Skip to content
Glaoigh orainn/Call us: +353 (0) 1 478 3814

I mBéal an Phobail

Míreanna Mearaí Adhmaid – Contaetha na hÉireann (Éire) Ildaite

Míreanna mearaí déanta as adhmaid. Contaetha na tíre ar bhlocanna beaga adhmaid, ar féidir iad a bhaint dá chéile nó a chur ar ais san áit cheart. Oiriúnach do pháistí in aois 5+.

Prionta A4 – Aibítir | Cló Gaelach (Nine Arrow)

Prionta A4: an aibítir sa chló Gaelach, deartha ag Nine Arrow. Níl fráma leis.

An File Mícheál Ó Gaoithín – The Blasket Painter – Selected and Introduced by Maria Simonds-Gooding

Leabhar faoi sceitseanna agus obair phéinteála a rinne Mícheál ‘An File’ Ó Gaoithín.

Míreanna Mearaí Adhmaid – Ainmhithe Feirme

Is breá le feirmeoirí óga na Míreanna mearaí adhmaid. Is féidir feirm bheag a dheanamh leis an seacht n-ainmhí nó iad a chur le chéile mar aonad iomlán. Is bréagán iontach, láidir iad seo do lámha beaga agus do dhaoine ag foghlaim an teanga. Tá cuma alainn air leis!

That Place we Call Home

Leabhar Béarla le John Creedon mar gheall ar logainmneacha na hÉireann.

Míreanna Mearaí Cairtchláir A3 – Na Lochlainnaigh

Mireanna mearaí cairtchláír A3 a leiríonn cúrsaí taistil na lochlainnaigh

**Réamhordú – Bealtaine 2024** Bran – Bréagán agus Leabhar i mBosca

Bréagán beag bog agus leabhar le chéile. Toisí an bhréagáin: 6x4x3 orlach. #SpraoiLeBran

Míreanna Mearaí Adhmaid – Amuigh Faoin Spéir

Seit blocanna beaga adhmaid ar féidir iad a chur le chéile nó a bhaint dá chéile.

Míreanna Mearaí Adhmaid – Dathanna (Bogha Báistí/Tuar Ceatha)

Míreanna Mearaí Adhmaid: Dathanna (Bogha Báistí/Tuar Ceatha). Na dathanna atá san áireamh sa seit seo: dubh, bán, bándearg, donn, liath, corcra, gorm, glas, buí, oráiste agus dearg.

Prionta A4 – Samhlaíocht | Carn leabhar (Nine Arrow)

Prionta A4 le NineArrow. Níl fráma leis. Tá cairtchlár tiubh taobh thiar de.

Listen to the Land Speak – A journey into the Wisdom of what lies Beneath Us

Leabhar le húdar ‘Thirty-Two Words for Field’ agus ‘Tree Dogs, Banshee Fingers and other words for Nature’.

Thirty-Two Words for Field – Lost words of the Irish landscape

Saothar le Manchán Magan (i mBéarla) faoi théarmaí Gaeilge.

Míreanna Mearaí Adhmaid – Sa Bhaile

Seit blocanna adhmaid a thagann le chéile chun suíomh baile a chruthú, agus stór focal Gaeilge ar na blocanna. Déanta ag Alphabet Jigsaws.

Prionta A4 – Bród (NineArrow)

Prionta A4 le NineArrow.

Prionta A4 – Sliogáin Mhara na hÉireann (Nine Arrow)

Prionta A4 le Nine Arrow de shliogáin mhara choitianta na hÉireann.

Míreanna Mearaí Adhmaid – An Siopa – Uimhreacha

Míreanna mearaí adhmaid – sa siopa! Aois 3+

Míreanna Mearaí Adhmaid – Cruimhíní

Míreanna mearaí adhmaid, cruimheanna beaga bídeacha! Aois 3+ Ó bholb go féileacán, bóín Dé agus beach – seo cuid de na cruimhíní a fheictear sa ghairdín.

Gaedhealachas i gCéin (ar athláimh)

Liam P. Ó Riain. Oifig Díolta Foillseacháin Rialtais, 1933. Clúdach crua gan fhorchlúdach, riocht an-mhaith. Smál ar an chlúdach, cúinní beagáinín caite. Spotaí ar an taobh. Dorchú ar na leathanaigh, ruachan ar chuid dóibh. Droim leochaileach.

The Silver Arm (ar athláimh)

Jim Fitzpatrick. Butler Sims, 1983. Clúdach bog, riocht an-mhaith. Imeall an chlúdaigh beagáinín caite.

I bPrionta I Leabhar – Na Protasúin agus Prós na Gaeilge 1567-1724 (ar athláimh)

Leabhar Thaighde, an 51ú hImleabhar. Nicholas Williams. An Clóchomhar Tta., 1986. Clúdach bog, riocht maith. Dath ídithe ar an droim agus ar chúl. Bloc téacs an-ghlan.

An Gearrscéal sa Ghaeilge 1898-1940 (ar athláimh)

Aisling Nic Dhonnchadha. An Clóchomhar 1981. Clúdach bog, riocht an-mhaith.

