Skip to content
Glaoigh orainn/Call us: +353 (0) 1 478 3814
star Ciseán 56

I mBéal an Phobail

Míreanna Mearaí Adhmaid – Sa Bhaile

Seit blocanna adhmaid a thagann le chéile chun suíomh baile a chruthú, agus stór focal Gaeilge ar na blocanna. Déanta ag Alphabet Jigsaws.

**Réamhordú – Bealtaine 2024** Bran – Bréagán agus Leabhar i mBosca

Bréagán beag bog agus leabhar le chéile. Toisí an bhréagáin: 6x4x3 orlach. #SpraoiLeBran

Míreanna Mearaí Adhmaid – Amuigh Faoin Spéir

Seit blocanna beaga adhmaid ar féidir iad a chur le chéile nó a bhaint dá chéile.

An File Mícheál Ó Gaoithín – The Blasket Painter – Selected and Introduced by Maria Simonds-Gooding

Leabhar faoi sceitseanna agus obair phéinteála a rinne Mícheál ‘An File’ Ó Gaoithín.

Prionta A4 – Bród (NineArrow)

Prionta A4 le NineArrow.

Thirty-Two Words for Field – Lost words of the Irish landscape

Saothar le Manchán Magan (i mBéarla) faoi théarmaí Gaeilge.

Listen to the Land Speak – A journey into the Wisdom of what lies Beneath Us

Leabhar le húdar ‘Thirty-Two Words for Field’ agus ‘Tree Dogs, Banshee Fingers and other words for Nature’.

Míreanna Mearaí Adhmaid – Contaetha na hÉireann (Éire) Ildaite

Míreanna mearaí déanta as adhmaid. Contaetha na tíre ar bhlocanna beaga adhmaid, ar féidir iad a bhaint dá chéile nó a chur ar ais san áit cheart. Oiriúnach do pháistí in aois 5+.

Prionta A4 – Sliogáin Mhara na hÉireann (Nine Arrow)

Prionta A4 le Nine Arrow de shliogáin mhara choitianta na hÉireann.

Míreanna Mearaí Adhmaid – Ainmhithe Feirme

Is breá le feirmeoirí óga na Míreanna mearaí adhmaid. Is féidir feirm bheag a dheanamh leis an seacht n-ainmhí nó iad a chur le chéile mar aonad iomlán. Is bréagán iontach, láidir iad seo do lámha beaga agus do dhaoine ag foghlaim an teanga. Tá cuma alainn air leis!

Míreanna Mearaí Cairtchláir A3 – Na Lochlainnaigh

Mireanna mearaí cairtchláír A3 a leiríonn cúrsaí taistil na lochlainnaigh

Míreanna Mearaí Adhmaid – Dathanna (Bogha Báistí/Tuar Ceatha)

Míreanna Mearaí Adhmaid: Dathanna (Bogha Báistí/Tuar Ceatha). Na dathanna atá san áireamh sa seit seo: dubh, bán, bándearg, donn, liath, corcra, gorm, glas, buí, oráiste agus dearg.

Prionta A4 – Aibítir | Cló Gaelach (Nine Arrow)

Prionta A4: an aibítir sa chló Gaelach, deartha ag Nine Arrow. Níl fráma leis.

That Place we Call Home

Leabhar Béarla le John Creedon mar gheall ar logainmneacha na hÉireann.

Míreanna Mearaí Adhmaid – An Siopa – Uimhreacha

Míreanna mearaí adhmaid – sa siopa! Aois 3+

Prionta A4 – Samhlaíocht | Carn leabhar (Nine Arrow)

Prionta A4 le NineArrow. Níl fráma leis. Tá cairtchlár tiubh taobh thiar de.

Míreanna Mearaí Adhmaid – Cruimhíní

Míreanna mearaí adhmaid, cruimheanna beaga bídeacha! Aois 3+ Ó bholb go féileacán, bóín Dé agus beach – seo cuid de na cruimhíní a fheictear sa ghairdín.

Pádhraic Mháire Bhán nó An Gol agus an Gáire (ar athláimh)

Seán Ó Ruadháin. An Gúm, 1938. Clúdach bog, i riocht maith. Smál agus ruachan an-bheag ar imeall na leathanach. Síniú an iar-úinéara laistigh.

Foclóir Bitheolaíochta (ar athláimh)

An Roinn Oideachais, An Chéad Chló 1968. Leabhrán bog, riocht cuibheasach maith. Dorchú ar na leathanaigh agus ar an gclúdach. Na leathanaigh an-ghlan.

Seacht mBuaidh an Eirghe-Amach (athchló 1921) (ar athláimh)

Pádraic Ó Conaire, Maunsel agus a Comh., Teo. 1921. Clúdach crua, riocht maith. Smál ar an chlúdach, agus an dath ídithe in áiteanna. Dorchú ar imeall na leathanaigh agus ar na leathanaigh cheangail. An bloc téacs an-ghlan.

