Skip to content
Glaoigh orainn/Call us: +353 (0) 1 478 3814

I mBéal an Phobail

Míreanna Mearaí Adhmaid – Amuigh Faoin Spéir

Seit blocanna beaga adhmaid ar féidir iad a chur le chéile nó a bhaint dá chéile.

Míreanna Mearaí Adhmaid – Sa Bhaile

Seit blocanna adhmaid a thagann le chéile chun suíomh baile a chruthú, agus stór focal Gaeilge ar na blocanna. Déanta ag Alphabet Jigsaws.

Prionta A4 – Bród (NineArrow)

Prionta A4 le NineArrow.

Míreanna Mearaí Adhmaid – Ainmhithe Feirme

Is breá le feirmeoirí óga na Míreanna mearaí adhmaid. Is féidir feirm bheag a dheanamh leis an seacht n-ainmhí nó iad a chur le chéile mar aonad iomlán. Is bréagán iontach, láidir iad seo do lámha beaga agus do dhaoine ag foghlaim an teanga. Tá cuma alainn air leis!

**Réamhordú – Bealtaine 2024** Bran – Bréagán agus Leabhar i mBosca

Bréagán beag bog agus leabhar le chéile. Toisí an bhréagáin: 6x4x3 orlach. #SpraoiLeBran

Listen to the Land Speak – A journey into the Wisdom of what lies Beneath Us

Leabhar le húdar ‘Thirty-Two Words for Field’ agus ‘Tree Dogs, Banshee Fingers and other words for Nature’.

An File Mícheál Ó Gaoithín – The Blasket Painter – Selected and Introduced by Maria Simonds-Gooding

Leabhar faoi sceitseanna agus obair phéinteála a rinne Mícheál ‘An File’ Ó Gaoithín.

Míreanna Mearaí Adhmaid – An Siopa – Uimhreacha

Míreanna mearaí adhmaid – sa siopa! Aois 3+

Míreanna Mearaí Adhmaid – Cruimhíní

Míreanna mearaí adhmaid, cruimheanna beaga bídeacha! Aois 3+ Ó bholb go féileacán, bóín Dé agus beach – seo cuid de na cruimhíní a fheictear sa ghairdín.

Míreanna Mearaí Adhmaid – Contaetha na hÉireann (Éire) Ildaite

Míreanna mearaí déanta as adhmaid. Contaetha na tíre ar bhlocanna beaga adhmaid, ar féidir iad a bhaint dá chéile nó a chur ar ais san áit cheart. Oiriúnach do pháistí in aois 5+.

Prionta A4 – Aibítir | Cló Gaelach (Nine Arrow)

Prionta A4: an aibítir sa chló Gaelach, deartha ag Nine Arrow. Níl fráma leis.

Thirty-Two Words for Field – Lost words of the Irish landscape

Saothar le Manchán Magan (i mBéarla) faoi théarmaí Gaeilge.

Míreanna Mearaí Cairtchláir A3 – Na Lochlainnaigh

Mireanna mearaí cairtchláír A3 a leiríonn cúrsaí taistil na lochlainnaigh

That Place we Call Home

Leabhar Béarla le John Creedon mar gheall ar logainmneacha na hÉireann.

Prionta A4 – Sliogáin Mhara na hÉireann (Nine Arrow)

Prionta A4 le Nine Arrow de shliogáin mhara choitianta na hÉireann.

Míreanna Mearaí Adhmaid – Dathanna (Bogha Báistí/Tuar Ceatha)

Míreanna Mearaí Adhmaid: Dathanna (Bogha Báistí/Tuar Ceatha). Na dathanna atá san áireamh sa seit seo: dubh, bán, bándearg, donn, liath, corcra, gorm, glas, buí, oráiste agus dearg.

Prionta A4 – Samhlaíocht | Carn leabhar (Nine Arrow)

Prionta A4 le NineArrow. Níl fráma leis. Tá cairtchlár tiubh taobh thiar de.

The National Library of Ireland, 1941-1976 (ar athláimh)

A look back by Patrick Henchy. National Library of Ireland Society, 1986. Leabhrán bog, riocht maith. Dath an chlúdaigh ídithe.

Seanmóin agus Trí fichid [1909] (ar athláimh)

.i. Seanmóin do gach Domhnach agus lá saoire sa mbliadhain, do réir an tSoisgéil as Leabhar an Aifrinn. An tAthair Peadar Ua Laoghaire. Muintir na Leabhar Gaedhilge. Clúdach crua. Riocht maith. Dath dorcha ar an gclúdach, dath dorcha ar imeall na leathanach.

Cín Lae Amhlaoibh (ar athláimh)

Tomás de Bhaldraithe, An Clóchomhar Tta. An Chéad Chló, 1970. Clúdach crua le forchlúdach. Stróicthe ar barr an fhorchlúdaigh. Riocht maith go leor. Dathú ar chúpla leathanach.

Maeldún (ar athláimh)

Diarmaid Ó Súilleabháin. Sáirséal agus Dill, an chéad chló 1972. Clúdach crua, riocht an-mhaith. Cúpla smál an-bheag air. Bloc téacs an-ghlan.

