Skip to content
Glaoigh orainn/Call us: +353 (0) 1 478 3814

I mBéal an Phobail

Míreanna Mearaí Cairtchláir A3 – Na Lochlainnaigh

Mireanna mearaí cairtchláír A3 a leiríonn cúrsaí taistil na lochlainnaigh

Prionta A4 – Bród (NineArrow)

Prionta A4 le NineArrow.

Thirty-Two Words for Field – Lost words of the Irish landscape

Saothar le Manchán Magan (i mBéarla) faoi théarmaí Gaeilge.

That Place we Call Home

Leabhar Béarla le John Creedon mar gheall ar logainmneacha na hÉireann.

Míreanna Mearaí Adhmaid – Sa Bhaile

Seit blocanna adhmaid a thagann le chéile chun suíomh baile a chruthú, agus stór focal Gaeilge ar na blocanna. Déanta ag Alphabet Jigsaws.

Míreanna Mearaí Adhmaid – Ainmhithe Feirme

Is breá le feirmeoirí óga na Míreanna mearaí adhmaid. Is féidir feirm bheag a dheanamh leis an seacht n-ainmhí nó iad a chur le chéile mar aonad iomlán. Is bréagán iontach, láidir iad seo do lámha beaga agus do dhaoine ag foghlaim an teanga. Tá cuma alainn air leis!

An File Mícheál Ó Gaoithín – The Blasket Painter – Selected and Introduced by Maria Simonds-Gooding

Leabhar faoi sceitseanna agus obair phéinteála a rinne Mícheál ‘An File’ Ó Gaoithín.

Míreanna Mearaí Adhmaid – Contaetha na hÉireann (Éire) Ildaite

Míreanna mearaí déanta as adhmaid. Contaetha na tíre ar bhlocanna beaga adhmaid, ar féidir iad a bhaint dá chéile nó a chur ar ais san áit cheart. Oiriúnach do pháistí in aois 5+.

Míreanna Mearaí Adhmaid – Cruimhíní

Míreanna mearaí adhmaid, cruimheanna beaga bídeacha! Aois 3+ Ó bholb go féileacán, bóín Dé agus beach – seo cuid de na cruimhíní a fheictear sa ghairdín.

Listen to the Land Speak – A journey into the Wisdom of what lies Beneath Us

Leabhar le húdar ‘Thirty-Two Words for Field’ agus ‘Tree Dogs, Banshee Fingers and other words for Nature’.

Míreanna Mearaí Adhmaid – An Siopa – Uimhreacha

Míreanna mearaí adhmaid – sa siopa! Aois 3+

Prionta A4 – Samhlaíocht | Carn leabhar (Nine Arrow)

Prionta A4 le NineArrow. Níl fráma leis. Tá cairtchlár tiubh taobh thiar de.

Míreanna Mearaí Adhmaid – Dathanna (Bogha Báistí/Tuar Ceatha)

Míreanna Mearaí Adhmaid: Dathanna (Bogha Báistí/Tuar Ceatha). Na dathanna atá san áireamh sa seit seo: dubh, bán, bándearg, donn, liath, corcra, gorm, glas, buí, oráiste agus dearg.

Prionta A4 – Sliogáin Mhara na hÉireann (Nine Arrow)

Prionta A4 le Nine Arrow de shliogáin mhara choitianta na hÉireann.

Míreanna Mearaí Adhmaid – Amuigh Faoin Spéir

Seit blocanna beaga adhmaid ar féidir iad a chur le chéile nó a bhaint dá chéile.

**Réamhordú – Bealtaine 2024** Bran – Bréagán agus Leabhar i mBosca

Bréagán beag bog agus leabhar le chéile. Toisí an bhréagáin: 6x4x3 orlach. #SpraoiLeBran

Prionta A4 – Aibítir | Cló Gaelach (Nine Arrow)

Prionta A4: an aibítir sa chló Gaelach, deartha ag Nine Arrow. Níl fráma leis.

Gleann ar Ghleann (ar athláimh)

Michael Davitt. Sáirséal Ó Marcaigh, 1981. Clúdach crua gan fhorchlúdach, riocht maith. Cúpla marc an-bheag ar an chlúdach. Na leathanaigh dorcha ach an-ghlan.

Scríobh 5 (ar athláimh)

Curtha in eagar ag Seán Ó Mórdha. An Clóchomhar Tta, 1981. Clúdach bog, riocht maith. Smál ar an chlúdach agus dath ídithe ar an imeall. Ainm an iar-úinéir scríofa taobh istigh.

Translittérature – Eté 2013 (ar athláimh)

Samhradh 2013, Uimh. 45. Leabhrán bog, riocht an-mhaith.

Simple Lessons in Irish Cuid a hAon (ar athláimh)

Eugene O’Growney. Cuid 1, Gaelic League Series, 1929. Simple Lessons in Irish Giving the Pronunciation of Each Word. Leabhrán bog i riocht cuibheasach. Smál ar an gclúdach. Meirg ar na stáplaí. Na leathanaigh an-ghlan.