Téarmaí Tráchtála (ar athláimh)

Smál ar an gclúdach, agus é caite ar an imeall. Meirg bheag ar na stáplaí. Fochoiste den Choiste Stiúrtha Téarmaíochta a shocraigh na Téarmaí Tráchtála seo. Cé gur Téarmaí Tráchtála an teideal baineann na téarmaí sa chnuasach le réimse leathan ábhar: Cuntasaíocht, Baincéireacht, Eacnamaíocht, Eagrú Gnó, etc.

Éire – An Teagmháil Athnuaite Sin (ar athláimh)

Irlanda “quel riconfermato incontro”. Ireland “that reconfirmed encounter”. Mario Luzi. Istituto Italiano di Cultura, Dublino. 1993. Clúdach bog. riocht maith. Smál ar an chlúdach. Bloc téacs an-ghlan.

Saighdiúr de Shluagh Uí Néill (ar athláimh)

With the Army of O’Neill. Clúdach crua, gan fhorchlúdach. 1935. Rev. T.A. Finlay. Proinnsias Ó Brógáin a d’aistrigh. Spotaí ar an imeall, bloc téacs glan.

Treasa Bheag don Aos Óg – Histoire de Ste Thérèse de l’enfant-Jésus (ar athláimh)

Clúdach crua, forchlúdach leis. Riocht an-mhaith. Léaráidí dubh agus bán.

An tSraith Dhá Tógáil (ar athláimh)

Máirtín Ó Cadhain. Sáirséal agus Dill. An chéad chló 1970. Cnuasach gearrscéalta le Máirtín Ó Cadhain. Clúdach crua, forchlúdach plaisteach leis. Riocht an-mhaith. Spotaí ar an imeall uachtarach.

An Choróin Mhuire Naofa [1979] (ar athláimh)

Clúdach crua. Clúdach breise plaisteach leis. Léaráidí dubh agus bán tríd síos. Spotaí ar imeall na leathanach.

Progressive Studies in Irish Books I-IV (aon leabhar amháin) (ar athláimh)

D.G. Craig and Co., 1919. Clúdach bog, riocht maith go leor. Clúdach leochaileach ar barr agus bun, smál air agus dorchú air. Fuáil an droma le feiceáil. Dorchú ar na leathanaigh ach iad an-ghlan.

Second Top of the Form Quiz Book (ar athláimh)

Compiled by Boswell Taylor. BBC TV. Knight Books, 1969. Clúdach bog, riocht cuibheasach caite. Ag éalú ón droim taobh istigh ar chúl. Smáil ar an chlúdach. Ruachan agus smáil ar na leathanaigh cheangail agus taobh. Bloc téacs dorcha ach an-ghlan.

An Bás i dTír na nÓg (ar athláimh)

Seán Ó Tuama. Coiscéim, 1988. Clúdach bog, riocht maith. Cúpla marc ar an chlúdach.

An Aifric Theas (ar athláimh)

Éamonn Mac Giolla Iasachta. Oifig an tSoláthair. An Chéad chló, 1947. Clúdach crua gan forchlúdach, riocht maith. Dorchú ar an chlúdach agus smál air. Na cúinní beagáinín brúite. Spotaí ar an taobh agus imeall na leathanach.

Treo 2000 (ar athláimh)

Coimisiún Chun Ról na nEagras Deonach Gaeilge a Scrúdú. An Roinn Ealaíon, Cultúir & Gaeltachta. Oifig an tSoláthair, 1997. Clúdach bog, riocht maith. Cúpla marc/smál air.

Clisiam Charman (ar athláimh)

Conchubhar Ó Muimhneacháin. Leagan Gaeilge de ‘Thunder an’ Turf’, an Rev. Mark O’Byrne. Clúdach leathchrua. Riocht an-mhaith.

Caoineadh na Mná agus Duanta Eile (ar athláimh)

Séamus Ó hAodha. Faoi Chomhartha na dTrí gCoinneal, 1939. Clúdach bog, riocht maith. Dorchú ar an droim, smál ar an chlúdach. Dorchú & spotaí ar an taobh. Ainm an iar-úinéara scríofa taobh istigh.

Legends of Ireland (ar athláimh)

Myths and Legends. Charles-Marie Garner. Aistrithe ag Leslie Vyse. Burke Books, 1975. Clúdach crua le forchlúdach, riocht maith. Forchlúdach beagáinín caite, cúpla smál air. Beagáinín deannaigh ar an taobh.

Bullaí Mhártain (ar athláimh)

Síle Ní Chéileachair & Donncha Ó Céileachair. Sáirséal agus Dill, An chéad chló 1955. Riocht cuibheasach maith. Ainm an iar-úinéir scríofa taobh istigh.

An Geall a Briseadh (ar athláimh)

Clúdach crua, níl forchlúdach leis. Dath ar imeall an chlúdaigh ídithe; clúdach ar bharr an droma beagáinín stróicthe. 4ú eagrán, athchló 1969.

Leabhair Scoile

Bunscoil

Meánscoil