Skip to content
Glaoigh orainn/Call us: +353 (0) 1 478 3814

I mBéal an Phobail

Míreanna Mearaí Adhmaid – Ainmhithe Feirme

Is breá le feirmeoirí óga na Míreanna mearaí adhmaid. Is féidir feirm bheag a dheanamh leis an seacht n-ainmhí nó iad a chur le chéile mar aonad iomlán. Is bréagán iontach, láidir iad seo do lámha beaga agus do dhaoine ag foghlaim an teanga. Tá cuma alainn air leis!

Prionta A4 – Aibítir | Cló Gaelach (Nine Arrow)

Prionta A4: an aibítir sa chló Gaelach, deartha ag Nine Arrow. Níl fráma leis.

**Réamhordú – Bealtaine 2024** Bran – Bréagán agus Leabhar i mBosca

Bréagán beag bog agus leabhar le chéile. Toisí an bhréagáin: 6x4x3 orlach. #SpraoiLeBran

An File Mícheál Ó Gaoithín – The Blasket Painter – Selected and Introduced by Maria Simonds-Gooding

Leabhar faoi sceitseanna agus obair phéinteála a rinne Mícheál ‘An File’ Ó Gaoithín.

Míreanna Mearaí Adhmaid – Dathanna (Bogha Báistí/Tuar Ceatha)

Míreanna Mearaí Adhmaid: Dathanna (Bogha Báistí/Tuar Ceatha). Na dathanna atá san áireamh sa seit seo: dubh, bán, bándearg, donn, liath, corcra, gorm, glas, buí, oráiste agus dearg.

Prionta A4 – Bród (NineArrow)

Prionta A4 le NineArrow.

Míreanna Mearaí Cairtchláir A3 – Na Lochlainnaigh

Mireanna mearaí cairtchláír A3 a leiríonn cúrsaí taistil na lochlainnaigh

Prionta A4 – Samhlaíocht | Carn leabhar (Nine Arrow)

Prionta A4 le NineArrow. Níl fráma leis. Tá cairtchlár tiubh taobh thiar de.

Prionta A4 – Sliogáin Mhara na hÉireann (Nine Arrow)

Prionta A4 le Nine Arrow de shliogáin mhara choitianta na hÉireann.

Míreanna Mearaí Adhmaid – Contaetha na hÉireann (Éire) Ildaite

Míreanna mearaí déanta as adhmaid. Contaetha na tíre ar bhlocanna beaga adhmaid, ar féidir iad a bhaint dá chéile nó a chur ar ais san áit cheart. Oiriúnach do pháistí in aois 5+.

Míreanna Mearaí Adhmaid – An Siopa – Uimhreacha

Míreanna mearaí adhmaid – sa siopa! Aois 3+

Míreanna Mearaí Adhmaid – Cruimhíní

Míreanna mearaí adhmaid, cruimheanna beaga bídeacha! Aois 3+ Ó bholb go féileacán, bóín Dé agus beach – seo cuid de na cruimhíní a fheictear sa ghairdín.

Míreanna Mearaí Adhmaid – Sa Bhaile

Seit blocanna adhmaid a thagann le chéile chun suíomh baile a chruthú, agus stór focal Gaeilge ar na blocanna. Déanta ag Alphabet Jigsaws.

Míreanna Mearaí Adhmaid – Amuigh Faoin Spéir

Seit blocanna beaga adhmaid ar féidir iad a chur le chéile nó a bhaint dá chéile.

Listen to the Land Speak – A journey into the Wisdom of what lies Beneath Us

Leabhar le húdar ‘Thirty-Two Words for Field’ agus ‘Tree Dogs, Banshee Fingers and other words for Nature’.

Thirty-Two Words for Field – Lost words of the Irish landscape

Saothar le Manchán Magan (i mBéarla) faoi théarmaí Gaeilge.

That Place we Call Home

Leabhar Béarla le John Creedon mar gheall ar logainmneacha na hÉireann.

Saothar & Súgradh (ar athláimh)

C. Ó Broin. Ó Fallúin. Leabhrán bog, riocht maith. Smál agus píosa scríbhneoireachta ar an chlúdach. Bloc téacs an-ghlan.

Seacht mBua an Éirí Amach [1970] (ar athláimh)

In eagar ag Tomás de Bhaldraithe, athchló 1970. Clúdach crua, forchlúdach plaisteach trédhearcach leis. Smál ar an gclúdach plaisteach. Spotaí ar an imeall. Nótaí scríofa isteach le peann in áiteanna.

Great Irish Artists from Lavery to Le Brocquy [crua, 1997] (ar athláimh)

S.B. Kennedy. Forchlúdach leis. Ainm an iar-úinéara istigh ann. De réir comhaontú leis an té a thug na leabhair seo dúinn, tá an praghas díolta ar an leabhar seo á choinneáil chomh híseal agus is féidir linn le costais próiseála a chlúdach, le gur féidir leis na leabhair ar fad sa chnuasach baile nua a…

Flós Fómhair 1973 (ar athláimh)

Clúdach bog, dorchú ar an gclúdach. Riocht maith. Foilsithe ag An tOireachtas. In eagar ag Aindrias Ó Muimhneacháin.