An tIolar Dubh [An chéad chló, 1956] (ar athláimh)

An chéad chló. Clúdach bog. Smál air, agus an droim stróicthe ar barr. 186 leathanach. Nuair a d’imigh Sáirséal go dtí an Fhrainc i ndiaidh Chonradh Luimní, fágadh buíonta beaga anseo agus ansiúd ar fud na tíre a thóg de chúram orthu féin misneach na ndaoine a choinneáil beo. Buíon díobh seo a bhí mar…

Dewch i ddysgu Cymraeg – Come and learn Welsh [1973] (ar athláimh)

Clúdach crua, cúpla leathanach ag an bhfíorthús ag éalú ón bhfúáil. Paratowyd gan Yr Uned Iaith Genedlaethol Morgannwg. Athchló 1974.

Greann is Gáire (ar athláimh)

Risteárd Ó Luineacháin. Brún agus Ó Nóláin, Teor. Clúdach bog, riocht maith go leor. Dorchú agus smál ar an chlúdach, meirg ar na stáplaí. Bloc téacs an-ghlan.

What Will I Be? (ar athláimh)

Jane Claire agus Madeleine Keane. Marino Books, 1995. Clúdach bog, riocht maith. Smál agus roinnt deannaigh ar an chlúdach. Na leathanaigh an-ghlan.

Milis an Teanga (ar athláimh)

Pádraig Ó Fiannachta, Mercier. 1974. Clúdach bog le smáil. Riocht maith. Bloc téacs glan. Greamán ar cúl.

Industrial Resources of Ireland (Development of Industrial Society Series) [1971] (ar athláimh)

Clúdach crua, forchlúdach leath-trédhearcach leis. Smál beag air sin agus stróiceanna beaga ar an imeall. Spotaí ar imeall an bhloc téacs. Irish University Press, 1971.

Foras Feasa ar Theagasc na hEaglaise (ar athláimh)

An tAthair Pádraig Mac Giolla Cheara. Oifig Díolta Foillseacháin Rialtais. Clúdach crua. Cuid den bhfúáil briste. Riocht maith.

An Braon Broghach (ar athláimh)

Máirtín Ó Cadhain. Oifig an tSoláthair, 1957. Clúdach crua gan fhorchlúdach, riocht maith. Cúpla smál beag ar an chlúdach, píosa scríbhneoireachta i bpeann luaidhe taobh istigh. Stampa iar-leabharlainne taobh istigh.

Dánta Grádha (ar athláimh)

An Anthology of Irish Live Poetry (A.D. 1350-1750). Tomás Ó Rathile. Cork University Press, 1926. An Dara Eagrán. Clúdach bog, riocht cuibheasach maith. Ainm an iar-úinéara scríofa ar an chlúdach agus taobh istigh. Píosa scríbhneoireachta ar roinnt leathanaigh i bpeann agus peann luaidhe. Imeall an chlúdaigh caite agus dorcha. Smál air chomh maith.

The Irish Language in Primary Education (ar athláimh)

Summary of INTO survey of teachers’ attitudes to the position of Irish in primary education. Published by the Irish National Teachers’ Organisation, 1985. Leabhrán bog, riocht iontach.

An Galar Dubhach (ar athláimh)

Máire Mhac an tSaoi. Sáirséal agus Dill, an chéad chló 1980. Clúdach crua gan fhorchlúdach, riocht an-mhaith. Dath an chlúdaigh ídithe in áiteanna, roinnt smál beaga air. Beagáinín deannaigh ar an bhforchlúdach.

An Coinbhinsiún Eorpach um Chearta na Duine (ar athláimh)

Forchlúdach páipéir timpeall air. Na stáplaí i riocht maith.

An Díthreabhach agus scéalta eile as ‘Comhar’ (ar athláimh)

Eoghan Ó Anluain a roghnaigh. Mercier Press. 1977. Ainm an iar-úinéara taobh istigh den chlúdach. Riocht maith.

Irish Freedom – The History of Nationalism in Ireland (ar athláimh)

Richard English. MacMillan, 2006. Clúdach crua le forchlúdach, riocht an-mhaith. Na leathanaigh beagáinín dorcha ach an-ghlan.

Farraigí Corracha (ar athláimh)

Clúdach crua, forchlúdach leis agus leath-fhorchlúdach breise sa mhullach air sin. Smál ar na forchlúdaigh. An leabhar féin agus an clúdach crua i riocht an-mhaith. FNT, 1971. Liam Mac Reachtain. Karl Uhlemann a rinne na léaráidí.

Dánta 1966-1998 Michael Davitt (ar athláimh)

Michael Davitt. Coiscéim, 2004. Clúdach bog, riocht an-mhaith, nach mór nua.

Leabhair Scoile

Bunscoil

Meánscoil