Skip to content
Glaoigh orainn/Call us: +353 (0) 1 478 3814

I mBéal an Phobail

Míreanna Mearaí Adhmaid – Ainmhithe Feirme

Is breá le feirmeoirí óga na Míreanna mearaí adhmaid. Is féidir feirm bheag a dheanamh leis an seacht n-ainmhí nó iad a chur le chéile mar aonad iomlán. Is bréagán iontach, láidir iad seo do lámha beaga agus do dhaoine ag foghlaim an teanga. Tá cuma alainn air leis!

Prionta A4 – Aibítir | Cló Gaelach (Nine Arrow)

Prionta A4: an aibítir sa chló Gaelach, deartha ag Nine Arrow. Níl fráma leis.

Thirty-Two Words for Field – Lost words of the Irish landscape

Saothar le Manchán Magan (i mBéarla) faoi théarmaí Gaeilge.

Listen to the Land Speak – A journey into the Wisdom of what lies Beneath Us

Leabhar le húdar ‘Thirty-Two Words for Field’ agus ‘Tree Dogs, Banshee Fingers and other words for Nature’.

Míreanna Mearaí Adhmaid – Contaetha na hÉireann (Éire) Ildaite

Míreanna mearaí déanta as adhmaid. Contaetha na tíre ar bhlocanna beaga adhmaid, ar féidir iad a bhaint dá chéile nó a chur ar ais san áit cheart. Oiriúnach do pháistí in aois 5+.

Míreanna Mearaí Adhmaid – Dathanna (Bogha Báistí/Tuar Ceatha)

Míreanna Mearaí Adhmaid: Dathanna (Bogha Báistí/Tuar Ceatha). Na dathanna atá san áireamh sa seit seo: dubh, bán, bándearg, donn, liath, corcra, gorm, glas, buí, oráiste agus dearg.

That Place we Call Home

Leabhar Béarla le John Creedon mar gheall ar logainmneacha na hÉireann.

**Réamhordú – Bealtaine 2024** Bran – Bréagán agus Leabhar i mBosca

Bréagán beag bog agus leabhar le chéile. Toisí an bhréagáin: 6x4x3 orlach. #SpraoiLeBran

Míreanna Mearaí Adhmaid – Amuigh Faoin Spéir

Seit blocanna beaga adhmaid ar féidir iad a chur le chéile nó a bhaint dá chéile.

Prionta A4 – Sliogáin Mhara na hÉireann (Nine Arrow)

Prionta A4 le Nine Arrow de shliogáin mhara choitianta na hÉireann.

An File Mícheál Ó Gaoithín – The Blasket Painter – Selected and Introduced by Maria Simonds-Gooding

Leabhar faoi sceitseanna agus obair phéinteála a rinne Mícheál ‘An File’ Ó Gaoithín.

Míreanna Mearaí Adhmaid – Sa Bhaile

Seit blocanna adhmaid a thagann le chéile chun suíomh baile a chruthú, agus stór focal Gaeilge ar na blocanna. Déanta ag Alphabet Jigsaws.

Míreanna Mearaí Adhmaid – An Siopa – Uimhreacha

Míreanna mearaí adhmaid – sa siopa! Aois 3+

Míreanna Mearaí Cairtchláir A3 – Na Lochlainnaigh

Mireanna mearaí cairtchláír A3 a leiríonn cúrsaí taistil na lochlainnaigh

Míreanna Mearaí Adhmaid – Cruimhíní

Míreanna mearaí adhmaid, cruimheanna beaga bídeacha! Aois 3+ Ó bholb go féileacán, bóín Dé agus beach – seo cuid de na cruimhíní a fheictear sa ghairdín.

Prionta A4 – Samhlaíocht | Carn leabhar (Nine Arrow)

Prionta A4 le NineArrow. Níl fráma leis. Tá cairtchlár tiubh taobh thiar de.

Prionta A4 – Bród (NineArrow)

Prionta A4 le NineArrow.

Máirtín Ó Cadhain: Kirkegårdsjord (ar athláimh)

Máirtín Ó Cadhain: Cré na Cille. Arna aistriú go hIoruais Bokmal ag Rekdal, J. E. Oslo: Gyldendal Norsk. Husets Forlag, 2000. Clúdach bog, i riocht an-mhaith.

The Book of Dublinman Jokes (ar athláimh)

Y.M. Hughes. The Mercier Press, 1990. Clúdach bog, riocht an-mhaith. Beagáinín deannaigh ar an chlúdach. Dorchú ar na leathanaigh ach iad an-ghlan.

William Molyneux of Dublin (ar athláimh)

A Life of the Seventeenth-Century Political Writer & Scientist. J.G. Simms. Irish Academic Press, 1982. Clúdach bog, smál beag air agus dath ídithe ar an droim. Riocht maith.

