Skip to content
Glaoigh orainn/Call us: +353 (0) 1 478 3814

I mBéal an Phobail

Prionta A4 – Sliogáin Mhara na hÉireann (Nine Arrow)

Prionta A4 le Nine Arrow de shliogáin mhara choitianta na hÉireann.

Míreanna Mearaí Adhmaid – Contaetha na hÉireann (Éire) Ildaite

Míreanna mearaí déanta as adhmaid. Contaetha na tíre ar bhlocanna beaga adhmaid, ar féidir iad a bhaint dá chéile nó a chur ar ais san áit cheart. Oiriúnach do pháistí in aois 5+.

Míreanna Mearaí Adhmaid – Amuigh Faoin Spéir

Seit blocanna beaga adhmaid ar féidir iad a chur le chéile nó a bhaint dá chéile.

Prionta A4 – Samhlaíocht | Carn leabhar (Nine Arrow)

Prionta A4 le NineArrow. Níl fráma leis. Tá cairtchlár tiubh taobh thiar de.

Thirty-Two Words for Field – Lost words of the Irish landscape

Saothar le Manchán Magan (i mBéarla) faoi théarmaí Gaeilge.

Prionta A4 – Aibítir | Cló Gaelach (Nine Arrow)

Prionta A4: an aibítir sa chló Gaelach, deartha ag Nine Arrow. Níl fráma leis.

Míreanna Mearaí Adhmaid – Cruimhíní

Míreanna mearaí adhmaid, cruimheanna beaga bídeacha! Aois 3+ Ó bholb go féileacán, bóín Dé agus beach – seo cuid de na cruimhíní a fheictear sa ghairdín.

That Place we Call Home

Leabhar Béarla le John Creedon mar gheall ar logainmneacha na hÉireann.

Míreanna Mearaí Adhmaid – Ainmhithe Feirme

Is breá le feirmeoirí óga na Míreanna mearaí adhmaid. Is féidir feirm bheag a dheanamh leis an seacht n-ainmhí nó iad a chur le chéile mar aonad iomlán. Is bréagán iontach, láidir iad seo do lámha beaga agus do dhaoine ag foghlaim an teanga. Tá cuma alainn air leis!

An File Mícheál Ó Gaoithín – The Blasket Painter – Selected and Introduced by Maria Simonds-Gooding

Leabhar faoi sceitseanna agus obair phéinteála a rinne Mícheál ‘An File’ Ó Gaoithín.

Míreanna Mearaí Adhmaid – An Siopa – Uimhreacha

Míreanna mearaí adhmaid – sa siopa! Aois 3+

Míreanna Mearaí Cairtchláir A3 – Na Lochlainnaigh

Mireanna mearaí cairtchláír A3 a leiríonn cúrsaí taistil na lochlainnaigh

Míreanna Mearaí Adhmaid – Dathanna (Bogha Báistí/Tuar Ceatha)

Míreanna Mearaí Adhmaid: Dathanna (Bogha Báistí/Tuar Ceatha). Na dathanna atá san áireamh sa seit seo: dubh, bán, bándearg, donn, liath, corcra, gorm, glas, buí, oráiste agus dearg.

Míreanna Mearaí Adhmaid – Sa Bhaile

Seit blocanna adhmaid a thagann le chéile chun suíomh baile a chruthú, agus stór focal Gaeilge ar na blocanna. Déanta ag Alphabet Jigsaws.

**Réamhordú – Bealtaine 2024** Bran – Bréagán agus Leabhar i mBosca

Bréagán beag bog agus leabhar le chéile. Toisí an bhréagáin: 6x4x3 orlach. #SpraoiLeBran

Prionta A4 – Bród (NineArrow)

Prionta A4 le NineArrow.

Listen to the Land Speak – A journey into the Wisdom of what lies Beneath Us

Leabhar le húdar ‘Thirty-Two Words for Field’ agus ‘Tree Dogs, Banshee Fingers and other words for Nature’.

Irish Agricultural Production: The Historical Background (ar athláimh)

Raymond D. Crotty. University of Chicago, 1975. Leabhrán bog, riocht maith. Dath ídithe ar an chlúdach. Meirg ar na stáplaí.

Spanish Knights of Irish Origin Vol. II (ar athláimh)

Documents from Continental Archives. Curtha in eagar ag Micheline Walsh. Dublin Stationery Office for the Irish Manuscripts Commission, 1965. Clúdach crua gan fhorchlúdach, riocht an-mhaith. Imeall an chlúdaigh beagáinín caite. Píosa scríbhneoireachta ar an leathanach cheangal. Na leathanaigh dorcha ach an-ghlan.

The Irish Character in Print 1571 – 1923 (ar athláimh)

E. W. Lynam. Shannon Ireland, 1969. Clúdach bog, riocht maith. Smál ar an chlúdach agus dath an droma ídithe.

The Ireland of Sir Jonah Barrington (ar athláimh)

Selections from his Personal Sketches. Edited by Hugh Staples. University of Washington Press, 1968. Clúdach crua le forchlúdach, riocht an-mhaith.

