Skip to content
Glaoigh orainn/Call us: +353 (0) 1 478 3814

I mBéal an Phobail

Listen to the Land Speak – A journey into the Wisdom of what lies Beneath Us

Leabhar le húdar ‘Thirty-Two Words for Field’ agus ‘Tree Dogs, Banshee Fingers and other words for Nature’.

Míreanna Mearaí Cairtchláir A3 – Na Lochlainnaigh

Mireanna mearaí cairtchláír A3 a leiríonn cúrsaí taistil na lochlainnaigh

Míreanna Mearaí Adhmaid – Dathanna (Bogha Báistí/Tuar Ceatha)

Míreanna Mearaí Adhmaid: Dathanna (Bogha Báistí/Tuar Ceatha). Na dathanna atá san áireamh sa seit seo: dubh, bán, bándearg, donn, liath, corcra, gorm, glas, buí, oráiste agus dearg.

Prionta A4 – Bród (NineArrow)

Prionta A4 le NineArrow.

Míreanna Mearaí Adhmaid – Sa Bhaile

Seit blocanna adhmaid a thagann le chéile chun suíomh baile a chruthú, agus stór focal Gaeilge ar na blocanna. Déanta ag Alphabet Jigsaws.

Míreanna Mearaí Adhmaid – Cruimhíní

Míreanna mearaí adhmaid, cruimheanna beaga bídeacha! Aois 3+ Ó bholb go féileacán, bóín Dé agus beach – seo cuid de na cruimhíní a fheictear sa ghairdín.

Prionta A4 – Sliogáin Mhara na hÉireann (Nine Arrow)

Prionta A4 le Nine Arrow de shliogáin mhara choitianta na hÉireann.

Thirty-Two Words for Field – Lost words of the Irish landscape

Saothar le Manchán Magan (i mBéarla) faoi théarmaí Gaeilge.

**Réamhordú – Bealtaine 2024** Bran – Bréagán agus Leabhar i mBosca

Bréagán beag bog agus leabhar le chéile. Toisí an bhréagáin: 6x4x3 orlach. #SpraoiLeBran

Prionta A4 – Aibítir | Cló Gaelach (Nine Arrow)

Prionta A4: an aibítir sa chló Gaelach, deartha ag Nine Arrow. Níl fráma leis.

An File Mícheál Ó Gaoithín – The Blasket Painter – Selected and Introduced by Maria Simonds-Gooding

Leabhar faoi sceitseanna agus obair phéinteála a rinne Mícheál ‘An File’ Ó Gaoithín.

Míreanna Mearaí Adhmaid – Amuigh Faoin Spéir

Seit blocanna beaga adhmaid ar féidir iad a chur le chéile nó a bhaint dá chéile.

Míreanna Mearaí Adhmaid – Contaetha na hÉireann (Éire) Ildaite

Míreanna mearaí déanta as adhmaid. Contaetha na tíre ar bhlocanna beaga adhmaid, ar féidir iad a bhaint dá chéile nó a chur ar ais san áit cheart. Oiriúnach do pháistí in aois 5+.

Prionta A4 – Samhlaíocht | Carn leabhar (Nine Arrow)

Prionta A4 le NineArrow. Níl fráma leis. Tá cairtchlár tiubh taobh thiar de.

Míreanna Mearaí Adhmaid – Ainmhithe Feirme

Is breá le feirmeoirí óga na Míreanna mearaí adhmaid. Is féidir feirm bheag a dheanamh leis an seacht n-ainmhí nó iad a chur le chéile mar aonad iomlán. Is bréagán iontach, láidir iad seo do lámha beaga agus do dhaoine ag foghlaim an teanga. Tá cuma alainn air leis!

That Place we Call Home

Leabhar Béarla le John Creedon mar gheall ar logainmneacha na hÉireann.

Míreanna Mearaí Adhmaid – An Siopa – Uimhreacha

Míreanna mearaí adhmaid – sa siopa! Aois 3+

Two Godfathers of Revisionism (ar athláimh)

1916 in the Revisionist Canon. Pádraig Ó Snodaigh. Fulcrum Press, 1991. Leabhrán bog, riocht maith. Cúpla smál agus dorchú ar an chlúdach. Dorchú ar na leathanaigh ach iad an-ghlan.

Criostalú – Aistí ar Shaothar Mháirtín Uí Chadhain (ar athláimh)

Curtha in eagar ag Cathal Ó Háinle. Coiscéim, 1998. Clúdach bog, riocht an-mhaith.

Dormitio Virginis (ar athláimh)

Paolo Marletta a scríobh. Arna aistriú ag Máire Nic Mhaoláin. Coiscéim, 1985. Clúdach bog, riocht an-mhaith

Mían a chroídhe / Pádhraig Óg Ó Conaire (ar athláimh)

Smál ar an gclúdach, smál ar roinnt leathanach istigh. Níl aon mharcanna ná notaí ann. Damáiste beag do bileoga ceangal. Sa chló gaelach. 1922, An Gaedheal-Comhlucht Taighde um clódóireacht, foilsitheoireacht agus tráchtáil, Teo. Smál ar imeall na leathanach.