Stair na hEorpa II (ar athláimh)

Seán A. Ó Murchú. Sáirséal agus Dill, 1969. Clúdach crua gan fhorchlúdach, riocht cuibheasach maith. Smál ar an chlúdach, dorchú air in áiteanna. Bloc téacs an-ghlan.

Proceedings of the Royal Irish Academy Vol 64 (ar athláimh)

Volume 64, Section A, No.2. P. J. McLaughlin, Some Irish Contemporaries of Faraday and Henry. Royal Irish Academy, 1964. September, 1964. Leabhrán bog, riocht cuibheasach. Dorchú agus smál ar an chlúdach, agus poill ann. Na leathanaigh an-ghlan.

Rathfarnham Roads (ar athláimh)

Patrick Healy. South Dublin Libraries, 2005. Clúdach bog, riocht an-mhaith.

The Best of Dorothy Parker (ar athláimh)

Dorothy Parker, Gerard Duckworth & Co. agus Viking Penguin, 1995. Clúdach crua le bosca. Riocht sár-mhaith. Bloc téacs an-ghlan.

Téarmaí Eaglasta – Ecclesiastical Terms (ar athláimh)

Leabhrán beag 16 leathanach. Clúdach bog. Lourdes Messenger Office. Focail úsáideacha coitianta faoin Eaglais / Useful words in general use in Church matters. Gan dáta.

Aistí Dána (ar athláimh)

Art Ó Mhaolfabhail. Preas Dhún Dealgan, 1964. Clúdach crua gan fhorchlúdach. Riocht an-mhaith, cuid fíorbheag ruachain ann ar imill na leathanach. Bloc téacs an-ghlan.Síniú an iar-úinéara scríofa laistigh.

Le Linn ár nÓige [1938] (ar athláimh)

Ainm an iar-úinéara gearrtha amach. Leabhar crua. Tomás de Bhial a d’aistrigh ón mBéarla. Oifig Díolta Foillseacháin Rialtais. Riocht an-mhaith.

Scéal Ghael-Linn (ar athláimh)

Mairéad Ní Chinnéide. Cló-Iar Chonnachta, 2013. Clúdach crua le forchlúdach, riocht iontach. Sínithe ag an údar.

An Choill Bheo (ar athláimh)

Éilís Diolún, an chéad chló, Oifig an tSoláthair, 1948. Clúdach leath-chrua, forchlúdach leis. Forchlúdach caite ar an imeall agus stróicthe ar bun sa lár. An leabhar féin i riocht an-mhaith, an-ghlan.

Craic Baby (ar athláimh)

Darach Ó Séaghdha, Head of Zeus Tta. 2018. Clúdach crua le forchlúdach. Riocht an-mhaith. Bloc téacs an-ghlan.

Oghma 7 (ar athláimh)

Foilseacháin Oghma, 1995. Eagarthóirí: Seosamh Ó Murchú, Micheál Ó Cearúil, Antain Mag Shamhráin. Clúdach bog, riocht an-mhaith

Cois Caoláire (ar athláimh)

Máirtín Ó Cadhain. Sáirséal agus Dill, An Chéad Chló 1953. Clúdach crua gan fhorchlúdach, i riocht maith. Smál beag ar an gclúdach tosaigh. Dorchú ar na leathanaigh ach iad an-ghlan. Gearrthóg den bhforchlúdach laistigh. Síniú an iar-úinéara laistigh.

Ceart na Sua [1964] (ar athláimh)

Liam Ó Catháin. Sáirséal agus Dill, an chéad chló 1964. Clúdach crua gan fhorchlúdach, riocht an-mhaith. Na cúinní fíorbheagáinín caite. Cúpla smál ar an taobh. Bloc téacs an-ghlan.

In Aimsir Emmet (ar athláimh)

Colm Ó Gaora. Oifig Díolta Foillseacháin Rialtais, 1937. Clúdach crua, gan forchlúdach. Cúpla smál ar an chlúdach, na himill beagáinín caite. Spotaí ar an taobh agus ar na leathanaigh cheangail.

Faoi Chrann Smola (ar athláimh)

La Terre Qui Meurt le René Bazin. Aistrithe ag Séamus Ó Grianna (“Máire”). Oifig Díolta Foillseacháin Rialtais, 1934. Clúdach crua gan fhorchlúdach, riocht maith. Na cúinní agus imill beagáinín caite, cúpla marc ar an chlúdach. Spotaí ar an taobha ach bloc téacs an-ghlan. Stampa iar-leabharlainne taobh istigh.

An Galar Dubhach [1980] (ar athláimh)

Máire Mhac an tSaoi. Sáirséal agus Dill, an chéad chló 1980. Clúdach crua le forchlúdach plaisteach. Smál ar an bhforchlúdach agus é caite/stróicthe ar an imeall agus rocach ar chúl. Na leathanaigh an-ghlan.

Leabhair Scoile

Bunscoil

Meánscoil