Skip to content
Glaoigh orainn/Call us: +353 (0) 1 478 3814

I mBéal an Phobail

That Place we Call Home

Leabhar Béarla le John Creedon mar gheall ar logainmneacha na hÉireann.

Prionta A4 – Sliogáin Mhara na hÉireann (Nine Arrow)

Prionta A4 le Nine Arrow de shliogáin mhara choitianta na hÉireann.

An File Mícheál Ó Gaoithín – The Blasket Painter – Selected and Introduced by Maria Simonds-Gooding

Leabhar faoi sceitseanna agus obair phéinteála a rinne Mícheál ‘An File’ Ó Gaoithín.

Míreanna Mearaí Adhmaid – Sa Bhaile

Seit blocanna adhmaid a thagann le chéile chun suíomh baile a chruthú, agus stór focal Gaeilge ar na blocanna. Déanta ag Alphabet Jigsaws.

Míreanna Mearaí Adhmaid – Ainmhithe Feirme

Is breá le feirmeoirí óga na Míreanna mearaí adhmaid. Is féidir feirm bheag a dheanamh leis an seacht n-ainmhí nó iad a chur le chéile mar aonad iomlán. Is bréagán iontach, láidir iad seo do lámha beaga agus do dhaoine ag foghlaim an teanga. Tá cuma alainn air leis!

Míreanna Mearaí Adhmaid – An Siopa – Uimhreacha

Míreanna mearaí adhmaid – sa siopa! Aois 3+

Míreanna Mearaí Adhmaid – Contaetha na hÉireann (Éire) Ildaite

Míreanna mearaí déanta as adhmaid. Contaetha na tíre ar bhlocanna beaga adhmaid, ar féidir iad a bhaint dá chéile nó a chur ar ais san áit cheart. Oiriúnach do pháistí in aois 5+.

Listen to the Land Speak – A journey into the Wisdom of what lies Beneath Us

Leabhar le húdar ‘Thirty-Two Words for Field’ agus ‘Tree Dogs, Banshee Fingers and other words for Nature’.

Thirty-Two Words for Field – Lost words of the Irish landscape

Saothar le Manchán Magan (i mBéarla) faoi théarmaí Gaeilge.

**Réamhordú – Bealtaine 2024** Bran – Bréagán agus Leabhar i mBosca

Bréagán beag bog agus leabhar le chéile. Toisí an bhréagáin: 6x4x3 orlach. #SpraoiLeBran

Míreanna Mearaí Adhmaid – Dathanna (Bogha Báistí/Tuar Ceatha)

Míreanna Mearaí Adhmaid: Dathanna (Bogha Báistí/Tuar Ceatha). Na dathanna atá san áireamh sa seit seo: dubh, bán, bándearg, donn, liath, corcra, gorm, glas, buí, oráiste agus dearg.

Prionta A4 – Bród (NineArrow)

Prionta A4 le NineArrow.

Míreanna Mearaí Cairtchláir A3 – Na Lochlainnaigh

Mireanna mearaí cairtchláír A3 a leiríonn cúrsaí taistil na lochlainnaigh

Míreanna Mearaí Adhmaid – Amuigh Faoin Spéir

Seit blocanna beaga adhmaid ar féidir iad a chur le chéile nó a bhaint dá chéile.

Prionta A4 – Samhlaíocht | Carn leabhar (Nine Arrow)

Prionta A4 le NineArrow. Níl fráma leis. Tá cairtchlár tiubh taobh thiar de.

Míreanna Mearaí Adhmaid – Cruimhíní

Míreanna mearaí adhmaid, cruimheanna beaga bídeacha! Aois 3+ Ó bholb go féileacán, bóín Dé agus beach – seo cuid de na cruimhíní a fheictear sa ghairdín.

Prionta A4 – Aibítir | Cló Gaelach (Nine Arrow)

Prionta A4: an aibítir sa chló Gaelach, deartha ag Nine Arrow. Níl fráma leis.

Focloir Póca (ar athláimh)

Béarla-Gaeilge/Gaeilge-Béarla. An Gúm, An Chéad Chló 1986. Clúdach crua, i riocht cuibheasach maith. Nóta breactha ar leathanach nó dhó. Smál agus dorchú ar imeall na leathanach.

Welsh Words and Phrases (ar athláimh)

Emeralda Ltd., 1979. Clúdach bog, riocht iontach. Cúpla marc beag air.

Sáirséal agus Dill 1947-1972 (ar athláimh)

i gCuimhne ar Sheán Sáirséal Ó hÉigeartaigh. Clúdach leathchrua, riocht maith. Smál agus dorchú ar an chlúdach. Na leathanaigh an-ghlan.

Éireannaigh san Eolaíocht (ar athláimh)

Séamus Mac Cnáimhín. Clúdach crua, forchlúdach leis agus smál air. Spotaí ar imeall an bhloc téacs. Ainm an iar-úinéara air. Oifig an tSoláthair 1966.