Caesar de Bello Gallico IV (ar athláimh)

An tAth. Pádraic Ó Laoi. Sáirséal agus Dill, 1963. Clúdach crua gan fhorchlúdach. Dath an droma ídithe. Na leathanaigh an-ghlan.

Rogha na gConnachta (ar athláimh)

Cnuasacht Gearr-Sgéal. Oifig Díolta Foillseacháin Rialtais, 1937. Clúdach crua, gan fhorchlúdach. Riocht cuibheasach maith. An clúdach ag éalú ón bhloc téacs, smál ar an chlúdach. Spotaí ar an taobh, nótaí ar an leathanach cheangal agus ar chúpla leathanach. Cúinne gearrtha ón leathanach cheangail.

Le Linn ár nÓige [1938] (ar athláimh)

Ainm an iar-úinéara gearrtha amach. Leabhar crua. Tomás de Bhial a d’aistrigh ón mBéarla. Oifig Díolta Foillseacháin Rialtais. Riocht an-mhaith.

Eireaball Spideoige (ar athláimh)

Seán Ó Ríordáin. Sáirséal agus Dill, 1970. Clúdach crua gan fhorchlúdach, riocht an-mhaith. Cúpla smál beag ar an chlúdach, dath an droma ídithe. Na cúinní fíorbheagáinín caite. Bloc téacs an-ghlan.

Oileán an Uathbháis (ar athláimh)

H.C. McNeile. ‘Sapper’ do sgríobh faoin teideal ‘Island of Terror’. Proinnsias Ó Brógáin do chuir i nGaedhilg. Clúdach crua. Spotaí ruachain go flúirseach ar an imeall agus ar na leathanaigh.

Armed Struggle (ar athláimh)

A History of the IRA. Richard English. Macmillan, 2003. Clúdach crua, le forchlúdach. Riocht an-mhaith.

Sraith na Ríghthe II – Leabhar Chormaic (ar athláimh)

Riocht maith. Smál agus píosa scríbhneoireachta ar an gclúdach, agus dorchú ar bhun. Meirg ar na stáplaí. Ruachan ar cúpla leathanach. Curtha in eagar ag an tSeabhac. Comhlucht Oideachais na hÉireann. 64 lth.

Preab san Aer (ar athláimh)

An Gúm/RTÉ, 1980. Clúdach crua gan fhorchlúdach, riocht maith go leor. Smáil ar an chlúdach, poll sa droim. Bloc téacs an-ghlan.

Window on the World (ar athláimh)

An Essay on Culture. Dr. Eileen Kane. Clódhanna Teoranta, 1976. Leabhrán bog, riocht an-mhaith. Dath ídithe agus smál ar an chlúdach.

Na Buachaillí Dána (ar athláimh)

Cathal Ó Searcaigh, Gabriel Rosenstock agus ról comhaimseartha an fhile sa Ghaeilge. Pádraig de Paor. An Clóchomhar Tta, 2005. Clúdach bog, riocht an-mhaith. Smál beag ar chúl.

The Modern Traveller to theEarly Irish Church. (ar athláimh)

Kathleen Hughes and Ann Hamlin. Four Courts Press, 1977. Clúdach bog, riocht an-mhaith. Smál beag ar bun.

Mahaffy – A Biography of an Anglo-Irishman [crua] (ar athláimh)

Clúdach crua, forchlúdach leis, caite in áiteanna agus píosa beag stróicthe de. Spotaí ar an imeall an bhloc téacs. Clúdach crua agus bloc téacs i riocht an-mhaith.

Laochra Luimnigh (ar athláimh)

Uí Dhálaigh Luimnigh agus Éirí Amach na Cásca 1916. Nóra de hÓir. Cló Saoirse, 2001. Leabhrán bog, riocht maith. Smál ar an chlúdach.

Proceedings of the Royal Irish Academy Vol 64 (ar athláimh)

Volume 64, Section A, No.2. P. J. McLaughlin, Some Irish Contemporaries of Faraday and Henry. Royal Irish Academy, 1964. September, 1964. Leabhrán bog, riocht cuibheasach. Dorchú agus smál ar an chlúdach, agus poill ann. Na leathanaigh an-ghlan.

Feis Cheoil an Iarthair – 1968 (ar athláimh)

32ú Feis. Leabhrán. Clár na Feise. Riocht maith. Meirg ar na stáplaí.

Gaelic Phonetics (ar athláimh)

D.A. Collier. Juverna Press Ltd. Leabhrán bog, riocht maith go leor. Dorchú agus smál ar an chlúdach. Dorchú ar na leathanaigh chomh maith ach iad an-ghlan.

Leabhair Scoile

Bunscoil

Meánscoil