Lá Dá bhFaca Thú (ar athláimh)

Críostóir Ó Floinn. Cló Morainn, An Chéad Chló 1955. Clúdach crua gan fhorchlúdach, i riocht cuibheasach maith. Smal beag in áiteanna ar an gclúdach. Dorchú ar na leathanaigh. Bloc téacs an-ghlan. Smál agus ruachan ar an leathanach ceangal.

Every Day Like Sunday? (ar athláimh)

John Waters. Poolbeg Press Ltd., 1995. Clúdach bog, riocht an-mhaith. Roc ar an droim, dorchú ar an imeall.

Everybody’s Pocket Companion (ar athláimh)

Compiled by A. Mercer. Clúdach bog, riocht cuibheasach. Dorchú agus smáil ar an chlúdach. Clúdach caite. Meirg ar na stáplaí. Na leathanaigh dorcha ach glan.

Iomramh Aigne (ar athláimh)

Gearóid Denvir. An Clóchomhar 1976. An chéad chló. Clúdach crua, forchlúdach leis. Riocht maith. An forchlúdach píosa beag caite.

Bean Aonair agus Scéalta Eile (ar athláimh)

Pádraic Breathnach. Clódhanna Teo. An Chéad chló, 1974. Clúdach crua gan fhorchlúdach. Riocht maith. Cúpla smál beag ar an chlúdach. Bloc téacs an-ghlan seachas nótaí i bpeann luaidhe ar roinnt leathanaigh.

Dublin (ar athláimh)

Peter Somerville-Large. Granada Publishing Ltd., 1981. Riocht an-mhaith. Dorchú ar an imeall.

An Saol in Éirinn (ar athláimh)

L. M. Ó Coileáin. Aistrithe ag Tomás Ó Laoi. Oifig an tSoláthair, 1976. Clúdach crua gan fhorchlúdach. Riocht an-mhaith. Cúpla smál an-bheag ar an chlúdach, na cúinní beagáinín brúite. Na leathanaigh an-ghlan.

An Rí gan Choróin (ar athláimh)

Ríonach Uí Ógáin, An Clóchomhar Tta. An Chéad Chló, 1984. Clúdach bog le cúpla smál. Riocht an-mhaith. Bloc téacs an-ghlan.

Comhad Caoch (ar athláimh)

Seán Ó Siadhail. Coiscéim, 1993. Clúdach bog, riocht an-mhaith.

Letters from the Great Blasket (ar athláimh)

Eibhlís Ní Shúilleabháin. Mercier Press. Clúdach bog, riocht an-mhaith. Smáil ar chúl.

Roibeart Emmet [1936] (ar athláimh)

Clúdach crua. Raymond W. Postgate do sgríobh. Níl forchlúdach leis. Niall Ó Domhnaill a d’aistrigh. Oifig Díolta Foillseacháin Rialtais. Riocht maith.

Maighistri san Fhilidheacht (ar athláimh)

Láimh-leabhar léirmheasa ar na filí móra ó Chéitinn anuas. T. Ó Raithbheartaigh. Muinntir Chathail Clódóirí, Baile Átha Cliath, 1939. Clúdach crua, i riocht maith. Dath ídithe ar an gclúdach agus dorchú ar na leathanaigh. Ainm an iar-úinéara sínithe ar an leathanach ceangal. Bloc téacs an-ghlan.

Beathaisnéis a Naoi – Forlíonadh agus Innéacsanna (ar athláimh)

Diarmuid Breathnach agus Máire Ní Mhurchú. An Clóchomhar Teoranta, 1997. Clúdach crua, le forchlúdach. Riocht an-mhaith, cúpla marc an an bhforchlúach.

Corpus Iuris Hibernici Vol.VI (ar athláimh)

Ad Fidem Codicum Manusciptorum Recognovit. D. A. Binchy. Tomus Sextus. Intitiúid Ard-Léinn Bhaile Átha Cliath, 1978. Clúdach crua, riocht iontach. Cúpla marc beag ar an chlúdach. Bloc téacs an-ghlan.

Changing Faces (ar athláimh)

J. Nolan. St. Vincent’s Tontine & Burial Society, Dundrum, 1982. Clúdach bog, riocht maith. Dath an droma ídithe agus roic air. Smál ar an chlúdach agus píosa peannaireachta air. Bloc téacs an-ghlan.

Ó Donnabháin Rosa II (ar athláimh)

Seán Ó Lúing. Sáirséal agus Dill, an chéad chló 1979. Clúdach crua gan fhorchlúdach, riocht an-mhaith. Imeall an chlúdaigh beagáinín caite, cúpla smál beag air. Bloc téacs an-ghlan.

Leabhair Scoile

Bunscoil

Meánscoil