Krauts (ar athláimh)

Máirtín Ó Muilleoir. Coiscéim, An Chéad Chló 1992. Clúdach bog, i riocht maith.

Díoghlaim Diadhachta [1947] (ar athláimh)

Taighde ar théarmaí diadhachta agus cráibhtheachta na Gaedhilge.’ Leabhrán, an tAth. Brian Ó Ceallaigh. Comhlucht Oideachais na hÉireann. Meirg ar na stáplaí. Riocht maith. Ainm an iar-úinéara ar an leathanach teidil.

The Making of Northern Ireland … (ar athláimh)

… and the basis of its’ undoing. Dr. O’Connor Lysaght. Citizens Committee. Leabhrán bog, riocht maith go leor. Smál agus ruachan ar an chlúdach agus dath an chlúdaigh ídithe in áiteanna. Dorchú ar na leathanaigh ach iad an-ghlan.

Béal Feirste Cois Cuain (ar athláimh)

Breandan Ó Buachalla. An Clóchomhar Tta. An Chéad Cló, 1968. Clúdach crua, le forchlúdach. Forchlúdach caite. Dath ídithe, agus cúinne amháin/barr an droim stróicthe. Dorchú agus spotaí ar an taobh. Bloc téacs an-ghlan

On the Blanket – The H-Block Story (ar athláimh)

Tim Pat Coogan. Ward River Press, 1980. Clúdach bog, riocht maith. Smál ar an chlúdach, dorchú ar na leathanaigh.

Seal ag Ródaíocht (ar athláimh)

Proinsias Mac Maghnuis, Sáirséal agus Dill. 1960. Clúdach crua. Riocht an-mhaith. Bloc téacs an-ghlan

Buntús Cainte – First Steps in Spoken Irish – Céim a hAon [céad eagrán] (ar athláimh)

Clúdach bog, riocht an-mhaith, na léaráidí mar ba cheart iad a bheith an chéad lá – soiléir, glan. Clúdaithe le páipéar donn.

Aistí Dána (ar athláimh)

Art Ó Mhaolfabhail. Preas Dhún Dealgan, 1964. Clúdach crua gan fhorchlúdach. Riocht an-mhaith, cuid fíorbheag ruachain ann ar imill na leathanach. Bloc téacs an-ghlan.Síniú an iar-úinéara scríofa laistigh.

Buntús Cainte – First Steps in Spoken Irish – Cuid a Dó [céad eagrán] (ar athláimh)

Clúdach bog, riocht an-mhaith, na léaráidí mar ba cheart iad a bheith an chéad lá – soiléir, glan. Clúdaithe le páipéar donn.

An Ministir Ó Ceallaigh – (A translation of Parson Kelly) (ar athláimh)

An Ministir Ó Ceallaigh, A.E.W. Mason agus Andrew Lang; Niall Ó Domhnaill a rinne an leagan Gaeilge. Clúdach crua. Smál ar an gclúdach agus deacair an teideal a léamh ar an droim. Spotaí i dtosach an leabhair agus ar cúl. Sínithe ag iar-úinéir in 1938 ar an leathanach teidil. Foilsithe in 1937. Cluaisín cait ar…

Foclóir Bitheolaíochta (ar athláimh)

An Roinn Oideachais, An Chéad Chló 1968. Leabhrán bog, riocht cuibheasach maith. Dorchú ar na leathanaigh agus ar an gclúdach. Na leathanaigh an-ghlan.

The Fury of the Northmen (ar athláimh)

Saints, Shrines and Sea-Raiders in the Viking Age. John Marsden. Kyle Cathie Ltd., 1996. Clúdach bog, riocht maith. Dath an droma ídithe, roinnt smál beag ar an chlúdach.

Ór Spáinneach (ar athláimh)

Spanish Gold. Clúdach crua gan fhorclúdach. George A. Birmingham. Pádraic Óg Ó Conaire a d’aistrigh. Oifig an tSoláthair 1938.

Casement’s Last Adventure (ar athláimh)

Robert Monteith. Foreword by Franz von Papen. Michael F Moynihan, 1953. Clúdach crua le forchlúdach, riocht maith go leor. Forchlúdach stróicthe in áiteanna agus smál air. Spotaí ar an taobh.. Bloc téacs an-ghlan.

The Northern Conflict & British Power (ar athláimh)

Jack Bennett. The Irish Sovereignty Movement. Pamhplet No.1. Leabhrán bog, riocht an-mhaith. Cúpla marc ar an chlúdach.

Maighistri san Fhilidheacht (ar athláimh)

Láimh-leabhar léirmheasa ar na filí móra ó Chéitinn anuas. T. Ó Raithbheartaigh. Muinntir Chathail Clódóirí, Baile Átha Cliath, 1939. Clúdach crua, i riocht maith. Dath ídithe ar an gclúdach agus dorchú ar na leathanaigh. Ainm an iar-úinéara sínithe ar an leathanach ceangal. Bloc téacs an-ghlan.

Leabhair Scoile

Bunscoil

Meánscoil