scol do Chuir le Chéile. Brún agus Ó Nualláin, Teor. Clúdach bog, riocht maith. Dath an chlúdaigh ídithe agus smál air. Meirg ar na stáplaí. Dorchú ar na leathanaigh ach iad an-ghlan.

W. E. H. Lecky – Historian and Politician 1838-1903 (ar athláimh)

Donal McCartney. The Lilliput Press, 1994. Clúdach crua le forchlúdach, riocht maith. Smál ar an bhforchlúdach. Na leathanaigh an-ghlan.

Fournier’s English-Irish Dictionary (ar athláimh)

An English-Irish Dictionary and Phrasebook with synonyms, idioms, and the genders and declensions of nouns. M. H. Gill & Son. 1907. Clúdach crua. Cuid den leathanach ceangail tosaigh gearrtha amach. Smál beag ar an gclúdach. Riocht maith.

The 1916 Poets (ar athláimh)

An Chomhairle Ealaíon series of Irish Authors Number Five. Curtha in eagar ag Desmond Ryan. Greenwood Press, 1979. Clúdach crua, gan forchlúdach, riocht maith. Smál ar chúl, spotaí ar an taobh.

Leabhair Scoile

Bunscoil

Meánscoil