Twenty-five Years in The Secret Service. The Recollections of a Spy. (ar athláimh)

Crua, 1974. Forchlúdach leis. Spotaí ar an imeall, smál beag ar an fhorchlúdaigh.

Gaoth Adtuaidh [crua, 1940] (ar athláimh)

Tomás de Bhial a d’aistrigh. Oifig an tSoláthair. Clúdach crua, gan clúdach deannaigh. Aistriúchán Gaeilge ar Wind from the North le Seosamh Ó Neill. Smál ar an chlúdach, dorchú ar an imeall ar barr. Marcanna ar na leathanaigh cheangail ach an bloc téacs i riocht an-mhaith.

Dormitio Virginis (ar athláimh)

Paolo Marletta a scríobh. Arna aistriú ag Máire Nic Mhaoláin. Coiscéim, 1985. Clúdach bog, riocht an-mhaith

Cogarnach Ár gCósta (ar athláimh)

Ger Ó Cíobháin. Maisithe ag Tom Roche. Cló Dhuibhne, an chéad chló 1979. Clúdach crua gan fhorchlúdach, riocht an-mhaith. Cúinní fíorbheagáinín caite. Bloc téacs an-ghlan.

Squaring With Reality (ar athláimh)

A Socialist View of the Nationalisties Questions. Antóin Ó Muircheartaigh. The Fulcrum Press. Leabhrán bog, riocht maith. Smál agus ruachan ar an chlúdach.

An tÉan Órdha agus Sídhe-Sgéalta Eile (ar athláimh)

Pádraig Ó Moghráin. Oifig an tSoláthair, 1945. Clúdach bog, rioch cuibheasach maith. Smál ar an chlúdach agus an droim stróicthe, an fuáil le feiceáil in áit. Bloc téacs an-ghlan.

Leon an Iarthair – Aistí ar Sheán Mac Héil (ar athláimh)

Curtha in eagar ag Áine Ní Cheannain. An Cló Chomhar Tta., 1983. Clúdach bog, riocht maith. Dath an droma ídithe agus smál ar an chlúdach. Ainm an iar-úinéara taobh istigh.

Hidden Ulster [1973] (ar athláimh)

Pádraig Ó Snodaigh. Clódhanna Teoranta, 1973. Leabhrán bog, riocht maith. Dath an droma ídithe, cúpla smál beag ar an chlúdach. Bloc téacs an-ghlan.

Irish at Home (ar athláimh)

Or Gaedhilg sa mBaile. Máire Ní Cheallacháin. The Educational Company Ireland, Ltd. Leabhrán bog, riocht cuibheasach maith. Smál agus scríbhneoireacht ar an chlúdach. Meirg ar na stáplaí. Spotaí ar na leathanaigh cheangail, agus dorchú ar na leathanaigh.

Laochra na Machairí (ar athláimh)

Annraoi Ó Liatháin. Sáirséal agus Dill, an chéad chló 1958. Clúdach bog, riocht maith. Beagáinín deannaigh agus smál ar an chlúdach, dath ídithe in áiteanna. Na leathanaigh dorcha ach an-ghlan.

Treasa Bheag don Aos Óg – Histoire de Ste Thérèse de l’enfant-Jésus (ar athláimh)

Clúdach crua, forchlúdach leis. Riocht an-mhaith. Léaráidí dubh agus bán.

Géarchéim na Gaeilge (ar athláimh)

Conradh na Gaeilge, Clódhanna Teoranta. 1976. Leabhrán bog, riocht maith. Ruachan ar an chlúdach, ainm an iar-úinéir scríofa taobh istigh.

Cell 202 (ar athláimh)

Lewis E. Lawes. Rich & Cowan, Ltd., 1936. Clúdach crua gan fhorchlúdach, riocht maith. Clúdach caite ar na himill, cúinní brúite agus dath ídithe in áiteanna. Smáil air. Na leathanaigh dorcha ach an-ghlan. Spotaí ar an taobh.

An tSraith Dhá Tógáil (ar athláimh)

Máirtín Ó Cadhain. Sáirséal agus Dill. An chéad chló 1970. Cnuasach gearrscéalta le Máirtín Ó Cadhain. Clúdach crua, forchlúdach plaisteach leis. Riocht an-mhaith. Spotaí ar an imeall uachtarach.

Living Dangerously (ar athláimh)

A memoir of poilitical change in Malawi. Pádraig Ó Máille. Dudu Nsomba Publications Glasgow, 1999. Clúdach bog, riocht an-mhaith. Sínithe ag an údar taobh istigh.

Eachtraidheacht (ar athláimh)

Riocht an-mhaith. Ainm an iar-úinéara istigh ar an leathanach ceangail. Nótaí breactha le peann luaidhe ar chuid de na leathanaigh.

Leabhair Scoile

Bunscoil

Meánscoil