Skip to content
Glaoigh orainn/Call us: +353 (0) 1 478 3814

I mBéal an Phobail

That Place we Call Home

Leabhar Béarla le John Creedon mar gheall ar logainmneacha na hÉireann.

Prionta A4 – Sliogáin Mhara na hÉireann (Nine Arrow)

Prionta A4 le Nine Arrow de shliogáin mhara choitianta na hÉireann.

Míreanna Mearaí Adhmaid – Cruimhíní

Míreanna mearaí adhmaid, cruimheanna beaga bídeacha! Aois 3+ Ó bholb go féileacán, bóín Dé agus beach – seo cuid de na cruimhíní a fheictear sa ghairdín.

Míreanna Mearaí Adhmaid – Amuigh Faoin Spéir

Seit blocanna beaga adhmaid ar féidir iad a chur le chéile nó a bhaint dá chéile.

Prionta A4 – Samhlaíocht | Carn leabhar (Nine Arrow)

Prionta A4 le NineArrow. Níl fráma leis. Tá cairtchlár tiubh taobh thiar de.

Míreanna Mearaí Adhmaid – Ainmhithe Feirme

Is breá le feirmeoirí óga na Míreanna mearaí adhmaid. Is féidir feirm bheag a dheanamh leis an seacht n-ainmhí nó iad a chur le chéile mar aonad iomlán. Is bréagán iontach, láidir iad seo do lámha beaga agus do dhaoine ag foghlaim an teanga. Tá cuma alainn air leis!

Prionta A4 – Aibítir | Cló Gaelach (Nine Arrow)

Prionta A4: an aibítir sa chló Gaelach, deartha ag Nine Arrow. Níl fráma leis.

Thirty-Two Words for Field – Lost words of the Irish landscape

Saothar le Manchán Magan (i mBéarla) faoi théarmaí Gaeilge.

Míreanna Mearaí Adhmaid – Sa Bhaile

Seit blocanna adhmaid a thagann le chéile chun suíomh baile a chruthú, agus stór focal Gaeilge ar na blocanna. Déanta ag Alphabet Jigsaws.

Míreanna Mearaí Adhmaid – An Siopa – Uimhreacha

Míreanna mearaí adhmaid – sa siopa! Aois 3+

**Réamhordú – Bealtaine 2024** Bran – Bréagán agus Leabhar i mBosca

Bréagán beag bog agus leabhar le chéile. Toisí an bhréagáin: 6x4x3 orlach. #SpraoiLeBran

Listen to the Land Speak – A journey into the Wisdom of what lies Beneath Us

Leabhar le húdar ‘Thirty-Two Words for Field’ agus ‘Tree Dogs, Banshee Fingers and other words for Nature’.

Míreanna Mearaí Adhmaid – Dathanna (Bogha Báistí/Tuar Ceatha)

Míreanna Mearaí Adhmaid: Dathanna (Bogha Báistí/Tuar Ceatha). Na dathanna atá san áireamh sa seit seo: dubh, bán, bándearg, donn, liath, corcra, gorm, glas, buí, oráiste agus dearg.

Prionta A4 – Bród (NineArrow)

Prionta A4 le NineArrow.

An File Mícheál Ó Gaoithín – The Blasket Painter – Selected and Introduced by Maria Simonds-Gooding

Leabhar faoi sceitseanna agus obair phéinteála a rinne Mícheál ‘An File’ Ó Gaoithín.

Míreanna Mearaí Adhmaid – Contaetha na hÉireann (Éire) Ildaite

Míreanna mearaí déanta as adhmaid. Contaetha na tíre ar bhlocanna beaga adhmaid, ar féidir iad a bhaint dá chéile nó a chur ar ais san áit cheart. Oiriúnach do pháistí in aois 5+.

Míreanna Mearaí Cairtchláir A3 – Na Lochlainnaigh

Mireanna mearaí cairtchláír A3 a leiríonn cúrsaí taistil na lochlainnaigh

Beoir Bhaile agus Scéalta Eile (ar athláimh)

Dónall Mac Amhlaigh. An Clóchomhar Tta, 1981. Clúdach bog, riocht maith. Smál ar an chlúdach.

Scríobh 3 (ar athláimh)

Curtha in eagar ag Seán Ó Mórdha. An Clóchomhar Tta, 1978. Clúdach bog, riocht maith. Smál ar an chlúdach agus dath ídithe ar an imeall. Spotaí ar an taobh.

Ó Thuaidh! (ar athláimh)

Pádraig Ua Maoileoin. Sáirséal Ó Marcaigh, 1983. Clúdach crua le forchlúdach, riocht maith. Forchlúdach fíorbheagáinín caite agus roinnt smál air.

Une Ile et d’Autres Iles (ar athláimh)

Poèmes gaéliques du XXème siècle. Calligrammes, 1984. Aistrithe ag Éamon Ó Ciosáin. Clúdach bog, riocht maith go leor. Smáil ar an chlúdach. Dorchú ar an droim agus clúdach. Clúdach beagáinín caite ar an imeall chomh maith. Na leathanaigh gearrtha go garbh ach an-ghlan taobh istigh.