All Ireland (ar athláimh)

Stephen Rynne. B.T. Batsford Ltd., 1956. Clúdach crua gan fhorchlúdach, riocht maith. Dath an droma agus imill ídithe, smáil air. Na cúinní caite. Spotaí ar an taobh. Píosa meirge ar leathanach amháin, ach bloc téacs glan seachas sin.

An tAcht Cóipchirt, 1963 – Copyright Act, 1963 (ar athláimh)

Uimhir 10 de 1963. Oifig an tSoláthair. Clúdach bog, riocht maith go leor. Smáil agus dorchú ar an chlúdach, imeall beagáinín caite. Clúisíní cait ar roinnt leathanaigh ach iad ar fad glan. Cúpla marc ar an taobh.

The Living Landscape – Kilgalligan, Erris County Mayo (ar athláimh)

Séamas Ó Catháin, Patrick O’Hanagan. Comhairle Bhéaloideas Éireann, 1975. Clúdach crua le forchlúdach, riocht maith go leor. Dath an fhorchlúdaigh ídithe in áiteanna agus roinnt smáil air. Na cúinní caite. Bloc téacs an-ghlan.

The Secret Societies of Ireland (ar athláimh)

Their Rise and Progress. Captain H. B. C. Pollard. Phillip Allan & Co., 1922. Clúdach crua gan fhorchlúdach, riocht maith. Dath an droma ídithe, cúpla smál ar an chlúdach agus dath an chlúdaigh ídithe beagáinín in áiteanna. Spotaí ar an taobh agus leathanaigh cheangail. Bloc téacs glan.

Maeldún (ar athláimh)

Diarmaid Ó Súilleabháin. Sáirséal agus Dill, an chéad chló 1972. Clúdach crua, riocht an-mhaith. Cúpla smál an-bheag air. Bloc téacs an-ghlan.

Feoirlingí Fileata (ar athláimh)

Pádraig Ó Fiannachta. An Sagart, 1974. Clúdach bog, riocht an-mhaith. Smál agus píosa scríbhneoireachta ar an chlúdach.

Wolfe Tone – Prophet of Irish Independence (ar athláimh)

Marianne Elliott. Yale University Press, 1989. Clúdach bog, riocht an-mhaith. Roc ar an droim agus cúinní lúbtha beagáinín.

Athchló ar Irish Geography 1934-1984 (ar athláimh)

Leabhrán bog, riocht maith. Smál ar an chlúdach. Bloc téacs an-ghlan.

Twenty-five Years in The Secret Service. The Recollections of a Spy. (ar athláimh)

Crua, 1974. Forchlúdach leis. Spotaí ar an imeall, smál beag ar an fhorchlúdaigh.

An Fhiannuidheacht (ar athláimh)

Cormac Ó Cadhlaigh. Oifig Díolta Foillseacháin Rialtais, 1937. Clúdach crua gan fhorchlúdach, riocht maith. Dath an chlúdaigh ídithe in áiteanna agus smál air. Spotaí ar an taobh agus dorchú ar na leathanaigh. Stampaí iar-leabharlainne taobh istigh. Dorchú ar na leathanaigh agus píosa ruachan ar chuid dóibh.

Peann agus Dúch – Leabhar Ceapadóireachta Cuid a II (ar athláimh)

Máiréad Ní Ghráda. Brún agus Ó Nualláin Teoranta. 64lth. Clúdach bog. Meirg ar na stáplaí. Ruachan ar na leathanaigh.

Keeping Us in the Dark (ar athláimh)

Censorship and Freedom of Information in Ireland. Brendan Ryan. Gill & Macmillan, 1995. Clúdach bog, riocht an-mhaith.

Earraí Airgid na hÉireann (ar athláimh)

Folens. Seán Ó Téacháin. Leabhrán bog, riocht maith. Roinnt smál ar an chlúdach. Bloc téacs an-ghlan.

Nua-Sgríbhneoirí na Gaedhilge (ar athláimh)

Séamus Ó Searcaigh. Brún agus Ó Nualláin, Teor., 1934. Clúdach crua gan fhorchlúdach, riocht maith go leor. Dath an droma ídithe, imeall caite, agus smáil air. Na leathanaigh dorcha. Ainm an iar-úinéara agus stampaí ex-libris taobh istigh. Bloc téacs glan.

Dialects of Ulster Irish (ar athláimh)

Cathair Ó Dochartaigh. Institiúid Ard-Léinn, Ollscoil na Banríona, 1987. Clúdach bog, i riocht an-mhaith. Nóta dea-ghuí ón údar don iar-úinéar.

Le Linn ár nÓige [1938] (ar athláimh)

Ainm an iar-úinéara gearrtha amach. Leabhar crua. Tomás de Bhial a d’aistrigh ón mBéarla. Oifig Díolta Foillseacháin Rialtais. Riocht an-mhaith.

B’fhiú an Braon Fola (ar athláimh)

Séamas Ó Maoileoin. Clúdach crua. Forchlúdach plaisteach leis. Sáirséal agus Dill. An dara cló 1972.

Leabhair Scoile

Bunscoil

Meánscoil