Translittérature – Eté 2013 (ar athláimh)

Samhradh 2013, Uimh. 45. Leabhrán bog, riocht an-mhaith.

Synge & Anglo-Irish Literature (ar athláimh)

Daniel Corkery. The Mercier Press, 1966. Clúdach bog, riocht maith go leor. Clúdach lúbtha agus beagáinín caite. Dorchú agus smáil air chomh maith. Na leathanaigh dorcha ach an-ghlan.

Giotaí as Trí Bior-Ghaoithe an Bháis (ar athláimh)

Nótaí agus Foclóir le Conall Cearnach. Comlucht Oideachais na hÉireann. Clúdach crua gan fhorchlúdach, riocht maith go leor. Dath an droma agus clúdaigh ídithe, smáil air agus na cúinní beagáinín caite. Smáil ar na leathanaigh cheangail. Bloc téacs an-ghlan.

Gairdín Pharthais agus dánta eile (ar athláimh)

Áine Ní Ghlinn. Coiscéim, 1988. Clúdach bog, riocht cuibheasach maith. Dath an chlúdaigh ídithe agus smál air, na cúinní lúbtha. Bloc téacs an-ghlan.

Ó Neamh go hÁrainn (ar athláimh)

Le ‘Máire.’ Oifig an tSoláthair, An Chéad Chló, 1953. Clúdach crua gan fhorchlúdach, i riocht maith. An droim caite, stróiceacha ar an droim. Dorchú ar na leathanaigh laistigh, ruachan ar imeall na leathanach. Stampa iar-leabharlainne ar dhá leathanach.

Saighdiúr de Shluagh Uí Néill (ar athláimh)

With the Army of O’Neill. Clúdach crua, gan fhorchlúdach. 1935. Rev. T.A. Finlay. Proinnsias Ó Brógáin a d’aistrigh. Spotaí ar an imeall, bloc téacs glan.

Margadh na Saoire (ar athláimh)

Máire Mhac an tSaoi. Sáirséal agus Dill, an chéad chló 1956. Clúdach crua le forchlúdach plaisteach, riocht an-mhaith, gan an forchlúdach páipéir. Forchlúdach plaisteach beagáinín brúite ar na himill.

Pluais na nIongantas (ar athláimh)

Clúdach bog. Carraig na Téide. Seán Ó Murchadha, scéal do bhuachaillí, 1953. Riocht an-mhaith, meirg bheag ar na stáplaí.

Aoibhinn an Galar (ar athláimh)

Conleth Ellis. Coiscéim, 1986. Clúdach bog, riocht maith. Dath ídithe ar an droim agus smál ar an taobh.

Eachtra Ridire na Leomhan (ar athláimh)

Áine Ní Chróinín a chuir in eagar. Alec Tom & a Chuid, Teo., 1952. Clúdach crua gan fhorchlúdach, riocht cuibheasach. Smáil ar an chlúdach, dath ídithe in áiteanna. Cúpla spota ar an taobh. Na leathanaigh an-ghlan.

Has Ireland a Future? (ar athláimh)

Peadar Kirby. The Mercier Press, 1988. Clúdach bog. Riocht an-mhaith. Dorchú ar an imeall.

Seantéada ar Crith (ar athláimh)

Máirtín Ó Corrbuí. Clúdach crua, gan forchlúdach. Clódhanna Teoranta, 1965. Riocht an-mhaith.

Biggles Flies to Work (ar athláimh)

Capt. W. E. Johns. Dean & Sons, 1963. Clúdach crua, i riocht cuibheasach caite. An clúdach féin lúbtha, agus smál air. Dorchú ar na leathanaigh. Dath an droma ídithe go mór.

Caitheamh Aimsire ar Thórraimh [Cóip B – Marcanna] (ar athláimh)

Seán Ó Súilleabháin. An Clóchomhar tta., 1961. Clúdach crua gan fhorchlúdach, riocht an-mhaith. Cúpla marc ar an chlúdach agus dath beagáinín ídithe.

Beatha Gillasius Ardmachanus (ar athláimh)

Clúdach bog, leabhrán 39 leathanach. Riocht an-mhaith. Dath an chlúdaigh ídithe.

Dánta 1939-1979 (ar athláimh)

Máirtín Ó Direáin. An Clóchomhar Tta., an chéad cló 1980. Clúdach bog, riocht maith. Dath an chlúdaigh ídithe in áiteanna, cúpla smál air. Na leathanaigh an-ghlan.

Go mBeannuightear Dhuit – i. eachtra thar eachtraibh (ar athláimh)

Clúdach crua, ceangail ag streachailt i ndiaidh an leathanach teidil agus an-tirim. Dath dorcha ar chiumhais na leathanach. Nótaí istigh.

Leabhair Scoile

Bunscoil

Meánscoil