Is Ait an Mac an Saol (ar athláimh)

Seán Ó Ciosáin. Foilseacháin Náisiúnta Teoranta, 1973. Clúdach crua, gan forchlúdach. Riocht an-mhaith. Smál fíor-bheag ar chúl. Ainm an iar-úinéara taobh istigh.

The Emergency – Neutral Ireland 1939-45 (ar athláimh)

Bernard Share. Gill and Macmillan, 1978. Clúdach crua, riocht maith go leor. Dath an droma/chlúdaigh ídithe, smál ar an chlúdach. Spotaí ar an taobh. Na leathanaigh an-ghlan.

Cóta Bán Chríost (ar athláimh)

Críostóir Ó Floinn. Sáirséal agus Dill, 1977. Clúdach leath-chrua, riocht maith. Cúpla smál ar an chlúdach. Na leathanaigh dorcha ach an-ghlan.

Literature in Irish – Gnéithe dár nDúchas / Aspects of Ireland 8 (ar athláimh)

Clúdach bog, riocht maith, na leathanaigh an-glan. An clúdach beagáinín caite. Published by the Department of Foreign Affairs, 1980.

Rogha Dánta – Death in the Land of Youth (ar athláimh)

Seán Ó Tuama. Translations/Versions by Peter Denman/Seán Ó Tuama. Cork University Press. An Chéad Chló, 1997. Clúdach crua gan fhorchlúdach, riocht an-mhaith. Smál ar an chlúdach chúl. Cúpla smál beag ar an taobh. Bloc téacs an-ghlan.

Sweet’s Anglo-Saxon Primer (ar athláimh)

Norman Davis. Oxford University, 1953. 9ú eagrán. Leabhar crua le forchlúdach páipéir. Riocht maith. Forchlúdach caite, stróicthe ar an droim ar bun. Dáth ídithe agus dorchú ar na leathanaigh agus ar an bhforchlúdach. Ainm an iar-úinéara scríofa ar an leathanach ceangal. Greamán ar an bhforchlúdach tosaigh.

Ceacht an Éin (ar athláimh)

Clúdach crua, forchlúdach leis. Máirtín Ó Direáin. Smál ar an bhforchlúdach, an clúdach crua agus an bloc téacs i riocht maith.

Me Darlin’ Dublin’s Dead & Gone (ar athláimh)

Bill Kelly. Ward River Press, 1983. Clúdch bog, riocht maith go leor. Dath an chlúdaigh ídithe, smál air. Dorchú ar na leathanaigh ach iad an-ghlan.

Seal ag Ródaíocht (ar athláimh)

Proinsias Mac Maghnuis, Sáirséal agus Dill. 1960. Clúdach crua. Riocht an-mhaith. Bloc téacs an-ghlan

Dúshlán – Cnuasach Gearrscéalta (ar athláimh)

Aisling Ní Dhonnchadha a roghnaigh. Sáirséal Ó Marcaigh, 1985. Clúdach leath-chrua, riocht maith. Dath an chlúdaigh ídithe in áiteanna, roinnt marcanna air. Bloc téacs an-ghlan.

An Giolla Dubh – Naoi nGabhadh an Ghiolla Dhuibh (ar athláimh)

Clúdach bog. An droim ag streachailt beagáinín. Clúdaithe le clúdach breise déanta as páipéar donn. Líon beag nótaí scríofa isteach ann le peann luaidhe; an chuid is mó de na leathanaigh glan.

Cúigear Chonamara (ar athláimh)

Micheál Ó Conghaile, Cló Iar-Chonnachta. An Chéad Chló, 2003. Clúdach bog. Riocht sár-mhaith. Bloc téacs an-ghlan. Sínithe ag an údar.

Was the Treaty of Limerick Signed on the Treaty Stone? (ar athláimh)

A.J. O’Halloran. Limerick Leader, Ltd. Leabhrán bog, riocht cuibheasach maith. Smál agus dorchú ar an chlúdach, meirg ar na stáplaí. Spotaí air.

Beirt le Marú (ar athláimh)

Seán Ó Ciaruáin. Coiscéim, 2004. Clúdach bog, riocht iontach. Smál beag ar chúl.

The Stylized City (ar athláimh)

New and Selected Poems by John F. Deane. Dedalus, 1991. Clúdach bog, riocht iontach.

Cell 202 (ar athláimh)

Lewis E. Lawes. Rich & Cowan, Ltd., 1936. Clúdach crua gan fhorchlúdach, riocht maith. Clúdach caite ar na himill, cúinní brúite agus dath ídithe in áiteanna. Smáil air. Na leathanaigh dorcha ach an-ghlan. Spotaí ar an taobh.

Leabhair Scoile

Bunscoil

Meánscoil