Skip to content
Glaoigh orainn/Call us: +353 (0) 1 478 3814

I mBéal an Phobail

Thirty-Two Words for Field – Lost words of the Irish landscape

Saothar le Manchán Magan (i mBéarla) faoi théarmaí Gaeilge.

Míreanna Mearaí Adhmaid – Amuigh Faoin Spéir

Seit blocanna beaga adhmaid ar féidir iad a chur le chéile nó a bhaint dá chéile.

An File Mícheál Ó Gaoithín – The Blasket Painter – Selected and Introduced by Maria Simonds-Gooding

Leabhar faoi sceitseanna agus obair phéinteála a rinne Mícheál ‘An File’ Ó Gaoithín.

Prionta A4 – Samhlaíocht | Carn leabhar (Nine Arrow)

Prionta A4 le NineArrow. Níl fráma leis. Tá cairtchlár tiubh taobh thiar de.

That Place we Call Home

Leabhar Béarla le John Creedon mar gheall ar logainmneacha na hÉireann.

Míreanna Mearaí Adhmaid – Cruimhíní

Míreanna mearaí adhmaid, cruimheanna beaga bídeacha! Aois 3+ Ó bholb go féileacán, bóín Dé agus beach – seo cuid de na cruimhíní a fheictear sa ghairdín.

Míreanna Mearaí Cairtchláir A3 – Na Lochlainnaigh

Mireanna mearaí cairtchláír A3 a leiríonn cúrsaí taistil na lochlainnaigh

Listen to the Land Speak – A journey into the Wisdom of what lies Beneath Us

Leabhar le húdar ‘Thirty-Two Words for Field’ agus ‘Tree Dogs, Banshee Fingers and other words for Nature’.

Míreanna Mearaí Adhmaid – Sa Bhaile

Seit blocanna adhmaid a thagann le chéile chun suíomh baile a chruthú, agus stór focal Gaeilge ar na blocanna. Déanta ag Alphabet Jigsaws.

Prionta A4 – Bród (NineArrow)

Prionta A4 le NineArrow.

Míreanna Mearaí Adhmaid – Dathanna (Bogha Báistí/Tuar Ceatha)

Míreanna Mearaí Adhmaid: Dathanna (Bogha Báistí/Tuar Ceatha). Na dathanna atá san áireamh sa seit seo: dubh, bán, bándearg, donn, liath, corcra, gorm, glas, buí, oráiste agus dearg.

Míreanna Mearaí Adhmaid – Ainmhithe Feirme

Is breá le feirmeoirí óga na Míreanna mearaí adhmaid. Is féidir feirm bheag a dheanamh leis an seacht n-ainmhí nó iad a chur le chéile mar aonad iomlán. Is bréagán iontach, láidir iad seo do lámha beaga agus do dhaoine ag foghlaim an teanga. Tá cuma alainn air leis!

**Réamhordú – Bealtaine 2024** Bran – Bréagán agus Leabhar i mBosca

Bréagán beag bog agus leabhar le chéile. Toisí an bhréagáin: 6x4x3 orlach. #SpraoiLeBran

Prionta A4 – Sliogáin Mhara na hÉireann (Nine Arrow)

Prionta A4 le Nine Arrow de shliogáin mhara choitianta na hÉireann.

Míreanna Mearaí Adhmaid – An Siopa – Uimhreacha

Míreanna mearaí adhmaid – sa siopa! Aois 3+

Prionta A4 – Aibítir | Cló Gaelach (Nine Arrow)

Prionta A4: an aibítir sa chló Gaelach, deartha ag Nine Arrow. Níl fráma leis.

Míreanna Mearaí Adhmaid – Contaetha na hÉireann (Éire) Ildaite

Míreanna mearaí déanta as adhmaid. Contaetha na tíre ar bhlocanna beaga adhmaid, ar féidir iad a bhaint dá chéile nó a chur ar ais san áit cheart. Oiriúnach do pháistí in aois 5+.

Bealach Mhic Ghrianna (ar athláimh)

Treoir don leabhar ‘Mo Bhealach Féin’ le Seosamh Mac Grianna. Oilibhéar Ó Croiligh. Oideas Mercier, 1972. Clúdach bog, riocht maith go leor. Dath an chlúdaigh ídithe in áiteanna, dorchú ar na leathanaigh. Bloc téacs an-ghlan.

Tine Chnámh (ar athláimh)

Liam Ó Muirthile. Sáirséal Ó Marcaigh, 1984. Clúdach crua gan fhorchlúdach, riocht an-mhaith. Sínithe ag an údar. Cúpla smál beag ar an chlúdach. Dath an droma ídithe. Bloc téacs an-ghlan.

The Letters of Saint Oliver Plunkett 1625-1681 (ar athláimh)

Edited and Translated with an introduction by Monsignor John Hanly, 1979. The Dolmen Press. Clúdach crua le forchlúdach, riocht maith. Dorchú agus smáil ar an bhforchlúdach. Bloc téacs an-ghlan.

Dánta Meán-teastais 1964-1965 (ar athláimh)

Leabhar bog, meirg ar na stáplaí, clúdaithe le páipéar donn. Cluaisíní cait ar chuid de na leathanaigh.

The Hill of Tara [1955] (ar athláimh)

Robert R. Callary, James Duffy & Co, 1955. Leabhrán bog, 50 lth. Dath ídithe ar chúl an chlúdaigh, smál uisce ar an leathanach teidil. Riocht an-mhaith.

The Ossianic Lore and Romantic Tales of Medieval Ireland (ar athláimh)

Fianíocht agus Rómánsaíocht. Gerard Murphy. The Three Candles, 1961. Clúdach bog, riocht maith. Beagáinín caite ar an imeall agus smál ar an chlúdach. Spotaí ar an taobh ar barr.

Tréithe Thomáis Ághas (ar athláimh)

An tAthair Seosamh Ó Muirthile, C.Í. Clódhanna Teoranta 1967. Clúdach bog, riocht maith. Clúdach beagáinín caite.

Oghma 7 (ar athláimh)

Foilseacháin Oghma, 1995. Eagarthóirí: Seosamh Ó Murchú, Micheál Ó Cearúil, Antain Mag Shamhráin. Clúdach bog, riocht an-mhaith

Téarmaí Eaglasta – Ecclesiastical Terms (ar athláimh)

Leabhrán beag 16 leathanach. Clúdach bog. Lourdes Messenger Office. Focail úsáideacha coitianta faoin Eaglais / Useful words in general use in Church matters. Gan dáta.

Baisteadh Gintlí (ar athláimh)

Biddy Jenkinson. Coiscéim, An Chéad Chló 1986. Clúdach bog, i riocht maith. Smál ar an gclúdach. Nóta scríofa i bpeann luaidhe ar leathanach amháin. An chéad chnuasach filíochta le Biddy Jenkinson.

Rhymes of a Roughneck (ar athláimh)

A Book of Verse by Robert Service. Ernest Benn Ltd., 1950. Clúdach crua le forchlúdach, riocht cuibheasach maith. Forchlúdach beagáinín caite, stróicthe beagáinín ar na himill agus smáil air. Ruachan ar an taobh agus na leathanaigh cheangail. Nóta taobh istigh. Bloc téacs glan.

The Sovereign People – Pamphlet 4 (ar athláimh)

Paimfléad 4, Pobal Teoranta, 1970idí. Riocht maith.

Fear an Tae (ar athláimh)

Liam Ó Muirthile. Cois Life, 1999. Clúdach bog, riocht iontach. Cúpla smál beag ar an chlúdach.

An Dá Thrá (ar athláimh)

Smál ar an bhforchlúdach, é lag. Dath níos fearr leis sa bhfíorshaol – níl sé iomlán chomh ídithe ag an solas is a thaispeántar.

An Geall a Briseadh (ar athláimh)

Clúdach crua, níl forchlúdach leis. Dath ar imeall an chlúdaigh ídithe; clúdach ar bharr an droma beagáinín stróicthe. 4ú eagrán, athchló 1969.

Mo Chara Stiofán (ar athláimh)

Liam Ó Rinn. . Preas Dún Dealgan, 1939. Clúdach crua gan fhorchlúdach, i riocht maith. Imeall an droma caite beagáinín. Smál ar an taobh istigh den gclúdach. Dorchú ar na leathanaigh laistigh. Gearrthóg faoi Stiofán Mac Enna laistigh. Síniú an iar-úinéara laistigh.

Buneolas ar Léamh Léarscáileanna (ar athláimh)

R.A. Butlin, aistrithe ag M. Ó Geallabháin. Oifig an tSoláthair, 1977. Clúdach bog, riocht maith. Beagáinín caite ar an imeall. Cúpla smál beag air. Léarscáil ar chúl.

Aistí Dána (ar athláimh)

Art Ó Maolfabhail. Clúach crua. Smál beag air. 1964. Preas Dhún Dealgan. An bloc téacs an-glan.

Iain Áluinn (ar athláimh)

Aithinnsint Gaedhilge a rinn Seán Tóibín ar “John Splendid” do scríobh Dr. Neil Munro. Muinntir Chathail, Teo., An dara cur amach, 1936. Clúdach crua gan fhorchlúdach, i riocht cuibheasach. Smál agus stróiceacha bheaga in áiteanna ar an gclúdach, teideal scríofa de lámh ar an téip breise atá curtha leis. Ruachan go forleathan ar imeall na…

Safari (ar athláimh)

Brian Ó Maoileoin. Sáirséal agus Dill, 1973. Clúdach crua, le forchlúdach plaisteach. Riocht an-mhaith, smál air agus ainm an iar-úïnéara scríofa taobh istigh.

Leabhair Scoile

Bunscoil

Meánscoil